Ceist do Choimisiún na Meán é soiléiriú a thabhairt ar cad is clár teilifíse Gaeilge ann

Deir an tAire Catherin Martin gur ceist é sainmhíniú a thabhairt ar chlár Gaeilge a d'fhéadfaí ‘a fhiosrú a thuilleadh’ mar chuid d’athbhreithniú atá le déanamh ag Coimisiún na Meán

Ceist do Choimisiún na Meán é soiléiriú a thabhairt ar cad is clár teilifíse Gaeilge ann

Ceist do Choimisiún na Meán a bheidh ann sainmhíniú a dhéanamh ar cad is clár Gaeilge ann, a deir an tAire Catherine Martin.

Thug an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le fios i bhfreagra ar cheist Dála gur ceist é sainmhíniú a thabhairt ar ‘clár Gaeilge’ a d’fhéadfaí “a fhiosrú a thuilleadh” mar chuid d’athbhreithniú ar sheirbhísí agus ar sholáthar Gaeilge sna meáin atá le déanamh ag Coimisiún na Meán.

Beidh moltaí san athbhreithniú, a gcuirfear tús leis i mbliana, maidir le cén dóigh is féidir “feabhas a chur ar sheirbhísí agus ar ábhar Gaeilge”, a dúirt an tAire Catherine Martin.

Cé go ndeir Coimisiún na Meán go gcaithfidh 30% de chlár a bheith i nGaeilge sula mbeidh glacadh leis mar chlár dátheangach, níl an sainmhíniú ar cad atá i gceist le clár Gaeilge chomh soiléir céanna.

Léirigh anailís a rinne Tuairisc gur chláir dhátheangacha a bhí i nach mór leath na gclár do TG4 a fuair maoiniú ó Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI), mar a thugtaí ar Choimisiún na Meán, le cúig bliana anuas.

Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais, Aengus Ó Snodaigh, a chuir an cheist ar an Aire Catherine Martin faoin mhíniú atá ar chlár Gaeilge i ndiaidh di a ghealladh ag cruinniú de chuid an Choiste an mhí seo caite go ndéanfadh sí a machnamh faoinar cheart go mbeadh céatadán Gaeilge ar leith i gclár Gaeilge.

Mar fhreagra ar an cheist, dúirt an tAire Catherine Martin go bhféadfadh go mbeadh “fadhbanna” ann “sraith de chritéir” a leagan síos sa reachtaíocht maidir le cad is clár Gaeilge nó clár dátheangach ann.

“Caithfidh lucht déanta clár agus craoltóirí a bheith in ann cothromaíocht a bhaint amach idir riachtanais chainteoirí líofa Gaeilge agus iad siúd nach bhfuil líofa ach atá fós ag iarraidh teacht ar chláir a bhfuil Gaeilge iontu,” a dúirt sí.

Dúirt an tAire Catherine Martin gur “mór” an dualgas atá ar TG4 cláir “i nGaeilge den chuid is mó” a chur ar fáil, cláir a fhreastalaíonn ar chainteoirí Gaeilge agus ar an lucht féachana “náisiúnta”. Mhol sí RTÉ as an mhéadú atá tagtha “ar líon na gclár Gaeilge” a bhíonn á gcraoladh acu.

De réir anailís Tuairisc ar an mhaoiniú a chuir an BAI ar fáil idir mí Aibreáin 2018 agus mí Aibreáin 2023, ‘cláir dhátheangacha’ seachas ‘cláir Ghaeilge’ a bhí i gceist le 46% de na cláir a maoiníodh le craoladh ar TG4.

Cé gur cláir dhátheangacha a bhí i mbeagnach leath den 81 togra a bhí i gceist, ceadaíodh nach mór dhá thrian den mhaoiniú – beagnach €16 milliún – do chláir a bhí sainithe mar ‘chláir Ghaeilge’ ag an BAI.

Is é an t-iarChoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, a ceapadh ina Choimisinéir um Fhorbairt na Meán i mbliana, atá freagrach as an athbhreithniú cuimsitheach ar sholáthar seirbhísí Gaeilge sna meáin atá beartaithe ag an Choimisiún nua.

Dúirt Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont cheana go mbíonn an méid Gaeilge agus Béarla a bhíonn le cloisteáil ar chláir TG4 ag brath ar “chinntí eagarthóireachta”.

Fág freagra ar 'Ceist do Choimisiún na Meán é soiléiriú a thabhairt ar cad is clár teilifíse Gaeilge ann'

  • Sibéal

    ‘Sea tá Béarla in uachtar i ngo leor cláracha “Ghaeilge” ar TG4 agus RTÉ. Tá an Ghaeilge caite i bpoll dubh an Bhéarla acu; i bhfolús cúltúrtha atá ag déanamh dochar dúinn dár bhféiniúlacht mar Eorpaigh.
    Is cás eisceachtúil é an clár Fíórscéal ar TG4.
    An botún is mó atá déanta ag TG4 agus RTÉ ná gan teangacha eile na hEorpa a bheith le cloisteáil ar na caínéil sin. Is smpla maith e ARTE, an cainéal Francach /Gearmáineach ar a bhfuil clárach den scoth.

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Ceist mhaith. Agus leath-fhreagra ó Alan Esslemont: ag brath ar “chinntí eagarthóireachta”. Eagarthóir an chláir nó an eagarthóir coimisiúnaithe?

  • aisling

    Tá sé go deas teangacha eile a chloisteáil ar TG4.B’fhéidir nach mbeadh na cláir chomh spéisiúil gan ionchur ó dhaoine a labhraíonn Cóiréis, Rúisis srl. is é an gearán atá agam mar fhoghlaimeoir ná go bhfuil an iomarca fotheideal i mBéarla.

  • Pádraig O'hEipicín

    Is fuath liom fo-tidil as Béarla,