Ceist ann go fóill faoi chumas na hÍsiltíre agus súil le cluiche maith idir an Ostair agus an Tuirc

Imreofar na cluichí deireanacha i mBabhta an 16 ag EURO 2024 inniu

Ceist ann go fóill faoi chumas na hÍsiltíre agus súil le cluiche maith idir an Ostair agus an Tuirc

Virgil Van Dijk. Pic: INPHO/Ryan Byrne

Is é seo an chéad uair ó EURO 2020 gur éirigh leis an Rómáin na babhtaí díbeartha de mhórchomórtais idirnáisiúnta sacair a bhaint amach agus cé go bhfuil dúshlán rompu tráthnóna, níl foireann Edward Iordănescu gan seans i gcoinne na hÍsiltíre inniu.

Ní raibh cuma rómhaith ar na hÍsiltírigh go dtí seo sa Ghearmáin agus muid fós ag fanacht ar thaispeántas suntasach uathu. Fuair siad an ceann is fearr ar an bPolainn sa chéad bhabhta agus chríochnaigh siad ar comhscór leis an bhFrainc i ndroch-chluiche ina dhiaidh sin ach is ábhar imní do Ronald Koeman agus a chuid imreoirí a bheidh sa cheann a chaill siad i gcoinne na hOstaire, an cluiche deireanach sa ghrúpa.

Tá imreoirí tábhachtacha ar nós Frenkie de Jong, Teun Koopmeiners agus Marten de Roon ar iarraidh don chomórtas agus is beag den totaalvoetbal atá feicthe againn ón bhfoireann sna cluichí go dtí seo.

D’aimsigh Cody Gakpo agus Memphis Depay cúl an duine i gcoinne na hOstaire agus beidh ar an mbeirt sin dul i bhfeidhm ar an imirt más leis an Ísiltír na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach.

Chríochnaigh an Rómáin ar bharr ghrúpa E a bhuí leis an mbua iontach 3-0 a bhí acu ar an Úcráin sa chéad chluiche. Níor éirigh chomh maith céanna leo sa chéad chluiche eile mar ar chloígh an Bheilg iad 2-0 ach chinntigh siad a n-áit sna babhtaí díbeartha le cluiche comhscóir i gcoinne na Slóvaice, 1-1.

Tá an cosantóir Nicușor Bancu ar fionraí do chluiche an lae inniu agus beidh ar Iordănescu ionadaí a fháil chun imirt ar an gcliathán clé. Nicolae Stanciu is mó a bheidh ag déanamh imní do na hÍsiltírigh ó thaobh cúl a aimsiú ach beidh ar na Rómánaigh cuid den chumas sin a léirigh siad i gcoinne na hÚcráine a léiriú arís anocht má tá sé i ndán dóibh an bua a bheith acu.

Cenk Tosun. Pic: INPHO/Ryan Byrne

Tá an Ostair agus an Tuirc ar phéire de na foirne is fearr atá feicthe againn go dtí seo sa chomórtas agus daoine ag súil go mór le cluiche d’ardchaighdeán eatarthu anocht.

Tá an Ostair imithe i bhfeidhm go mór ar dhaoine agus comhimirt iontach léirithe ag na himreoirí. Tá sé ráite go bhfuil imirt na hOstaire níos cosúla leis an gcineál imeartha a fheictear ó fhoirne clubanna agus tuiscint iontach ag na himreoirí ar a chéile agus ar céard go díreach atá an bainisteoir, Ralf Rangnick, a iarraidh orthu. Is mór an cúnamh é go bhfuil scata imreoirí sa scuad a bhíonn ag imirt nó a d’imir d’fhoirne Red Bull in Salzburg na hOstaire agus i Leipzig na Gearmáine. Bhí Rangnick ina bhainisteoir ar an dá chumann sin agus bhí sé ina stiúrthóir orthu chomh maith, rud a fhágann go bhfuil taithí mhaith ag na himreoirí ar an stíl imeartha a bhíonn uaidh.

Ní raibh an imirt foirne chéanna le feiceáil ón Tuirc go dtí seo ach tá siad bailithe i bhfeidhm ar dhaoine mar sin féin agus is ag imreoirí na Tuirce atá cuid de na cúil is fearr a scóráladh sna Euros go dtí seo aimsithe. Ba iad Hakan Çalhanoğlu agus Cenk Tosun a d’aimsigh na cúil chun Poblacht na Seice a bhualadh sa chluiche deireanach, ceann Tosun ag teacht sa cheathrú nóiméad d’am cúitimh.

Údar díomá ag daoine go mbeidh ar cheann de na foirne seo slán a fhágáil leis an gcomórtas anocht ach, bunaithe ar na taispeántais atá tugtha acu go dtí seo, seans gurb iad na hOstaraigh a bheidh linn ar feadh píosa eile sa Ghearmáin.

Fág freagra ar 'Ceist ann go fóill faoi chumas na hÍsiltíre agus súil le cluiche maith idir an Ostair agus an Tuirc'