Ceist curtha ar an Taoiseach sa Dáil faoi phlean RTÉ an nuacht Ghaeilge a réamhthaifeadadh i nDomhnach Broc

D’fhiafraigh an Teachta Dála neamspleáach den Taoiseach sa Dáil an raibh sé ar an eolas faoi phlean RTÉ dá nuacht Ghaeilge agus ar thuig sé na himpleachtaí a bhainfeadh leis

Ceist curtha ar an Taoiseach sa Dáil faoi phlean RTÉ an nuacht Ghaeilge a réamhthaifeadadh i nDomhnach Broc

Cuireadh ceist ar an Taoiseach sa Dáil inniu faoin scéal a foilsíodh ar an suíomh seo ar maidin go bhfuil sé i gceist ag RTÉ réamhthaifeadadh a dhéanamh ar a bhfeasacháin nuachta Gaeilge agus iad a chraoladh ó Dhomhnach Broc ó Dé Luain seo chugainn.

D’fhiafraigh an Teachta Dála neamspleách den Taoiseach sa Dáil an raibh sé ar an eolas faoi phlean RTÉ agus ar thuig sé na himpleachtaí a bhainfeadh leis agus an “t-ísliú stádais” don Ghaeilge a bhí i gceist.

Ba é Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh a d’fhreagair an cheist thar ceann an Taoisigh.

Dúirt an tAire Stáit nach raibh “sonraí” an scéil aige ach dúirt sé go n-iarrfadh sé ar oifigigh a Roinne an scéal a fhiosrú.

Agus gan aon réiteach aimsithe fós sna cainteanna idir RTÉ agus TG4 faoi sholáthar nuachta Gaeilge an dá stáisiún, tá réamhthaifeadadh le déanamh ar na feasacháin Ghaeilge ‘in order to prevent any stress or detraction from the 6-1 [The Six One News]’.

Faoi láthair, craoltar feasacháin nuachta RTÉ agus Nuacht TG4 araon beo ó cheannáras TG4 i mBaile na hAbhann i gConamara, ach tá ceist mhór faoin socrú sin i bhfianaise an easaontais idir an dá chraoltóir faoi chúrsaí nuachta.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuair baill foirne sa seomra nuachta amach faoi phlean RTÉ nuair a scaipeadh comfhreagras a sheol bainisteoir sinsearach i nDomhnach Broc go dtí baill foirne eile inné.

Dúirt an bainisteoir sinsearach sa chomfhreagras sin go mbeadh sé “necessary for us to accommodate the Nuacht TV bulletin from Studio 3 for a period, starting on Monday 29 [Eanáir]’.

Dúradh freisin go raibh sé i gceist an feasachán a théann amach ar RTÉ 1 gach tráthnóna ag 5.40 a réamhthaifeadadh ag a 5.00 chun nach gcuirfeadh an feasachán Gaeilge aon ‘bhrú’ ar an gclár nuachta Béarla, The Six One News.

‘In order to prevent any stress or detraction from the 6-1 [The Six One News], Nuacht will be recorded daily at 5pm. and uploaded via media flex for play out at its normal broadcast time,’ a dúradh.

Dúradh go raibh iarracht déanta an socrú nua seo a sheachaint, go raibh cainteanna ar bun chuige sin, ach nár thángthas ar aon réiteach sna cainteanna sin go fóill.

Tá cainteanna ar bun le timpeall bliain anuas idir RTÉ agus TG4 maidir leis an tseirbhís nuachta Gaeilge, ach tá a bhfuil i ndán don athrú ar chur chuige na nuachta idir dhá cheann na meá ó thug RTÉ le fios do TG4 nach raibh siad sásta dul ar aghaidh leis an socrú go mbeadh branda Nuacht TG4 ar nuacht RTÉ ón 15 Eanáir ar aghaidh.

Mar thoradh ar an diúltú sin bhagair lucht bainistíochta TG4 nach gceadófaí do RTÉ a bhfeasacháin nuachta Gaeilge a chraoladh ón stiúideo nua i gceannáras Bhaile na hAbhann.

Bhí cruinniú ann an tseachtain seo caite idir lucht na hardbhainistíochta i TG4 agus RTÉ ar mhaithe le deireadh a chur leis an easaontas, ach is cosúil nach bhfuil aon réiteach aimsithe go fóill.

Fág freagra ar 'Ceist curtha ar an Taoiseach sa Dáil faoi phlean RTÉ an nuacht Ghaeilge a réamhthaifeadadh i nDomhnach Broc'