Céim oinigh le bronnadh ar phríomhchóitseálaí Chonnacht, Pat Lam

Déanfaidh OÉ Gaillimh céim oinigh a bhronnadh chun aitheantas a thabhairt don obair atá déanta ag an Nua-Shéalannach do rugbaí Chonnacht agus don phobal uile

Céim oinigh le bronnadh ar phríomhchóitseálaí Chonnacht, Pat Lam

Pat Lam. Pictiúr: INPHO/Camerasport/Craig Thomas

Bronnfaidh OÉ Gaillimh céim oinigh ar príomhchóitseálaí fhoireann rugbaí Chonnacht, Pat Lam, an tseachtain seo chugainn as ucht an méid atá déanta aige do rugbaí Chonnacht agus don phobal i gcoitinne.

Ba é Lam a bhí i gceannas ar an bhfoireann nuair a bhuadar an Guinness PRO12 níos luaithe i mbliana, an chéad corn atá buaite ag an gcúige le 131 bliain anuas.

Deir Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr Jim Browne, gur cúis áthais é don ollscoil go bhfuil siad in ann aitheantas a thabhairt do Lam agus dá fhoireann as an obair atá déanta acu chun cathair na Gaillimhe agus an cúige uile a chur chun cinn.

“Níos túisce i mbliana, bhí OÉ Gaillimh ag tréaslú le Pat Lam, a chuid imreoirí iontacha agus an fhoireann sa chúlra, as a mbua i gCraobh Rugbaí an PRO12. Is cúis áthais dúinn aitheantas foirmiúil a thabhairt d’éachtaí Pat Lam anois le céim oinigh, go mór mór agus imreoirí ar an bhfoireann ag fáil a gcuid céimeanna chomh maith.

“De bharr a gcuid buanna an séasúr seo caite tá an Ollscoil, an cúige – agus fiú an tír ar fad – bródúil as Connacht agus tá ardú misnigh tugtha dúinn ar fad i gConnachta. Tá an t-ádh le OÉ Gaillimh céimithe oinigh den scoth a bheith aici in imeacht na mblianta agus is mór an onóir dúinn a bheith in ann aitheantas a thabhairt don éacht spóirt seo,” a deir Dr Browne.

Ó tháinig sé i gceannas ar fhoireann Chonnacht in 2013, tá tréaniarracht déanta ag Lam spiorad a chothú i measc a gcuid imreoirí agus nasc a chruthú idir an fhoireann agus an ceantar.

Agus é ag labhairt ar Newstalk tar éis do Chonnacht cluiche ceannais an PRO12 a bhuachan, mhínigh Lam a raibh déanta aige chun an nasc sin a chothú.

“Thug mé dúshlán do na himreoirí uile cur i láthair a dhéanamh faoi chéard a bhí tábhachtach dóibh. Le linn tréimhse an réamhshéasúir, tugadh deich nóiméad dóibh uile chun an cur i láthair a dhéanamh agus nuair a chonaic mé céard a bhí déanta acu, dúirt mé ‘wow’.

“Bhí siad ag déanamh cur síos ar a muintir, ar a ndúchas, ar a dtreibh. Tháinig tocht ar chuid acu agus iad ag labhairt faoina seantuismitheoirí agus bhain sé sin creathadh mór asam.”

Mar chuid de sin, tá úsáid na Gaeilge spreagtha ag Lam i measc na n-imreoirí agus chonacthas é féin ag úsáid na teanga cúpla uair agus é ag labhairt leis na meáin.

In éineacht le Lam an tseachtain seo chugainn, beidh cúigear imreoirí de chuid Chúige Chonnacht, Jack Dinneen (BComm), Conor Finn (BA), Eoghan Masterson (BA), Saba Meunargia (BA), agus Danny Qualter (BA), ag fáil a gcuid céimeanna ón ollscoil.

Ní hé Lam an chéad laoch spóirt a fuair aitheantas ó OÉ Gaillimh agus bronnadh céimeanna oinigh roimhe seo ar Christy O’Connor Senior, Christy O’Connor Junior agus ar Mick Loftus.

Fág freagra ar 'Céim oinigh le bronnadh ar phríomhchóitseálaí Chonnacht, Pat Lam'