Céimí pleanála teanga de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge scaoilte saor tar éis ceithre bliana príosúin

Gabhadh Ursula Ní Shionnáin, ball aitheanta den ghrúpa Éirígí agus duine de bhunaitheoirí Misneach, agus triúr fear a bhí ina cuideachta i mí na Samhna 2012 mar gheall ar ghunnaí agus armlón a bheith ina seilbh

Céimí pleanála teanga de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge scaoilte saor tar éis ceithre bliana príosúin

Tá an Poblachtánach agus an gníomhaí ar son na Gaeilge, Ursula Ní Shionnáin, scaoilte saor tar éis ceithre bliana go leith a chaitheamh i bPríosún Mhuinseo.

Gabhadh Ní Shionnáin, ball aitheanta den ghrúpa Éirígí agus duine de bhunaitheoirí Misneach, agus triúr fear a bhí ina cuideachta i mí na Samhna 2012 mar gheall ar ghunnaí agus armlón a bheith ina seilbh.

As Cluain Saileach i mBaile Átha Cliath do Ursula Ní Shionnáin, atá 34 bliain d’aois, agus céimí le Gaeilge de chuid Choláiste na Tríonóide í.

Tá céim mháistreachta aici sa Phleanáil Teanga ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an Cheathrú Rua i gConamara.

Tá céim dochtúireachta idir lámha aici i láthair na huaire le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus ‘Gaelphobail Nua-Aoiseacha’ mar ábhar taighde aici. Lean Ní Shionnáin lena cuid taighde dá céim dochtúireachta fad is a bhí sí i ngéibheann.

I mí an Mhárta 2014 gearradh pianbhreith sé bliana ar Ní Shionnáin agus triúr eile as gunna agus armlón a bheith ina seilbh in 2012 taobh amuigh d’ionad cónaithe agus siopa gunnaí i gContae Uíbh Fhailí.

Scaoileadh Ní Shionnáin amach go sealadach cúig seachtaine ó shin as an ionad Dóchas i Muinseo agus chuir sí deireadh lena téarma príosúin coicís ó shin.

Chuir Ní Shionnáin in iúl do Tuairisc.ie go bhfuil rún aici sos a ghlacadh anois agus am a chaitheamh le gaolta agus cairde sula ndéanfaidh sí aon agallamh leis na meáin.

Fág freagra ar 'Céimí pleanála teanga de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge scaoilte saor tar éis ceithre bliana príosúin'

  • Seán Mac Bhriain

    Ceannlíne thablóideach.

  • Kerron Ó Luain

    Ceannlíne thablóideach go deimhin, agus é sciobhtha díreach ó Evening Herald an lae inné – truflais Denis O’Brien agus na meáin chorparáideach. Cheapas go raibh caighdeáin níos airde ag Tuairisc.ie ná ‘scéalta’ a chruthú as neamhscéalta?

    Tá neart fíor-iriseoireacht le déanamh i saol na Gaeilge sa lá atá inniu ann chun iniúchadh a dhéanamh ar ché chomh cam is atá an chaiteachas ar an nGaeltacht agus an Ghaeilge, cé chomh mí-éifeachtach is atá sé brath ar chomhlachtaí ilnáisiúnta chun an Ghaeltacht a shábháil, agus maidir leis an slad atá á dhéanamh ar an bpobal tuaithe i gcoitinnne i go leor leor bealaí, ach cuirtear am amú le ráiméis mar seo?

  • AnRógaire

    Ní amháin go ndéantar scéal as neamhscéal déantar ceithre scéal as uaireanta.