Ceisteanna go leor gan freagairt i dtaobh Drew Harris

Tá ceisteanna móra ann faoi Drew Harris, Coimisinéir nua an Gharda Síochána, ach tá an Rialtas ina dtost mar gheall orthu

Ceisteanna go leor gan freagairt i dtaobh Drew Harris

San Éire aontaithe a bheas ann sa todhchaí beidh áit thábhachtach ann don phobal Protastúnach ó thuaidh ar Aontachtóirí den chuid is mó iad faoi láthair. Beidh postanna ag daoine den phobal sin, ina measc daoine a bhíodh ag obair san RUC nó sa PSNI.

Ar an gcéad fhéachaint, déarfá go bhfuil ceapachán Drew Harris mar Choimisinéir an Gharda Síochána i dtiúin leis an dearcadh sin.

Ach tá ceisteanna móra tromchúiseacha ann faoi Drew Harris agus líomhaintí déanta ina choinne go raibh baint mhór leanúnach aige le polaitiú na póilíneachta. Ceisteanna iad seo nach bhfuil aon fhreagra sásúil tugtha orthu ag Harris féin nó acu siúd a cheap mar Choimisinéir é.

Tá cur síos cuimsitheach ar Harris, a chuid cáilíochtaí is a thaithí mar phóilín curtha ar fáil cheana ar Tuairisc.ie ag Póilín Ní Chiaráin, agus thagair sí do chuid den chonspóid a bhaineann leis. Ach níl aon amhras ach go gcuirfidh an ceapachán seo fearg mhór ar ghaolta daoine a mharaigh an Glennane Gang, drong dílseoirí a mharaigh Caitlicigh is eile le cúnamh ó dhaoine san RUC agus san UDR.

Mharaigh an drong seo na scórtha daoine, agus ba iad a bhí freagrach chomh maith as na buamálacha i mBaile Átha Cliath agus i Muineachán, mar aon leis an ionsaí ar an Miami Showband.

Dúirt Stephen Travers, ball den Miami Showband a tháinig slán ón slad, go raibh ceapachán Harris ar nós sionnach a chur i bhfeighil chró na gcearc. Bhí sé ag tagairt don bhaint a bhí ag Harris agus a chomhghleacaithe lena chinntiú go ligfí an Glennane Gang i ndearmad.

Is é an rud a tharla ná gur bhunaigh rialtas na Breataine in 2005 Foireann na bhFiosruithe Stairiúla (HET) le breathnú ar na cásanna a rabhthas in amhras go raibh baint ag fórsaí an stáit leo.

Bhí an fhoireann sin le bheith neamhspleách, ach in 2010 chuir Harris neamhspleáchas an HET ar leataobh agus ghlac cúram an HET isteach i Rannóg na nOibríochtaí Coiriúlachta a raibh sé féin i gceannas uirthi.

Bhain sé d’oifigigh an HET an cead fiosruithe a dhéanamh agus cead daoine a ghabháil agus a cheistiú.  Agus scríobh sé litir go dtí na gaolta ag rá nach ndéanfaí aon fhiosrú faoi chomhoibriú fhórsaí an stáit leis na dúnmharfóirí.

Thóg na gaolta cás go dtí na cúirteanna agus i mí Iúil na bliana seo caite, 2017, rialaigh an Breitheamh Treacey san Ard-Chúirt i mBéal Feirste gur bhain Harris mí-úsáid as cuimse as a chuid údaráis trí iarracht a dhéanamh baill den RUC a chosaint ó fhiosrú.

Dúirt gaolta na n-íospartach ansin gur chóir do Harris éirí as. Ach níor éirigh, agus tá sé anois ina Choimisinéir ar an nGarda Síochána.

Ní leis an stair a bhaineann rialú sin na hArd-Chúirte i mBéal Feirste, ach níl aon tagairt déanta ag an Rialtas ó dheas don chás cúirte sin. An raibh sé mar chuid den phlé faoi cheapachán Harris agus mura raibh, cén fáth nach raibh?

Tá an cheist mhór sin gan freagairt go fóill.

Ceist eile faoi Harris ná a ról mar fhear idirghabhála thar ceann an PSNI le MI5, an eagraíocht faisnéise sa Bhreatain.

Mar Choimisinéir tá Harris i gceannas ar chúrsaí slándála an stáit ó dheas, ach níl aon gheallúint tugtha go bhfuil deireadh lena chaidreamh le MI5, rud atá ina ábhar buartha do roinnt comhaltaí den Gharda Síochána.

Sa gcomhthéacs sin dúirt an t-iar-ardcheannfort John O’Brien gur baineadh preab as nuair a ceapadh Harris. ‘Is ceart bunúsach d’aon stát a bheith i gceannas ar a shlándáil féin, agus níor chuala mé riamh faoi stát a thabharfadh an cúram sin do dhuine ón taobh amuigh,’ arsa O’Brien.

Dúirt sé go raibh sé buartha go háirithe faoi chásanna a bhaineann le hoidhreacht na dtrioblóidí agus faoi shlándáil an stáit.

Anuas air sin ar fad, tá ról Harris maidir le Gerry Adams a ghabháil le linn toghcháin chun go gceisteofaí é, mar dhea, faoi dhúnmharú Jean McConville.

Thuill an eachtra mórchuid poiblíochta agus níor cuireadh aon cheist ar Adams, a bhí ina uachtarán ar Shinn Féin ag an am, faoi dhúnmharú Jean McConville.

Dúirt Sinn Féin ag an am gurbh í an phóilíneacht pholaitiúil agus an phoiblíocht a bhaineann léi a bhí i gceist. Ag tagairt do cheapachán nua Harris, dúirt uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald, go raibh súil aici nach mbéarfadh Harris leis ‘sean-nimh’ an RUC isteach sa Gharda Síochána.

Níor thug an rialtas aon mhíniú faoi cén fáth gur tugadh an chluas bhodhar do na ceisteanna seo faoi Harris, ach cháin siad McDonald as an leathcháineadh a rinne sí ar an gCoimisinéir nua.

Ach ní ceisteanna gan bhunús iad seo, agus níor mhór míniú a fháil ón Rialtas faoin scéal.  Drochlá don Gharda Síochána a bhí ann nuair a ceapadh Drew Harris.

Fág freagra ar 'Ceisteanna go leor gan freagairt i dtaobh Drew Harris'