Ceist dhá mharc i dtosach. An cuimhin le duine ar bith ‘an réabhlóid dhaonlathach’? B’shin é cur síos Enda Kenny ar an olltoghchán i 2011 inar ghearr vótóirí ar Fhianna Fáil an pionós a ba ghéire riamh i dtoghchán. An chuid eile den ‘réabhlóid’? Bhí deis dá reir ag Fine Gael agus an Lucht Oibre comhrialtas a bhunú leis an móramh Dála is mó riamh (113 suíochán).
Faraor, is ó shin a fuarthas amach a laghad brí a bhí leis na focail ‘reabhlóid dhaonlathach’ ó thaobh athruithe bunúsacha ar mheon agus ar chur chuige na bpolaiteoirí tofa de. Tá mímhuinín agus míshásamh an phobail ag dul i dtreise ó shin, mar is léir ó gach pobalbhreith.
Mura dtiocfaidh athrú suntasach ar thuairimí an phobail (rud nach féidir a chur as an áireamh go hiomlán), seans go mbeidh ‘réabhlóid daonlathach’ eile curtha i gcrích tar éis an olltoghcháin. I bhfianaise na bpobalbhreitheanna, beidh Fine Gael agus Sinn Féin ar comh-mhéid (40-45 suíochán araon), beidh 30-35 suíochán ag Fianna Fáil, deich suíochán ar a mhéad ag an Lucht Oibre, agus an fuílleach ag scata mór neamhspleách agus mionpháirtithe.
Is mar gheall ar an athrú mór seo atá romhainn, sílim, atá macalla anois ann den atmaisféar polaitiúil a bhí i réim sa tír idir 2008 agus 2011. Ní hionann an dá thréimhse, ar ndóigh, ach tá an chosúlacht soiléir agus míshásamh mór ar mhórán anois leis an rogha rialtais a rinneadh san olltoghchán deireanach. Tá sciar den phobal chomh clamhsánach anois nach ann d’fhocal rialtais a shásódh iad.
Is léir dom féin macalla seo na staire agus ionadaithe rialtais á gcur faoi agallamh agam. Is léir go minic nach mian le sciar áirithe dár n-éisteoirí éisteacht in aon chor le glór a labhraíonn thar ceann an rialtais. Níl cuid acu sásta ach oiread le craoltóirí nach dtugann le fios láithreach gur ag éisteacht le ráiméis atáthar agus airí rialtais sa stiúideó.
Is ar na meáin shóisialta is soiléire a fheictear an míshásamh agus an tarcaisne. Seo sampla den chineál tuairim a léim go minic tar éis agallamh béasach a chur ar Aire Rialtais. Duine gan (fíor)ainm a chuir an giolc seo a leanas ar twitter. Dála an scéil, is ionann na túslitreacha MSM agus na meáin phríomhshrutha (nó ‘mainstream media’).
DONT HOLD YOUR BREATH WAITING FOR MSM TRUTH TRAITORS TO TELL YOUR STORY WHILE THEY FEATHER THEIR OWN PALACE.
Beidh leigheas ar an míshásamh polaitúil i dtoradh an olltoghcháin, mar a bhíonn i gcónaí. Ní léir dom aon leigheas ar an amhras i leith na meán, ar sampla áibhéileach de an abairt thuas.
Is léir, sílim, riachtanas amháin, is é sin gur chóir d’iriseoirí cúiseanna gearáin (táillí uisce, mar shampla), a ghoilleann níos mó ar dhaoine atá ar ioncam íseal, a iniúchadh níos minicí.
Ach ní foláir freisin a mheabhrú do gach duine a chuireann claonadh i bhfabhar an rialtais inár leith gur dlúthchuid dár gceird í gach rialtas a chrá, ach bheadh ár ndualgais á gcur i leataobh againn dá gcuideodh muid d’aon ghnó le freasúra ar bith.
Tuilleann gach rialtas meas ar chúis amháin: is le vótaí an mhóraimh a toghadh iad, agus a dhíbreofar iad, más é sin rogha an phobail i 2016.
– Is láithreoir ar ‘Morning Ireland ‘ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille
séamus seaicibíteach 1
Eisceacht is ea tusa (go pointe áirithe!) a Chathail, lútálaithe is ea ceannairí arda agus formhór iriseoirí MSM/RTE etc.
Caith uaim an Sindo, an Oirish Toimes agus an Cigire Theas agus tuilleadh acu nach fiú a lua fiú. Ag séideadh ar son lucht cinsil a bhíonn siad. Is dócha gurb é an Sindo an cheirt is táire agus mínáirí ar fad acu, E. Harris agus a chamthaí ag grágaíl go féinsásta gach Domhnach. Bí ag caint ar chasadh aigne!
Mar le RTE
Féach an spior spear a rinne Bill Black, eacnamaí, de Bryan Dobson ní fada ó shin. Ní chloistear D Mc Williams a thuilleadh ar RTE mar shampla, an fhírinne ró-shearbh daoibh. Ta deireadh le RTE, go hairithe, iad báite i bhfiacha ,rud a chiallaíonn nach rachaidh siad ag tochailt ná ag tóch isteach i mórscannal na baincéireachta, tláithínteacht agus ‘bogcheisteanna’ a chleachtaíonn siad de ghnáth. Aon dream deas cluthair conáigh sibh uile sa nead sin. ‘Socialist Voice Ireland’ an t-aon nuachtán le dealramh.
Feardorcha
Mar a chuirfidh tú a bhainfidh tú…
Tá daoine tugtha traochta de na polaiteoirí ag déanamh amadáin dúinn ar fad le lúbaireacht focal sna hagallaimh a thugann siad. Agus ní féidir a shéanadh go bhfuil formhór na n-agallóirí sásta ligint leo éalú as na ceisteanna deacra.
Ní gan chúis a bhíonn Vincent Brown i mbéal an phobail ach toisc go bhfuil formhór sna meáin chomh meata sin is féidir le polaiteoirí diúltú baint a bheith acu leis. Dá mbeadh cnámh droma ag a thuilleadh acu ní bheadh sé ar an dtrá fholamh mar atá.
Ach gan dabht seanmhéiteanna lucht na meán agus na polaiteoirí. Nach go dtí na scoileanna (daora) céanna a d’imíodar. Ina dhiaidh sin bhíodar sa chomhluadar céanna ar an ollscoil. Ní beag ach oiread an líon acu a chaith tamall ag obair le páirtithe éagsúla mar chomhairleoirí meán, dar ndóigh.
Bhí an ceart ag giolcaire Chathail. Bhí fhios ag madraí an bhaile faoi (mar shampla): Charlie, mí-úsáid gnéis an chléir, na bainc + na tógálaithe, na Gardaí i dTír Chonaill++, Ó Lubhlaí, Michelle Smith, zónáil, quotanna iascaireachta, Shell chun Sáile etc etc etc agus ní raibh gíocs ná míocs ó fhormhór na meán, an “Mainstream Media”.
Mo náire iad.