Ceist an reifrinn faoin teorainn ina ceist bheo

Bíodh is go bhfuil difríochtaí móra idir torthaí na bpobalbhreitheanna éagsúla maidir le reifreann faoin teorainn, tá sí ina beocheist de bharr an Bhreatimeachta

Ceist an reifrinn faoin teorainn ina ceist bheo

Tá sé idir dhá cheann na meá. 45% de phobal Thuaisceart Éireann i bhfabhar Éire Aontaithe agus 46% ar son fanacht san Ríocht Aontaithe.

Ba í sin an cheannlíne ar phobalbhreith a rinneadh do The Detail, an suíomh fiosrúcháin údarásach i mBéal Feirste, mar chuid dá scrúdú fadtéarmach ar éifeacht an Bhreatimeachta. Mór idir é sin agus an 29% a bhí i bhfabhar Éire Aontaithe de réir na pobalbhreithe eile a raibh trácht air sa cholún seo seachtain ó shin.

An iad na modhanna oibre éagsúla is cúis leis an difríocht nó na ceisteanna a cuireadh? Agallaimh aghaidh ar aghaidh a bhí i gceist sa phobalbhreith ina bhfuarthas go raibh 29% i bhfabhar Éire Aontaithe agus is ar líne a rinneadh na hagallaimh sa phobalbhreith nua. An fíor don tráchtaire a dúirt gur chosúil go raibh ‘náisiúnaithe’ áirithe faiteach nó cúthaileach agus iad ag caint le hagallóir ach níos oscailte agus tuairim á tabhairt ar líne acu? Maíonn roinnt den lucht staidrimh gur daoine a thacaíonn le páirtithe an láir, an Alliance den chuid is mó, iad na daoine sin a bhfuil bá acu le hÉire Aontaithe i ngeall ar an mBreatimeacht ach nach mian leo é sin a rá go poiblí. Is fusa a leithéid a rá go príobháideach ar line. Bheadh sé sin fíor freisin i gcás mianta  daoine sna botháin vótála féin.

Rinneadh an suirbhé d’Ollscoil Learphoill idir an Nollaig agus an 11 Feabhra agus is i gcaitheamh cheithre lá ó dháta an Bhreatimeachta idir an 31 Eanáir agus an 3 Feabhra a rinneadh an ceann do The Detail. Seans gurb iad na ceisteanna faoi ndear cuid mhór den difríocht sna torthaí.

Murab ionann agus ceann na hOllscoile a chuir ceist faoi vótáil dá mbeadh reifreann ann láithreach bhain ceisteanna The Detail agus an comhlacht Lucid Talk a rinne an phobalbhreith le rún vótála na rannpháirtithe sa bhfadtéarma. Mar aitheantas go mbeadh dhá reifreann riachtanach, ceann sa Phoblacht chomh maith leis an gceann abhus, rinneadh pobalbhreith The Detail sa deisceart freisin.

Dúirt 82.4% sa Tuaisceart agus 83% sa Phoblacht gur threisigh an Breatimeacht an díospóireacht faoi cheist na teorann. Thairis sin bhí 68.7% ó thuaidh agus 74.6% ó dheas meáite de gur dóichí go mbeadh reifreann faoin teorainn ann de bharr an Bhreatimeachta. Bhí móramh thuaidh agus theas i bhfabhar reifrinn sna deich mbliana seo chugainn.

Sa Phoblacht bheadh 73.1% i bhfabhar Éire Aontaithe, 10.2% ar son Tuaisceart Éireann a choinneáil san Ríocht Aontaithe agus 16.7% gan tuairim. Ba iad na figiúirí a bhain le meon na vótóirí i dTuaisceart Éireann a thug ábhar machnaimh do gach éinne, áfach.

Bheadh 46.8% ag iarraidh fanacht san Ríocht Aontaithe i gcomparáid le 45.4% a thabharfadh vóta ar son Éire Aontaithe más socrú aonadach nó feidearálach a bheadh i gceist.

Bhí 7.8% nach raibh aon tuairim acu agus nuair a chuirtear iadsan as an áireamh bheadh móramh bídeach, milliméadar os cionn 50%, ag na haontachtaithe.

Bheadh gach dream ag iarraidh a áiteamh orthu sin tacú leo féin.

Maidir le daoine a mhealladh i dtreo Éire aontaithe nó an status quo, mhaígh an taighdeoir, an Dr Paul Nolan, in anailís The Detail gurb iad vótóirí Alliance a bheadh i lár an aonaigh. Tá siadsan athraithe go mór ón ré nuair ba pháirtí aontachtach le ‘a’ beag iad. Léirigh an suirbhé seo go mbeadh 47% de vótóirí pháirtí an Alliance i bhfabhar Éire Aontaithe, 22% ar son fanacht san Ríocht Aontaithe agus 31% a dúirt nach raibh aon tuairim faoin scéal acu.

Cé a chuirfidh an chluain ar an 31% sin?

Bhí figiúir suntasach eile i dtorthaí The Detail. Thug 22.7% le fios nach nglacfaidís choíche le reifreann faoin teorainn. Ní féidir neamhshuim a dhéanamh de dhuine as gach cúigear agus geadán corrach a bheadh iontu in Éirinn nua de chineál ar bith.

Caithfear iad sin a chur san áireamh, bealach a aimsiú chun a gcearta a chosaint ach gan ligint dóibh ceangal na gcúig gcaol a chur ar dhaoine eile.

Níl ansin ach gné amháin den obair a bheadh riachtanach sula ndéanfaí ceisteanna an reifrinn a dhréachtú.

D’ainneoin na neamhréire idir pobalbhreitheanna éagsúla is léir gur cheist bheo i measc an phobail abhus í ceist na teorann. Léiríonn minicíocht na bpobalbhreitheanna, ní áirím a dtorthaí, an méid sin.

Ní leor mar fhreagra an cheist a fhágáil faoi fheachtasaíocht Shinn Féin. Tá obair le déanamh ag gach páirtí thuaidh agus theas. Tá gá le machnamh in Whitehall freisin ach fágaimid siúd mar atá sé go fóill.

Fág freagra ar 'Ceist an reifrinn faoin teorainn ina ceist bheo'