Ceisteanna le cur faoi shábháilteacht aerthaistil

Agus ocht gcinn de thubaistí tar éis tarlú le heitleáin mhóra paisinéirí le bliain agus beagán lena cois, tá ceisteanna le cur faoi shábhailteacht aerthaistil

Screen Shot 2015-03-25 at 13.59.09

Seachas uafás na tubaiste féin, is é an rud ba mhó a bhain siar asam faoi thuairt eitilt 4U 9525 de chuid na haerlíne Germanwings in oirdheisceart na Fraince inné ná tagairt i gceann de na tuairiscí faoin eachtra don suíomh Flightradar24 (NASC: www.flightradar24.com)

Suíomh é seo gur féidir le duine eitilt ar bith ar domhan a leanúint ann, beo, bunaithe ar eolas ó chórais radair na cruinne.

Bainim féin úsáid as go rialta nuair a bhíonn gaol nó cara liom ar eitleán. Tabhair planespotter orm más maith leat, ach ar a laghad ar bith bíonn a fhios agam go baileach cén t-am ar fhág a n-eitleán an t-aerfort imeachta agus cén t-am go díreach, dá réir sin, a mbainfidh siad ceann scríbe amach.

Ach bíonn faitíos orm uair ar bith a bhainim úsáid as Flightradar24.

Is leor líon ollmhór na n-eitleán beaga buí féin chun an croí a chur trasna ar dhuine. Bíonn oiread acu le feiceáil ag an am céanna go gclúdaíonn siad léarscáil na hEorpa ar fad. Ach bíonn eagla an domhain orm go n-imeodh an t-eitleán beag buí atá á leanúint agamsa ón scáileán.

Ní tharlódh sé sin, a deirim liom féin, agus fiú dá dtarlódh, ní léireodh an suíomh é. Shamhlaigh mé, ar chúis éigin, nach dtaispeánfadh suíomh idirlín tubaiste agus é ag tarlú, beo. Cén speabhraídí a bhí orm?

Ó inné, tá a fhios agam go léiríonn Flightradar24 – agus suíomhanna cosúil leis – gach céim de thuras an eitleáin, fiú má thagann deireadh leis an turas ar shliabh. De réir tuairiscí sna nuachtáin inné, bhí sé le feiceáil go soiléir ar Flightradar24 gur thosaigh eitilt 4U 9525 ag ísliú ag 10:31, gur ísligh sí 31,000 troigh laistigh de naoi nóiméad agus gur imigh sí ó na córais radair ag 10:40.

Dá mbeadh an t-eitleán beag buí sin á leanúint ar do scáileán agat, bheadh gach rud feicthe agat. Ní dhéantar aon chinsireacht ar shonraí radair, is léir.

Chuirfeadh sé duine ag machnamh.

Le bliain agus beagán lena cois, tá ocht gcinn de thubaistí tar éis tarlú le heitleáin mhóra paisinéirí. D’imigh eitilt MH370 de chuid Malaysian Airlines ar iarraidh ar an 8 Márta 2014. Ar an 17 Iúil, thuairt eitleán de chuid na haerlíne céanna go talamh os cionn oirthear na hÚcráine. Sé lá ina dhiaidh sin, thuairt eitleán de chuid TransAsia Airways go talamh sa Téaváin agus lá ina dhiaidh sin arís thit eitleán de chuid Air Algerie as an spéir i Maili. Thuairt eitleán de chuid Sepahan Airlines na hIaráine gar d’aerfort Tehran ar an 10 Lúnasa; ar an lá ceannann céanna, chríochnaigh eitilt de chuid AirAsia i bhfarraigí na hIndinéise agus í ar a bealach ó Surabaya go Singeapór. Thuairt eitleán eile de chuid TransAsia Airlines go talamh sa Téaváin ar 4 Feabhra na bliana seo, agus, mar is eol dúinn, bhain tubaiste d’Airbus A320 de chuid Germanwings in oirdheisceart na Fraince inné.

1,095 líon iomlán na marbh sna tubaistí seo.

Ar ndóigh, bhí a chúis féin ag gach ceann de na tubaistí seo, ach ardaíonn a lán ceisteanna faoi shábháilteacht aerthaistil sa lá atá inniu ann. Agus aerlínte ar a míle dícheall costais a ghearradh, an bhfuil beatha na bpaisinéirí agus na gcriúnna á cur i mbaol?

Idir an dá linn, seans nach mbeidh mé ag breathnú ar Flightradar24 feasta gach uair dá mbíonn gaol nó cara liom ar bhord eitleáin.

Fág freagra ar 'Ceisteanna le cur faoi shábháilteacht aerthaistil'

  • Críostóir Ó Faoláin

    Cé gur droch bliain a bhí ann anuraidh, is léir go bhfuil líon na dtimpistí agus líon na ndaoine atá básaithe ag dul i laghd i rith an ama. https://www.planecrashinfo.com/cause.htm