Céimeanna Oinigh bronnta ag Ollscoil na Gaillimhe inniu

Ardmholadh ag Uachtarán na hOllscoile do na daoine a rognaíodh do chéimeanna oinigh i mbliana

An Dr Jim Browne, Uachtarán OÉ Gaillimh, agus (chun tosaigh, ó chlé) an ceathairéad clasaiceach ConTempo, Bogdan Sofei, Ingrid Nicola, Adrian Mantu agus Andreea Banciu. Ar chúl, ó chlé, Brendan Flynn, Eamon Gilmore agus Marie Mullen

Ag searmanas in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh inniu, bronnadh Céimeanna Oinigh ar Eamon Gilmore, iar-Thánaiste agus iar-Cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre; Marie Mullen, aisteoir agus comhbhunaitheoir Amharclann an Druid; Brendan Flynn, Stiúrthóir Fhéile Ealaíon an Chlocháin; agus an ceathairéad clasaiceach ConTempo. 

Dúirt Uachtarán na hOllscoile an Dr Jim Browne, agus é ag labhairt ag an searmanas go raibh céimithe oinigh den scoth ag an Ollscoil in imeacht na mblianta ach gur “eisceacht” céimithe oinigh na bliana seo sa saol poiblí agus polaitiúil agus in earnáil na n-ealaíon.

Bhí “an-áthas” ar OÉ Gaillimh a bheith in ann aitheantas a thabhairt do na “daoine eisceachtúla” seo, a dúirt sé.

Bronnadh Céim Dhochtúireachta le Dlí (honoris causa) ar Eamon Gilmore, Iar-Thánaiste agus iar-Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála na hÉireann agus tá sé anois ina Thoscaire Speisialta AE do Phróiseas na Síochána sa Cholóim.

Bronnadh an chéim céanna ar Marie Mullen, aisteoir a bhfuil duaiseanna buaite aici í agus a bhí ar dhuine den dream a bhunaigh Compántas Amharclannaíochta an Druid sa bhliain 1975.

Ba é Brendan Flynn an tríú duine gur bronnadh Céim Dhochtúireachta le Dlí air inniu. Ba é a bhunaigh Féile Ealaíon an Chlocháin sa bhliain 1977. 

Bronnadh Céim Dhochtúireachta le Ceol (honoris causa) ar an ngrúpa ConTempo, is iad sin Andreea Banciu, Adrian Mantu, Ingrid Nicola agus Bogdan Sofei. Aithnítear iad seo ar cheann de na ceathairéid óga is mó cáil atá ag seinm inniu.

Dúradh  i ráiteas ón Ollscoil inniu go mbeadh na céimithe seo anois i measc na gcéimithe oinigh mór le rá eile a tháinig rompu, Nelson Mandela, Hilary Clinton, Christy O’Connor Sinsir agus Sóisir, Enya, Anjelica Huston, Fionnuala Flanagan agus Margaret Atwood.

Marie Mullen, aisteoir agus comhbhunaitheoir Amharclann an Druid, agus Eamon Gilmore, iar-Thánaiste agus iar-Cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre
Marie Mullen, aisteoir agus comhbhunaitheoir Amharclann an Druid, agus Eamon Gilmore, iar-Thánaiste agus iar-Cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre

Ó chlé, Bogdan Sofei, Ingrid Nicola, Brendan Flynn, Adrian Mantu Eamon Gilmore, Marie Mullen agus Andreea Banciu
Ó chlé, Bogdan Sofei, Ingrid Nicola, Brendan Flynn, Adrian Mantu Eamon Gilmore, Marie Mullen agus Andreea Banciu

Brendan Flynn, Stiúrthóir Fhéile Ealaíon an Chlocháin, agus Marie Mullen, aisteoir agus comhbhunaitheoir Amharclann an Druid
Brendan Flynn, Stiúrthóir Fhéile Ealaíon an Chlocháin, agus Marie Mullen, aisteoir agus comhbhunaitheoir Amharclann an Druid

Brendan Flynn, Stiúrthóir Fhéile Ealaíon an Chlocháin
Brendan Flynn, Stiúrthóir Fhéile Ealaíon an Chlocháin

Fág freagra ar 'Céimeanna Oinigh bronnta ag Ollscoil na Gaillimhe inniu'