Ceisteanna faoi Tuairisc.ie ar scrúdú scóipiúil Gaeilge a mbeadh Aindí na hArdteiste sásta leis

Deir ár gcolúnaí, ar múinteoir Gaeilge é, go raibh rogha fhairsing ar Pháipéar Gaeilge 1 den Ardteistiméaracht agus nach raibh aon rud ann a thiocfadh aniar aduaidh ar na scoláirí

90370689
Bhí ceist na ndrugaí á cíoradh ar pháipéar na bliana seo. Pictiúr: Photocall Ireland

An Ghaeilge, Ardleibhéal (Páipéar 1)

Luadh muintir an tí seo sa chluastuiscint ar Pháipéar Gaeilge 1 na hArdteistiméarachta tráthnóna agus i measc na gceisteanna a cuireadh, bhí cén fáth a bhfuilimid lonnaithe i mBearna? Ceist fhealsúnach má bhí ceann riamh ann.

Bhí rogha fhairsing ar an bpáipéar gnáthleibhéil chomh maith. Dhá thús scéil, ceann ag baint le téacs gutháin agus eachtra le Garda. Cúrsaí ospidéil agus ceolchoirme ba ea ábhar na litreacha. Torthaí ardteiste agus comhrá le cara tar éis an tsamhraidh ba ea na roghanna don comhrá.

Thug scolairí na hardteiste faoin gcéad pháipéar ardleibhéal Gaeilge inniu agus cé go raibh cuid de thopaicí na ceapadóireachta cinéal seanchaite, ba pháipéar indéanta a bhí ann, go mórmhór don scoláire a raibh ullmhúchán déanta aige agus a dhein an phleanáil chuí sa scrúdú.

Bhí rogha fhairsing ann agus ní dóigh liom gur tháinig aon teideal go hiomlán aniar aduaidh ar na scoláirí. Deinim amach go raibh Aindí na hArdteiste ar mhuin na muice agus go raibh sé ag scríobh ar luas lasrach.

Tá Páipéar 1 dhá uair an chloig agus 20 nóiméad ar fhad agus nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil an chluastuiscint beagán sa bhreis ar 20 nóiméad, tá isteach is amach le dhá uair an chloig ag na scoláirí idir 500 – 600 focal a scríobh.

Níl aon easpa ama sa chuid seo den scrúdú Gaeilge agus níl aon easpa roghanna ach an oiread, mar a bhfuil deis ag na scoláirí roghnú as naoi dtopaic dhifriúil agus sé chinéal/stíl scríbhneoireachta difriúil.

Sa chéad rannnóg (Aiste nó Alt Nuachtán/Iris) bhí cúig thopaic, ‘Alcól agus drugaí – fadbhanna móra in Éirinn’ agus ‘Staid na Gaeilge faoi láthair ina measc. Bhí gach ceann acu intuigthe, ginearálta, scóipúil.

Ní raibh rannóg an scéil casta ach an oiread le rogha idir an teideal Bród agus an seanfhocal intuighte (agus saghas seanchaite) ‘Is glas iad na cnoic i bhfad uainn’ mar ábhar inspioráide acu. Táim cinnte gur thug Aindí faoin gceann sin.

Ó thaobh na hóráide/díospóireachta, bhí rogha idir topaicí an oideachais agus ceist na mban in Éirinn.

Thug scoláirí an Teastas Shóisearaigh faoin scrúdú Gaeilge an tseachtain seo caite. Bhí léamhthuiscintí ar an amhránaí óg Lorde agus Oireachtas na Gaeilge le hionramháil acu.

Bhí ceist amháin ar an dá ábhar (úire cheol Lorde agus sofaisticiúlacht an Oireachtais) a chothaigh roinnt míshuaimhnis ach tríd is tríd, ba pháipéir indéanta a bhí iontu.

Ó thaobh na ceapadóireachta, bhí roghanna acu tabhairt faoin Tríú Domhan, Réalta Spóirt nó Sobalchláir.

Fág freagra ar 'Ceisteanna faoi Tuairisc.ie ar scrúdú scóipiúil Gaeilge a mbeadh Aindí na hArdteiste sásta leis'