Tá ganntanas múinteoirí fisice sa Ghaeltacht pléite ag an Aire Oideachais.
Thug an tAire Oideachais le fios i bhfreagra ar cheist Dála go bhféadfadh sé go mbeadh 13 múinteoir breise atá páirteach i gclár scilbhisithe ar fáil le fisic a mhúineadh i nGaeilge.
130 múinteoir iarbhunscoile atá páirteach sa chlár scilbhisithe atá dírithe ar mhúinteoirí nach bhfuil cáilithe san ábhar ach ar mian leo fisic a theagasc.
As an 130 múinteoir, thug 13 díobh le fios gur mian leo an t-ábhar a theagasc trí mheán na Gaeilge.
An Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Seán Haughey a chuir an cheist ar an Aire Oideachais faoina bhfuil á dhéanamh aici chun dul i ngleic leis an ghanntanas múinteoirí fisice sa Ghaeltacht.
Mar fhreagra ar an cheist, dúirt an tAire gur bunaíodh an tionscnamh e-Hub, faoina ndéanann múinteoirí ábhar a theagasc ar líne do scoileanna éagsúla, le réiteach a fháil ar an fhadhb.
In 2019 a bunaíodh an e-Hub, atá mar chuid den Pholasaí Oideachais don Ghaeltacht.
Faoi láthair, tá an fhisic á teagasc fríd an e-Hub i naoi n-iarbhunscoil sa Ghaeltacht. Tá beirt mhúinteoirí ag múineadh na fisice ar an e-hub do 20 dalta atá ag freastal ar scoileanna Gaeltachta. Anuraidh, rinne 13 dalta Gaeltachta a thug faoin chúrsa fríd an e-Hub scrúdú fisice na hardteiste.
Tá fadhb mhór le tamall de bhlianta anuas ag scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge teacht ar mhúinteoirí oilte a bhfuil Gaeilge líofa acu.
Is iad na hábhair is mó a mbíonn deacrachtaí ann múinteoirí oilte a bhfuil Gaeilge acu a earcú ná ábhair eolaíochta, teangacha agus eacnamaíocht bhaile.
I suirbhé a rinne Tuairisc in 2021, dúirt 22 as 28 príomhoide iarbhunscoile sa Ghaeltacht go raibh orthu múinteoirí nach raibh Gaeilge acu a earcú le hábhair áirithe a chur ar fáil ina scoil.
Seán
Ranganna beaga sna scoileanna Gaeltachta…roinnfidís múinteoir & teagasc ar líne.
Eoin Mac D
Sea, an ceart ar fad agat, a Sheáin