Céimeanna beartaithe chun Club Chonradh na Gaeilge a thabhairt slán in 2019

Tá sé beartaithe ag coiste nua Chlub Chonradh na Gaeilge díriú ar athchóiriú a dhéanamh ar an teach tábhairne aitheanta ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath

Céimeanna beartaithe chun Club Chonradh na Gaeilge a thabhairt slán in 2019

Tá athchóiriú Chlub Chonradh na Gaeilge ar cheann de na príomhaidhmeanna atá ag coiste nua an Chlub don bhliain nua.

Tuairiscíodh ag tús na míosa go raibh an teach tábhairne aitheanta ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath i mbaol a dhúnta mura dtiocfaidh daoine nua isteach chun cabhair a thabhairt leis an gclub a reáchtáil.

Impíodh ar dhaoine freastal ar Chruinniú Cinn Bliana an Chlub cúpla seachtain ó shin agus ceapadh bainisteoir agus coiste deonach nua ag an gcruinniú sin.

Is é Fionn Ó Drisceoil bainisteoir nua an Chlub agus ar an gcoiste nua tá: Ciarán Wadd (Cathaoirleach), Emmet De Barra (Leaschathaoirleach), Deirdre Ní Chearra (Rúnaí), Jeaic Mag Fhinn (Cisteoir), Eoin McEvoy (Oifigeach Ballraíochta) agus Hugh Carr (Oifigeach Caidreamh Poiblí).

Bhuail an coiste le chéile den chéad uair an tseachtain seo agus pléadh na fadhbanna atá ag an gClub faoi láthair agus na haidhmeanna atá ag an gcoiste nua chun dul i ngleic leis na fadhbanna sin. Beartaíodh ag an gcruinniú gurb é athchóiriú an Chlub an sprioc is tábhachtaí ag an tráth seo.

“Léiríodh imní ag an gCruinniú Cinn Bliana faoi thodhchaí an Chlub agus na fadhbanna a bhí le réiteach,” a deir rúnaí an choiste, Deirdre Ní Chearra.

“Ceann de na haidhmeanna is mó a pléadh ná conas an Club a dheisiú. Chuige sin cruthaíodh ‘fochoiste athchóirithe’ le díriú ar airgead a bhailiú agus pleananna feabhsúcháin a chur le chéile,” a dúirt Ní Chearra agus í ag cur fáilte roimh aon mholtaí a bheadh ag an bpobal faoin obair athchóirithe.

“Cuirfimid fáilte faoi leith roimh dhaoine a bhfuil taithí siúinéireachta nó ceardaíochta acu agus a bheadh sásta cabhrú linn leis an athchóiriú.”

Tá an coiste anois ag iarraidh moltaí an phobail agus a gcuimhní ar an gClub a bhailiú i suirbhé ar líne.

Tá sé i gceist ag an gcoiste sraith imeachtaí a eagrú an bhliain seo chugainn chun airgead a bhailiú a d’íocfadh as na costais athchóirithe.


Imeachtaí i gClub Chonradh na Gaeilge thar an Nollag

Dioscó Anocht – Dé hAoine 21/12/2018.

Pop-Up Gaeltacht Déardaoin 27/12/2018. Beidh an club oscailte ar an oíche.

Oíche Thorthaí na Chéad Dála – Dé hAoine 28/12/2018. Á n-eagru ag Caoimhín Ó Cadhla. Is é Mícheál Mac Donncha a bhéas ag caint faoin lá stairiúil 100 bliain ó shin inár glaodh na torthaí ó 6 Sráid Fhearchair.

Nollaig na mBan – Dé Domhnaigh 6/01/2019.

Gradaim Nós/Sugar Club – Dé hAoine 11/01/2019. Beidh an club oscailte ar an oíche.

Fág freagra ar 'Céimeanna beartaithe chun Club Chonradh na Gaeilge a thabhairt slán in 2019'