Ceist na feamainne i gConamara níos casta ná corrán

An bhfuil an baol ann mura mbeidh an soláthar feamainne eagraithe nach dtiocfaidh bláth ar fhostaíocht bhreise i dtionscal na feamainne i gConamara?

Ceist na feamainne i gConamara níos casta ná corrán

Cá bhfaighfear an fheamainn?  Cén chaoi a dtabharfar an fheamainn sin chomh fada leis an monarcha ar Pháirc na Mara i gCill Chiaráin i gConamara?

Déarfadh daoine i gConamara nach raibh mórán eolais ag an té a chuir na ceisteanna sin ar obair chorráin.

Bheadh freagra sciobtha ar na ceisteanna ag duine a chleacht cladach agus cóstaí an iarthair.  Corrán sa gcladach, leoraí ar bóthar –  sin é a mhic ó!

Ón Rannóg Pleanála i gComhairle Chontae  na Gaillimhe a tháinig na ceisteanna.  Baineann siad leis an iarratas pleanála atá istigh ag Údarás na Gaeltachta ar fhorbairt Pháirc na Mara i gCill Chiaráin.  Tháinig 100 ceist uilig ón Rannóg Pleanála, an dá cheist sin san áireamh.  Baineann an péire sin leis an ionad feamainne atá ceaptha a bheith ar an bPáirc Mhara a bhfuiltear ag lorg cead pleanála di.

Beidh freagra le tabhairt ar na ceisteanna seo agus chuile sheans go mbeidh na freagraí níos casta ná corrán ach a mbeidh na saineolaithe réidh leo.  Ní dóigh go luafar corrán beag ná mór – b’fhéidir gur “a traditional semi-circular tool operated by hand to extract the raw material” an míniú a bheadh air sin dóibh.

Ach, lá níos faide anonn, beidh caint agus ceisteanna níos tromchúisí ná iad sin á gcur faoi leathnú thionscal na feamainne ar chóstaí an iarthair.

As na comhlachtaí atá ag plé leis an bhfeamainn bhuí san iarthar, is iad Arramara Teo – atá faoi úinéireacht Acadian Seaplants as Ceanada – an ceann is mó agus is láidre.  Ní rún ar bith é go raibh suim ag Acadian Seaplants i bhforbairtí eile a bheadh bunaithe ar an bhfeamainn, chomh maith leis an obair phróiseála i gCill Chiaráin i gConamara, nuair a cheannaigh siad Arramara Teo sé bliana ó shin.  Bhí cineálacha gallúnaí, smideadh, ábhar sláinte, leasú talún, beatha d’ainmhithe agus tuilleadh nach iad á lua ag an am.

Bhíothas ag caint ar a leithéid seo de bheart ar feadh na mblianta.  I leaba a bheith ag seoladh na feamainne amach go tíortha eile théis a triomaithe, tuige nach bhfaighfí tuilleadh tairbhe aisti gar do bhaile.

Ach, dúirt daoine sinsearacha in Acadian Seaplants go bhféadfadh fadhb a bheith níos gaire do bhaile i dtaobh na feamainne.  Chaithfeadh soláthair seasta a bheith ar fáil agus níor mhór, a dúradh, ‘bainistiú’ ceart a dhéanamh ar an bhfeamainn sa gcaoi agus nach mbeadh lag trá sa soláthair ó ham go chéile.  Tógann sé ceathair nó cúig de bhlianta sula mbíonn fad agus téagar sa bhfeamainn bhuí arís théis a bainte.

Chuaigh Arramara Teo. – faoi scáth Acadian Seaplants – i muinín Acht na gCladach, 1933 agus leasuithe a cuireadh ar an Acht sin ó shin.  Chuadar sa tóir ar cheadúnas ar chósta na Gaillimh agus Mhaigh Eo.  Rinne roinnt bheag dreamanna eile an rud céanna, cé nach raibh na limistéir a bhí i gceist acusan chomh mór le hiarratas Arramara.

Buaileadh an plean sin sa mullach nuair a shocraigh an tArd-Aighne go raibh ciall agus bunús leis na cearta bainte feamainne traidisiúnta a bhí á n-éileamh ag úinéirí talún cois cósta.   

Tá ceart bainte ag 2,400 tionónta agus é sin luaite ar a gcuid cáipéisí maoine.  Ansin, tá cearta neamhoifigiúla i bprionsabal ag na mílte eile.  I gcúpla focal, tá focal ar an gcuid is mó den chladach cheana féin.  Ní féidir ceadúnas a fháil.

Cá bhfágann sé seo Acadian Seaplants, comhlachtaí feamainne eile, bainteoirí feamainne agus cá bhfágann sé pleananna forbartha a d’fhéadfadh fostaíocht bhreise a chur ar fáil sa bpobal cois cósta i gConamara amach anseo?

Tá comhlachtaí ag baint na sála dá chéile anois – ceithre cinn acu – ag tóraíocht feamainne ar chóstaí Chonamara agus Mhaigh Eo.  Sa gcoimhlint uilig, tá an bua ag fir an chladaigh; tá an praghas ar fheamainn ardaithe le dhá bhliain ó €38 an tonna go dtí €55 an tonna. Bhí sé ráite go láidir ag Acadian Seaplants nach n-ardóidís an praghas ach tháinig an crú ar an tairne.

Agus céard atá romhainn ó thaobh forbairtí nua-aoiseacha, bealaí nua teicniúla agus taighde nua-aimseartha amach anseo?

Tagann cás Acadian Seaplants chun cinn arís.  Tá sé ráite go neamhbhalbh – in agallamh a thaifead mé féin leis – ag Jean Paul Deveau, ceannasaí Acadian Seaplants nach gcuirfidh an comhlacht sin aon airgead eile isteach i bhforbairt nua i gConamara nó go mbeidh cinnteacht ann faoi sholáthar dóthanach seasta feamainne.   De réir mar atáthar a rá, níl siad sásta ag an tráth seo gur féidir leo a dhul i mbannaí ar an gcinnteacht sin.

Ní bhíonn aon spáráil ag an gcladach ar an gcolainn. Tá obair chrua ag baint leis an bhfeamainn fiú agus go bhfuil roinnt faoisimh faighte ag bainteoirí de bharr deiseanna nua oibre.  Pingin ar bith atá siad a shaothrú, is maith an oidhe orthu é.

Bítear ag trácht ar an todhchaí ach tuigtear go maith  go bhfuiltear ag iarraidh an oiread agus is féidir a bhaint as an bhfeamainn fad agus atá praghas agus glaoch uirthi.  Murab é an t-eacnamaí mór le rá féin, John Maynard Keynes, a dúirt “in the long run we are all dead”.

Idir an dá linn, an bhfuil an baol ann, mura mbeidh cúrsaí soláthair  eagraithe, pé bealach a bhféadfaí é sin a dhéanamh, nach dtiocfaidh bláth ar tháirgí eile agus ar fhostaíocht bhreise i dtionscal na feamainne?

Ceist í seo atá níos casta ná corrán.

Fág freagra ar 'Ceist na feamainne i gConamara níos casta ná corrán'