Ceist faoin nGaeilge á héileamh don díospóireacht teilifíse dheireanach

Agus díomá ar chuid de na hiarrthóirí i dtoghchán na huachtaránachta nár cuireadh aon cheist faoin nGaeilge orthu le linn dhíospóireacht Virgin Media na hoíche aréir, tá éileamh déanta ag Conradh na Gaeilge go mbeadh a leithéid de cheist san áireamh sa díospóireacht teilifíse dheireanach

Ceist faoin nGaeilge á héileamh don díospóireacht teilifíse dheireanach

Pictiúr: Rolling News

Luadh in eireaball na díospóireachta uachtaránachta ar Virgin Media aréir an easpa plé a rinneadh faoin Ghaeilge, agus tá Conradh na Gaeilge ag éileamh anois go mbeadh an Ghaeilge i measc na n-ábhar cainte sa díospóireacht teilifíse dheireanach, a chraolfar ar Prime Time RTÉ Dé Máirt seo chugainn.

Níor cuireadh aon cheist ar na hiarrthóirí uachtaránachta maidir leis an Ghaeilge sa dá dhíospóireacht teilifíse atá craolta go dtí seo san fheachtas.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie ar maidin, dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, go raibh sé “thar a bheith tábhachtach” go gcluinfí tuairimí na n-iarrthóirí ar fad maidir leis an teanga le linn an fheachtais uachtaránachta agus go bhfuil éileamh á dhéanamh acu go mbeadh ceist na Gaeilge san áireamh sa díospóireacht teilifíse dheireanach.

Is í an t-iarrthóir de chuid Shinn Féin Liadh Ní Riada a tharraing aird an chraoltóra Pat Kenny ar an neamhshuim a cuireadh sa Ghaeilge i ndíospóireacht teilifíse na hoíche aréir.

Ba é Pat Kenny’s Big Debate an chéad chlár díospóireacht teilifíse a raibh na hiarrthóirí ar fad i láthair.

Dúirt Ní Riada, an Feisire Eorpach Gaeltachta go raibh sé “extraordinary” nár cuireadh aon cheist faoin Ghaeilge le linn na díospóireachta, tharla an Ghaeilge a bheith “lárnach don uachtaránacht”. D’aontaigh Micheál D Ó hUigínn leis an méid sin agus clabhsúr á chur ar an chlár.

Moladh Ní Riada ar na meáin shóisialta as ceist na Gaeilge a ardú.

Chuir duine eile tvuít amach ag tabhairt le fios go raibh sí ar dhuine de bheirt sa lucht féachana ag Pat Kenny’s Big Debate a bhí “ag fanacht” le ceist a chur faoin Ghaeilge agus go raibh sí “díomách” nár cuireadh suim san ábhar.

Fág freagra ar 'Ceist faoin nGaeilge á héileamh don díospóireacht teilifíse dheireanach'

  • Pádraig Ó Cíobháin

    Is asal Pat Kenny de cuid an nua-chóilíneachais, ní haon iontas gan cás á dhéanamh aige do chás teangan nár chás leis ná go mbeadh sí marbh. Tá sé thar am san a rá suas leis an bpus ag a leithéid de phastaire. Bíodh meas againn orainn féin agus taispeáinimis ár ndímheas. Ní meas go cur le chéile!