Ceist an achta don Ghaeilge amháin curtha ar an méar fhada sna cainteanna ó thuaidh

Is cosúil gurbh é an réiteach a bhí ar an easaontas idir an DUP agus Sinn Féin faoi cheist an achta don Ghaeilge go dtí seo ná gan cruth na reachtaíochta a phlé agus díriú ar a mbeadh inti

Ceist an achta don Ghaeilge amháin curtha ar an méar fhada sna cainteanna ó thuaidh

Tá eolas sceite faoi na cainteanna polaitiúla ó thuaidh a léiríonn go bhfuil ceann de na gnéithe is tábhachtaí de cheist an achta Ghaeilge curtha ar an méar fhada ar mhaithe le teacht ar réiteach.

De réir an eolais a sceitheadh le suíomh idirlín an iriseora Éamonn Mallie, is é bheadh sa reachtaíocht teanga, don Ghaeilge agus don Ultais, seachas cruth na reachtaíochta féin atá á phlé go nuige seo sna cainteanna.

Tá acht teanga don Ghaeilge amháin á éileamh ag Sinn Féin ach tá an DUP glan ina choinne sin.

Is cosúil gurbh é an réiteach a bhí ar an easaontas sin go dtí seo ná gan cruth na reachtaíochta a phlé agus díriú ar a mbeadh inti.

Deirtear i gceann de na plécháipéisí a ullmhaíodh do na páirtithe atá i mbun cainte go bpléifear an cheist sin amach anseo.

“Mar chuid de chomhaontú iomlán, leagtar amach i gCuid a Dó, Teangacha, na socruithe reachtúla is dócha a dhéanfaí chun cultúr agus oidhreacht na Gaeilge agus na hUltaise a chosaint agus a chur chun cinn. Is d’aon ghnó a leagtar béim sa cháipéis seo ar a mbeidh sa reachtaíocht, seachas ar chruth na reachtaíochta a d’fhéadfaí a aontú mar chuid de chomhaontú iomlán. Glactar leis go mbeadh cainteanna ann faoi chruth na reachtaíochta dá dtiocfaí ar chomhaontú ar a mbeidh inti.”

Luaitear sa phlécháipéis a ullmhaíodh chun cuidiú leis na cainteanna moltaí éagsúla maidir lena mbeadh i gceist ó thaobh ábhar na reachtaíochta.

Ina measc na moltaí sin, tá Coimisinéir Teanga don Ghaeilge agus Coimisinéir don Ultais; tuairiscí bliantúla don chomhthionól; stádas oifigiúil don Ghaeilge agus don Ultais ó thuaidh; go gcuirfí caighdeáin i bhfeidhm maidir le seirbhísí; agus láraonad aistriúcháin a chuirfeadh seirbhís ar fáil don fheidhmeannas agus d’eagrais eile.

An mhí seo caite, thug lucht an fheachtais ar son an achta Ghaeilge ó thuaidh rabhadh do Shinn Féin nach aon réiteach ar an scéal reachtaíocht ‘lagagus gur acht as féin don Ghaeilge amháin an t-aon rud a bheadh inghlactha.

Go dtí seo pé scéal é, is cosúil, go bhfuiltear ag seachaint ceist an achta don Ghaeilge amháin agus ag díriú ar ábhar na reachtaíochta seachas a cruth agus teideal.

An mhí seo caite dhiúltaigh príomh-idirbheartaí Shinn Féin Conor Murphy a dheimhniú cé acu an mbeadh nó nach mbeadh an páirtí sásta maolú a dhéanamh sna cainteanna polaitiúla is déanaí ar a n-éileamh ar acht teanga don Ghaeilge amháin.

“Níl mé chun a bheith ag déanamh imní faoi na rudaí sin…Thángamar ar chomhréiteach mí Feabhra seo caite, bhí an méid a bhí aontaithe le feiceáil agus táimid sásta glacadh leis sin. Amhail gach comhaontú bíonn ligean chugat agus uait i gceist. Táimid sásta glacadh leis an bplé sin,” a dúirt príomh-idirbheartaí Shinn Féin, Conor Murphy.

Idir an dá linn, dúirt ceannaire an Alliance Naomi Long tráthnóna gur beag seans go dtiocfaí ar réiteach maidir le hathbhunú Stormont an mhí seo. “Teannas” agus “easpa iontaoibhe” idir na páirtithe an t-údar a thug an feisire Eorpach nuathofa lena cuid éadóchais.

 

Fág freagra ar 'Ceist an achta don Ghaeilge amháin curtha ar an méar fhada sna cainteanna ó thuaidh'