Tá a n-ainm curtha sa Táin ag Na Gaeil Óga, an cumann lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath, agus a gcéad chomórtas faoi aois buaite acu.
Cailíní Na nGael Óga a rinne an beart agus cluiche ceannais camógaíochta na scéithe faoi 13 buaite acu ag an deireadh seachtaine. Fuair Na Gaeil Óga an ceann is fearr ar Na Fianna i gcluiche a imríodh i gColáiste Phádraig, DCU.
Bunaíodh Na Gaeil Óga sa bhliain 2010 tráth ar cuireadh foirne do dhaoine fásta chun páirce ar dtús ach cuireadh tús le foirne faoi aois in 2014 agus fostaíodh oifigeach forbartha cluichí freisin le blianta beaga anuas. Tá toradh na hoibre sin le feiceáil anois.
Ag labhairt dó i ndiaidh bhua na foirne faoi 13, dúirt Cathaoirleach Choiste na nÓg sa chumann, Gerry O’Connell: “Táimid ag súil go mbeidh go leor laethanta iontacha mar seo againn amach anseo. Na Gaeil Óga abú!”
Bhí cóitseálaí na foirne, Annamarie Farrelly, bródúil as an iarracht a bhí déanta ag na himreoirí chun an t-éacht stairiúil a bhaint amach. “Bhí bliain iontach ag an ngrúpa cailíní seo, táimid an-bhródúil astu agus as an obair chrua a rinne siad agus as an diongbháilteacht ar fad a léirigh siad.”
Chuir Na Gaeil Óga tús iontach leis an gcluiche nuair a fuair Sadhbh Ní Mháirtín cúl dóibh agus fuair sí ceann eile roimh leath ama chun Na Gaeil Óga a fhágáil chun tosaigh ag leath ama. D’aimsigh Sadhbh a tríú cúl sa dara leath agus ag na Na Gaeil Óga a bhí an bua.
Fág freagra ar 'CEILIÚRADH: Na Gaeil Óga sa Táin agus a gcéad chomórtas buaite ag ceann d’fhoirne faoi aois an chumainn'