Ceisteanna crua le cur athuair sa dara babhta den tsraith

Tá sé luath sa bhliain go fóill ach ní haon dochar é am ar bith nós an bhua a chruthú agus a chothú

Ceisteanna crua le cur athuair sa dara babhta den tsraith

Bainisteoir Thiobraid Árann, Liam Sheedy. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

‘Anois teacht an Earraigh beidh an lá dul chun síneadh, is tar éis na Féile Bríde ardóidh mé mo sheol’ a deir Raifteirí sa dán a d’fhoghlaíomar ar scoil blianta ó shin. 

Bhuel, tá Lá Fhéile Bríde linn agus an dara babhta de chluichí sraithe ar siúl an deireadh seachtaine seo.

Cuireadh tús bríomhar le cúrsaí seachtain ó shin leis an gcluiche suimiúil i nDurlas Éile áit go raibh an fhoireann bhaile go mór in uachtar sa chéad leath agus a mhalairt de scéal ar fad againn sa dara leath nuair a tháinig Luimneach ar ais diaidh ar ndiaidh chun an bhearna deich gcúilín a iamh agus bua iontach a fháil. Agus ansin Dé Domhnaigh, bhí an sliotar san eangach dhá uair ag Corcaigh taobh istigh de thrí nóiméad i gcoinne Phort Láirge agus cuma dhíomách go leor ar chúrsaí do bhainisteoir nua na nDéise, Liam Cahill. Ach le cabhair thaispeántais fhuinniúla agus cúilíní iontacha, go háirithe ós na deartháireacha Bennett, d’éirigh le Port Láirge smacht a fháil ar an imirt agus bhí an lá leo. Bhí an bua seo thar a bheith tábhachtach d’fhoireann sórt nua seo na nDéise agus don fhoireann bhainistíochta nua. Beidh siad san Iarmhí amárach agus iad lán le muinín.

Is dócha nach mór an seans a bhí ann go mbuafadh an Iarmhí i gcoinne na Gaillimhe an Domhnach seo caite, ach pé seans a bhí acu d’imigh sé nuair a cuireadh an leathchúlaí láir Aonghus Clarke den pháirc roimh leath ama. Dá bharr sin, is deacair léamh a dhéanamh orthu. Fanfaimid go dtí amárach.

Ar an dul céanna is deacair breithiúnas cruinn a thabhairt ar an nGaillimh. Léirigh Joe Canning go bhfuil sé chomh maith is a bhí tar éis dó briseadh fada agus gortú a chur de. Amárach cuirfear ceisteanna crua orthu agus iad i bPáirc na nGael i Luimneach. Tabharfaidh an cluiche seo léargas dúinn ar cá seasann an dá fhoireann i láthair na huaire. Tá aithne mhaith ag fear Luimnigh agus bainisteoir nua na Gaillimhe Shane O’Neill ar fhreasúra an lae amárach. Bunaithe ar fhianaise an dá chluiche a imríodh seachtain ó shin caithfidh go bhfuil an buntáiste ag Luimneach, ach neosfaidh an aimsir.

Thug Cill Chainnigh rabhadh dúinn go mbeidh siad gar go leor do lár an aonaigh arís níos déanaí i mbliana. Ach caithfear ceisteanna a chur faoi staid na hiománaíochta i mBleá Cliath arís i mbliana. Tá a fhios agam go bhfuil sé luath sa bhliain, ach bhí an easpa spioraid agus díocais soiléir.Tiocfaidh Laois chucu amárach agus iad sásta go leor leis an taispeántas a thugadar i gcoinne Loch Garman ar an Satharn.

Cuirfear an-fháilte freisin amárach i gCeatharlach roimh Chill Chainnigh agus tá súil agam go dtabharfaidh an fhoireann bhaile a ndúshlán ar chuma éigin.

Ní bheidh aon imreoirí ag cúbadh chucu féin i bPáirc Loch Garman mar a mbeidh contae an Chláir ar cuairt i ndiaidh lóin amárach. Deirtear nach bhfuil mórán cairdis idir na seanchomrádaithe Brian Lohan agus Davy Fitzgerald agus déarfainn nach mbeidh ceachtar díobh sásta géilleadh.

Anocht i bPáirc nualeagtha (arís) Uí Chaoimh beidh cluiche tábhachtach go leor agus Tiobraid Árann ag teacht ar cuairt. Beidh an dá chontae lándáiríre faoin mbua a fháil sa chluiche seo. Ní dóigh go raibh an dá bhainisteoir róshásta le torthaí a gcéad cluiche, bíonn cead maíte i gceist i gcónaí nuair a chastar sean-naimhde ar a chéile.

Sea tá sé luath sa bhliain go fóill ach ní haon dochar é am ar bith nós an bhua a chruthú agus a chothú.

Fág freagra ar 'Ceisteanna crua le cur athuair sa dara babhta den tsraith'