Ceist thoghchán Údarás na Gaeltachta ‘socraithe’ mar sin atá ‘de dhíth’ ar an bpobal

Dúirt Sinn Féin sa Dáil go bhfuil muintir na Gaeltachta ag iarraidh go dtabharfaí ar ais toghchán an Údaráis agus gur chóir sin a dhéanamh láithreach, ach dúirt Aire Stáit na Gaeltachta gur gá tuairimí an phobail a fháil ar dtús

Ceist thoghchán Údarás na Gaeltachta ‘socraithe’ mar sin atá ‘de dhíth’ ar an bpobal

Tá an cheist faoi thoghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais “socraithe” mar go bhfuil muintir na Gaeltachta ar a son, a dúradh sa Dáil ar maidin.

Urlabhraí airgeadais Shinn Féin, Pearse Doherty, a mhaígh an méid sin agus ceisteanna á gcur aige féin agus a chomhghleacaí Mairéad Farrell ar Aire Stáit na Gaeltachta faoi ghealltanas an Rialtais go ndéanfaí athbhreithniú ar chás an toghcháin.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers nach raibh aon chinneadh déanta ag an Rialtas go fóill faoin leagan amach a bheadh ar bhord an Údaráis agus nach ndéanfaí aon chinneadh go dtí go mbeadh próiseas comhairliúcháin curtha i gcrích. Beidh an próiseas comhairliúcháin phoiblí á fhógairt go “ríghairid” a dúirt sé, in ainneoin gur theip ar dhá iarracht teacht ar chomhairleoirí chun an t-athbhreithniú a dhéanamh.

Dúirt an tAire Stáit gurb í a thuairim féin go bhféadfadh Bord an Údaráis a bheith “níos gaire fós do na pobail Ghaeltachta a n-oibríonn sé dóibh”.

Bheadh sé féin sásta le toghchán “mar chuid den phróiseas rialachais”, a dúirt sé.

Bhí sé “an-tábhachtach”, áfach, go bhfaighfí “tuairimí agus moltaí” an phobail i leith an scéil ar dtús.

Ach dúirt Pearse Doherty gur chóir an toghchán ar cuireadh deireadh leis in 2012 a thabhairt ar ais láithreach.

“Seo an dara huair nár chuir aon duine isteach ar chomórtas le hathbhreithniú [a dhéanamh] ar Údarás na Gaeltachta agus caithfimid bogadh ar aghaidh. Seo deich mbliana ó rinneadh an scoilt idir muintir na Gaeltachta agus an Bord atá ag feidhmiú ar son na Gaeltachta,” arsa Pearse Doherty, an Teachta Dála de chuid Shinn Féin as Gaeltacht Dhún na nGall.

“Ó tharla sé nach bhfuil duine ar bith ann le hathbhreithniú a dhéanamh ar thoghchán Údarás na Gaeltachta cad é an plean atá ag an Rialtas anois? Níl dabht ar bith faoi, is ceist daonlathais í seo agus i mo thuairimse agus i dtuairim Shinn Féin, níl athbhreithniú de dhíth.

“Go simplí, caithfidh an Rialtas na toghcháin seo a chur ar bun arís agus é a dhéanamh lom láithreach. Céim siar a bhí sa chinneadh fáil réidh leis na toghcháin in 2012 agus cailleadh an nasc sin idir lucht vótála na Gaeltachta agus na daoine a dhéanann na cinntí.”

Dúirt Mairéad Farrell, an Teachta Dála de chuid Shinn Féin as Gaillimh, gur “cinneadh mí-dhaonlathach” a bhí ann fáil réidh leis an dtoghchán.

Dúirt Mairéad Farrell gur gheall an Taoiseach Micheál Martin go raibh sé “tiomanta go hiomlán” don toghchán a thabhairt ar ais, ach bhí sí “fíorbhuartha” go mbeadh an cheist “á brú siar agus siar”.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, go raibh “an-díomá” air gur theip ar an dá iarracht a rinneadh go dtí seo teacht ar chomhairleoirí chun athbhreithniú a dhéanamh ar cheist thoghchán Údarás na Gaeltachta agus struchtúr an Bhoird.

Dúirt Chambers go ndéanfaí iarracht eile teacht ar chomhairleoirí seachtracha chun anailís a dhéanamh ar thorthaí an phróisis chomhairliúcháin. Bhí rogha eile ann chomh maith – labhairt go díreach le hinstitiúidí agus comhlachtaí faoin obair a dhéanamh nó an obair a dhéanamh “taobh istigh den státchóras féin”.

Foilseoidh Roinn na Gaeltachta go luath plécháipéis faoina bhfuil i ndán don bhord agus lorgófar moltaí agus aighneachtaí an phobail fúithi.

Nuair a bheidh na haighneachtaí sin faighte ag an Roinn déanfar iad a aistriú go Béarla agus súil acu comhlacht comhairleoireachta a bheith ceaptha acu faoin tráth sin chun anailís neamhspleách a dhéanamh orthu.

Chuir Acht na Gaeltachta 2012 deireadh le toghchán phobal na Gaeltachta ach gealladh i gclár an rialtais go bhféachfaí ar an gceist arís.

Nuair a cuireadh deireadh le toghchán an Údaráis faoi Acht na Gaeltachta 2012 laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Is é Aire na Gaeltachta a cheapann seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, agus ainmníonn na comhairlí contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse cúigear comhaltaí eile.

In agallamh le Tuairisc.ie roimh an olltoghchán deireanach, gheall ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go dtabharfadh sé ar ais toghchán an Údaráis dá mbeadh sé ina Thaoiseach, ach níor tháinig an gealltanas sin slán sna comhráite maidir le bunú an chomhrialtais.

Gealladh sa Chlár Rialtais a d’aontaigh Fianna Fáil le Fine Gael agus an Comhaontas Glas go ndéanfaí athbhreithniú ar struchtúr rialachais an Údaráis agus ar an gcinneadh deireadh a chur leis an toghchán.

Fág freagra ar 'Ceist thoghchán Údarás na Gaeltachta ‘socraithe’ mar sin atá ‘de dhíth’ ar an bpobal'

  • DAL

    Cén uair a cuireadh ceist ar mhuintir na Gaeltachta?

  • Pól Ó Braoin

    Cén fáth a gcaithfear na haighneachtaí a aistriú go béarla chomh sciobtha sin nuair is toghchán phobal labhartha na Gaeilge atá i gceist?
    Tugaim faoi deara gur fada an mhoill a bhíonn ann ábhar ar bith a aistriú go Gaeilge dúinne…

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ‘Nuair a bheidh na haighneachtaí sin faighte ag an Roinn déanfar iad a aistriú go Béarla agus súil acu comhlacht comhairleoireachta a bheith ceaptha acu faoin tráth sin chun anailís neamhspleách a dhéanamh orthu.’

    Agus caidé a tharlóidh do na bunleaganacha Gaeilge de an haighneachtaí seo? Is olc an scéal é nach bhfuil an stáit seo ábalta ‘anailís neamhspleách’ a dhéanamh trí mheán na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta!!

    COINNÍOLL GAEILGE DON GHAELTACHT ANOIS!!

  • CC

    Mar a theastaigh ó mhuintir an Ghluaiseacht, mar a mhol sochtheangeolaithe, teastaíonn ón nGaeltacht – an pobal Gaeilge ann – córas féinriail de shaghas atá neamhspleách agus scartha óna Chomhairlí Contae.

    Cinneadh mí-dhaonlathach amach is amach a bhí ann fáil réidh le thoghchán an Údarás