Ceist faoi fhadhbanna Shinn Féin i nDoire agus an móramh aontachtach i nDoire Thoir

Agus toghchán Stormont buailte linn tugann Tuairisc.ie sciuird thart ar na toghcheantair i dTuaisceart Éireann. An babhta seo, An Feabhal agus Doire Thoir

Ceist faoi fhadhbanna Shinn Féin i nDoire agus an móramh aontachtach i nDoire Thoir

An Feabhal

Beirt ó Shinn Féin, beirt ón SDLP agus duine amháin ón DUP a toghadh in 2017. Fuair Elisha McCallion agus Raymond McCartney 36% den vóta do Shinn Féin, agus bhí an páirtí chun tosaigh den chéad uair i nDoire ar an SDLP a fuair 31%. Ba é sin an toghchán a ritheadh tar éis titim Stormont agus ba léir go raibh lucht tacaíochta Shinn Féin sásta le cinneadh Martin McGuinness éirí as an gcéad-aireacht. Toghadh Colum Eastwood agus Mark H Durkan don SDLP agus bhí an cúigiú suíochán ag Gary Middleton ón DUP. Chaill Pobal Seachas Brabús an suíochán a ghnóthaigh Eamonn McCann an bhliain roimhe sin.

Trí mhí i ndiaidh vótáil Stormont bhí bua eile ag Sinn Féin ar an SDLP nuair a bhain Elisha McCallion an suíochán parlaiminte de Mark Durkan san toghchán tobann a ghlaoigh Príomh-Aire na Breataine, Theresa May. Farasbarr 169 vóta a bhí ag McCallion. Bhí Sinn Féin caithréimeach agus an ceann is fearr faighte acu ar an SDLP san ait is láidre acu, aidhm a bhí acu le blianta.

Ba mhó dá réir an suaitheadh a baineadh as Sinn Fein in 2019 nuair a chaill siad cúig shuíochán ar an gComhairle áitiúil agus nuair a thug an SDLP léasadh dóibh in olltoghchán Westminster i mí na Nollag. Bhain Colum Eastwood an suíochán le 57% den vóta in aghaidh 20% McCallion. Bhí fadhbanna eile ag McCallion níos deireanaí agus b’éigean di éirí as an Seanad. Rinne Sinn Féin fiosrú inmheánach ar an bpáirtí sa toghcheantar agus iarradh anuraidh ar an mbeirt teachtaí comhthofa, Martina Anderson agus Karen Mullan, éirí as. 

Comhthoghadh beirt eile, Pádraig Delargy agus Ciara Ferguson. atá ag seasamh den chéad uair an babhta seo. Léireoidh a vóta an bhfuil muinín cothaithe sa pháirtí i measc an phobail tar éis ‘atheagar’ na bliana seo caite agus an bhfuil fearg ar chuid de chosmhuintir Shinn Féin faoin gcaoi a caitheadh leis an seanfhondúir Anderson.

Tá triúr iarrthóirí ag an SDLP, Mark H Durkan, Sinéad Mclaughlin, a comhthoghadh nuair a chuaigh Eastwood go Westminster, agus Brian Tierney comhairleoir agus iarmhéara. Maíonn roinnt gur botún é triúr a chur sa rás mar go mbeadh contúirt ag baint leis an gcaoi a roinnfí na vótaí eatarthu.

Tá imní ar an DUP faoi shuíochán Gary Middleton, go hairithe ó tá iarrthóir nua fuinniúil ag an UUP, Ryan McCready, a d’fhág an DUP i ngeall ar an raic agus réabadh sa pháirtí sin. Ina theannta sin, rinne Alliance dul chun cinn sna toghcháin áitiúla agus d’fhéadfadh a n-iarrthóir Rachel Ferguson vótaí aontachtacha a mhealladh.

Maíonn Pobal Seachas Brabús go bhfuil seans maith ag Shaun Harkin an suíochán a chaill siad in 2017 a bhaint arís ó tá an costas maireachtála, an córas sláinte agus easpa deiseanna ag déanamh tinnis do an chuid daoine. 

Tá TUV, an Comhaontas Glas, Aontú agus iar-chomhairleoir de chuid Aontú atá ag seasamh mar neamhspleách agus an IRSP I measc an 14 iarrthóir. Beidh tábhacht as cuimse ag baint lena gcuid vótaí aistrithe don cheathrú agus don chúigiú suíochán.

Doire Thoir

Beirt ón DUP, aontachtach neamhspleách, duine ó Shinn Féin agus duine ón SDLP a toghadh anseo cúig bliana ó shin.

Chaill an DUP a dtríú suíochán anseo in 2017 ach bhí 58% de na vótaí ag iarrthóirí aontachtacha. Bhí dhá chuóta ag an DUP agus toghadh Maurice Bradley agus George Robinson. Toghadh Claire Sugden, aontachtach neamhspleách, Caoimhe Archibald, Sinn Féin agus, i gcasadh fíordhrámatúil, John Dallat an SDLP. Fuair Dalla dóthain vótaí aistrithe chun an ceann is fearr a fháil ar iarrthóir de chuid Shinn Féin a bhí i bhfad chun tosaigh air sa chéad chomhaireamh.

Tá Bradley agus Alan Robinson, mac George, ag cosaint dhá shuíochán an DUP agus cinneadh déanta ag an bpáirtí go mbeadh sé críonna gan a dhul sa seans le hiarrthóir eile. Dhá chuóta a bhí acu cúig bliana ó shin ach beidh brú breise orthu ón TUV an uair seo, dream atá ag maíomh go bhfuil seans maith ag a n-iarrthóir, Jordan Armstrong. Meastar go bhfuil Claire Sugden, an neamhspleách a mhéadaigh a sciar den vóta in 2016 agus 2017, slán. Tá an comhairleoir Darryl Wilson san iomaíocht don UUP agus Chris McGaw atá sa rás do Alliance. Deirtear go rachaidh go leor de vótaí an UUP agus Alliance chuig Claire Sugden.

Tá Caoimhe Archibald ag seasamh do Shinn Féin in éineacht le hiarrthóir nua, Kathleen McGurk, ag seasamh agus tá Carla Hunter, a comhthoghadh nuair a fuair John Dallat bás, ag cosaint a suíocháin don SDLP. Beidh Sinn Féin ar a ndícheall ag iarraidh a chinntiú gur ag McGurk agus ní ag Hunter a bheas an bua. 

Ta iarrthóirí freisin ag an gComhaontas Glas, Pobal Seachas Brabús, an PUP agus Aontú agus ta triúr neamhspleách sa rás.

Sa mhéid is gur féidir talamh slán a dhéanamh d’aon toradh sa toghchán stairiúil seo is cosúil go bhfuil trí shuíochán cinnte – ceann don DUP, ceann do Shinn Féin agus ceann do Claire Sugden. Maidir leis an gceathrú agus an cúigiú suíochán beidh tionchar mór ar chúrsaí ag vótaí aistrithe na ndaoine a chuirfear as an áireamh agus an t-ord ina ndéanfar sin

Ní féidir le Sinn Féin talamh slán a dhéanamh de go gcoinneoidh siad a gcuid

Toghcheantair chinniúnacha don DUP i ndiaidh an achrainn sa pháirtí

Dúshláin mhóra le sárú ina dtoghcheantair féin ag Donaldson agus Beattie

AN TOGHCHÁN Ó THUAIDH: Daingean de chuid na nAontachtaithe é Aontroim i gcónaí

Fág freagra ar 'Ceist faoi fhadhbanna Shinn Féin i nDoire agus an móramh aontachtach i nDoire Thoir'