Ceisteanna freagartha agus ceisteanna le cur faoin gcraobh aisteach seo…

Caitheann ár gcolúnaí súil siar ar chuid de na ceachtanna atá foghlamtha cheana againn faoi chraobh iomána 2020 agus féachann sé leis ar chluichí móra an deireadh seachtaine seo

Ceisteanna freagartha agus ceisteanna le cur faoin gcraobh aisteach seo…

Imreoir Luimnigh, Aaron Gillane. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Agus mé ag féachaint ar chluichí iomána an deireadh seachtaine seo a d’imigh tharainn tháinig cúpla smaoineamh agus ceist fhánach.

1. Beidh se níos éasca ag na réiteoirí gan lucht féachana claonta a bheith i láthair agus iad ag liúrach agus ag béicigh mar gheall ar gach leathghreamú a bhfuil leath-amhras ann faoi.

2. Míbhuntáiste do na himreoirí gan aon mhórliú a bheith ann nuair a fhaightear scór nó nuair a dhéantar mórghaisce.

3. Go ginearálta, is cinnte gur míbhuntáiste é gan aon lucht tacaíochta a bheith sa staid agus an t-imreoir d’uireasa an spreagadh a thugann an slua dó.

4. D’éirigh leis an gceathairéad a bhí ag tógaint na bpocanna saora sa dá chluiche mór 0-42 a fháil idir an ceathrar acu ó na pocanna sin, pocanna 65 méadar san áireamh. Tá sé soiléir go bhfuil an-seans go gcaillfidh an fhoireann is mó a ghéilleann saorphocanna.

5. An bhfuil an sliotar ró-éadrom? Sea tá a fhios agam faoi na himreoirí a bheith níos láidre de bharr na traenála nirt agus aclaíochta. Agus tá níos mó eolaíochta ag baint leis an gcamán ach b’fhéidir go bhfuil sé in am do shliotar níos troime.

6. An raibh sé deacair an sliotar buí a fheiceáil in amanna ar an teilifís?

7. An bhfuil sé róluath a rá gurb é captaen Luimnigh Declan Hannon a ardóidh Corn Liam Mhic Cárthaigh mí na Nollag? Beidh a thuilleadh fianaise amárach againn, a deir tú.

Pé scéal é, leanann an comórtas craoibhe ar aghaidh um thráthnóna nuair a imreofar an chéad chluiche leathcheannais i gcraobh na Mumhan, idir Corcaigh agus Port Láirge. Tá sé dhá bhliain ó bhuaigh Port Láirge cluiche craoibhe. Bhí mí-ádh ceart orthu in 2018, idir imreoirí gortaithe agus droch-chinntí lucht riaracháin.

Anuraidh chríochnaíodar ag bun a roinne i gcúige Mumhan. Fuaireadar réidh leis an mbainisteoir, Padraic Fanning, nach raibh leo ach aon bhliain amháin agus leagadar an cúram ar Liam Cahill Thiobraid Árann.

Rinne Cahill a ghortghlanadh féin nuair a fuair sé réidh le roinnt imreoirí ón bpainéal, Noel Connors agus Maurice Shanahan, beirt an-aitheanta, ina measc. Tríd is tríd bhí an fhoireann maith go leor sna cluichí luatha sraithe, ach is sórt nua séasúir é seo agus gan Páraic Mahony, a gortaíodh le déanaí, beidh siad faoi bhrú i gcoinne Chorcaí.
Tá sé thar a bheith deacair aon tuar oilte tomhaiste a dhéanamh faoin gcluiche seo mar nach bhfuil an dá fhoireann feicthe againn ag imirt ó mhí an Mhárta.

Ó tharla go raibh craobh Phort Láirge críochnaithe cúpla seachtain roimh cheann Chorcaí, caithfidh go bhfuil níos mó ‘oibre’déanta ag na Déise agus is cinnte gur buntáiste é sin ach fós ceapaim go bhfuil an fhoireann is fearr ag Corcaigh agus go mbeidh an bua acu.

Maidir le cluiche an Domhnaigh sa Mhumhain, bhuel tá Luimneach feicthe againn agus léirigh siad a mianach go soiléir sa dara leath seachtain ó shin. Ach ba iad Tiobraid Árann seaimpíní na hÉireann in 2019 agus ní ghéillfidh siad aon ní go bog. Ach buntáiste mór ag Luimneach é cluiche a bheith imeartha cheana acu agus déarfainn gur acusan a bheidh an lá. Caithfidh go bhfuil coimhlint iontach i ndán dúinn i gCúige Laighean idir an Ghaillimh agus Loch Garman. Bhí sraithchomórtas réasúnta ag an dá chontae ach séasúr nua ar fad é seo agus seaimpíní 2019 Loch Garman i gcoinne sheaimpíní 2018 agus 2017. Beidh cath ceart anseo cinnte.

Ní bheidh mórán eatarthu measaim ach má bhíonn Joe Canning i mbarr a mhaitheasa, b’fhéidir go mbeidh an lá le Gaillimh.

Sa chluiche eile idir Áth Cliath agus Cill Chainnigh tá sé de bhuntáiste ag imreoirí na hardchathrach go bhfuil cluiche craoibhe imeartha acu, ach ní dóigh go gcuirfeadh sé sin isteach ar aon fhoireann atá faoi bhainistíocht Bhrian Cody. Thaispeáin TJ Reid agus Colin Fennelly go raibh siad ag imirt ar fheabhas i rith fheachtas an gclubanna. Tá dóthain taithí, nirt agus imreoirí cumasacha ag na Cait chun an beart a dhéanamh agus bheadh an-ionadh orm mura mbuafadh siad an ceann seo éasca go leor.

Fág freagra ar 'Ceisteanna freagartha agus ceisteanna le cur faoin gcraobh aisteach seo…'