Ceist na ngunnaí i SAM, an cheist nach bhfuil aon éalú uaithi

Ní den chéad uair tá ceist na ngunnaí á plé i SAM ach tá rud éigin difriúil faoin díospóireacht an babhta seo

Ceist na ngunnaí i SAM, an cheist nach bhfuil aon éalú uaithi

Tá an díospóireacht faoi ghunnaí sna Stáit Aontaithe tagtha chun cinn arís le gairid de thoradh na n-eachtraí lámhaigh in El Paso agus Dayton a d’fhág os cionn deich nduine fichead maraithe.

Ach tá rud éigin difriúil faoin díospóireacht an babhta seo. Sin go nglacann formhór mór de phobal na Stát Aontaithe leis gur beag a athróidh má athraíonn tada.

Go deimhin, tá an díospóireacht dírithe ar an Uachtarán Trump agus an méid a chuir sé féin leis an díospóireacht chiníoch naimhdeach a spreag ceann de na hionsaithe is déanaí.

Cé go ndeir Trump gur cheart reachtaíocht a rith lena chinntiú nach bhfaighidh daoine a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte greim ar ghunnaí, is beag suim atá á cur ina chuid cainte. Cén fáth? Mar go ndeir Trump go mbeidh ról iomlán ag an NRA (Cumann Náisiúnta na nGunnaí) in aon díospóireacht ar an ábhar. Agus deir an NRA nach bhfuil aon ghlacadh acu le srianta ar cheart bunreachtúil an duine arm a iompar.

Téann cultúr gunnaí na Stát Aontaithe siar go dtí aimsir an dara leasú ar an mbunreacht a ritheadh i 1791. Dearbhaíonn an leasú go dteastaíonn an ceart sin a bheith ag buíonta míleata ar mhaithe le slándáil an Stát. Tá cur agus cúiteamh riamh ó shin faoi chomh leathan agus atá an ceart sin i gcás an duine aonair agus an sainmhíniú is ceart a dhéanamh ar an leasú. Tráthúil go leor, sa gcomhthéacs reatha, tá súil arís go luath le ráiteas ón gCúirt Uachtarach a bhaineann le cearta arm a iompar.

Dúirt Breithiúna na Cúirte mí Eanáir seo caite go n-éistfí cás as Nua-Eabhrac inar chuir rialacha diana srian le hiompar gunnaí in áiteacha poiblí. Athraíodh rialacha an stáit ó shin ach má rialaíonn an chúirt an cás a éisteacht, bheadh súil le breithiúnas an bhliain seo chugainn i lár an fheachtais uachtaránachta.

Má chinneann an chúirt gan an cás as Nua-Eabhrac a éisteacht, tá cás eile as New Jersey a d’fhéadfadh a bheith chomh cinniúnach céanna maidir le cearta daoine gunnaí a iompar in áiteacha poiblí.

Tá New Jersey ar cheann de na seacht gcinn de Stát – California agus Nua-Eabhrac ina measc – a chuireann cosc ar dhaoine gunnaí a iompar in áit phoiblí. Ní mór do dhaoine i New Jersey ‘riachtanas a bhfuil údar maith leis’ a chruthú ionas go mbeidh cead acu gunna a iompar. Caighdeán é seo atá deacair a chruthú sa dlí, dar le saineolaithe.

Beidh an chúirt ag tabhairt aghaidh as seo go ceann roinnt míonna ar chás a bhaineann leis an taobh eile den argóint freisin. Tá teaghlaigh chuid de na páistí a maraíodh in Sandy Hook in Connecticut in 2012 ag iarraidh an dlí a chur ar an gcomhlacht armlóin, Remington Arms. Tá an comhlacht ag iarraidh an chosaint atá acu faoin dara leasú ar an mBunreacht a dhearbhú sa gCúirt Uachtarach.

Is fada lucht cearta gunnaí ag iarraidh a gcás a chur ar ais faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí. Níor tugadh aon bhreithiúnas ar an gceist ó 2010 sa gCúirt Uachtarach. Bheadh súil ag lucht cearta gunnaí go mbeifí níos báúla lena gcás ó tharla leithéidí Brett Kavanaugh agus Neil Gorsuch a bheith ceaptha ag an Uachtarán Trump chun na cúirte.

Má ghlacann an Chúirt leis na cásanna reatha – cás Nua-Eabhrac agus cás New Jersey – bheadh argóintí le cur faoina mbráid, meastar, i mí na Nollag agus súil le breithiúnas faoi mhí an Mheithimh.

Beidh na Stáit Aontaithe gafa le feachtas uachtaránachta nimhneach faoin tráth sin. An gcuirfidh sin cás na ngunnaí ar an gclár oibre? An mbeidh cearta gunnaí agus reachtaíocht le srian a chur ar na cearta sin á bplé ag na hiarrthóirí faoin tráth sin? D’fhéadfadh sin a bheith i lámha na Cúirte Uachtaraí.

Fág freagra ar 'Ceist na ngunnaí i SAM, an cheist nach bhfuil aon éalú uaithi'