Ceiliúradh na Féile Bríde ar siúl i nGairdín Bhríde i gConamara agus ag Éigse na Brídeoige in Uíbh Ráthach

Caitheann Tuairisc.ie súil ar chuid de na himeachtaí atá ar siúl inniu Lá Fhéile Bríde

Ceiliúradh na Féile Bríde ar siúl i nGairdín Bhríde i gConamara agus ag Éigse na Brídeoige in Uíbh Ráthach

Gairdín Bhríde i Ros Cathail

I Ros Cathail in aice le Maigh Cuilinn i gConamara atá Gairdín Bhríde, gairdín mór fairsing ina ndéantar Féile Bhríde a cheiliúradh gach bliain. Deir Laura Lydon, oifigeach margaíochta an ghairdín, gur géar a theastaíonn tuiscint na gCeilteach ar an nádúr sa lá atá inniu ann agus muid ag iarraidh saol inmharthana a chothú sa domhan seo.

Ba ar bhundúile na cruinne a bhunaigh Bríd a teagasc agus a saol, a deir Lydon, tine, uisce, cré agus aer agus léirigh sí an dlúthcheangal atá againn ar fad leis an talamh.

In 2004 a osclaíodh an gairdín aoibhinn seo don phobal agus ba í an tsuim a bhí ag an mbunaitheoir Jenny Beale sa dúlra agus sa seanchas faoin dá Bhríd a spreag an tionscnamh.

An garraíodóir cáiliúil Mary Reynolds a dhear na ceithre limistéar sa ghairdín agus iad bunaithe ar na ceithre shéasúr Ceilteach – Samhain, Imbolc, Bealtaine agus Lúnasa.  Tá spás anseo don chiúnas, don mhachnamh agus do staidéar na coille agus an tsaoil. Bíonn imeachtaí éagsúla ar siúl sa ngairdín ar feadh na bliana go léir, ceol, ióga, machnamh, imeachtaí ealaíne agus imeachtaí don óige agus do dhaltaí scoile.

Déantar ceiliúradh ann chomh maith ar sheanfhéilte na gCeilteach.

An deireadh seachtaine seo ar fad beidh imeachtaí ar siúl sa ngairdín ag ceiliúradh Bhríde, an dúlra agus teacht an earraigh.

Cuireadh tús leis na himeachtaí aréir, oíche na féile Bríde, le ceardlann croiseanna Bríde, seanchas, ceol, bia, searmanais agus machnamh leis an scríbhneoir agus oide machnaimh Moya Roddy.

Inniu, Lá Fhéile Bríde, beidh Iris Aniar, Raidió na Gaeltachta ag craoladh as an ngairdín. Amárach, Dé Sathairn, beidh ceardlann déanta croiseanna sa ngairdín agus an cosán fionnachtana ann do na gasúir. Ní bheidh aon ocras ar chuairteoirí mar tá bialann bhlasta sa ghairdín seo.

Ó dheas in Uíbh Ráthach déanfar féile an earraigh a cheiliúradh ag an deireadh seachtaine ag Éigse na Brídeoige, ócáid bhliantúil atá ar siúl le 27 bliain. 

Cúrsaí inimirce agus eisimirce in Uíbh Ráthach ó thús aimsire go dtí an lá atá inniu ann a bheidh faoi chaibidil ag Éigse na bliana seo. 

Meabhraíonn lucht na hÉigse dúinn gur in Uíbh Ráthach a tháinig Clanna Mhíle slán i dtír, de réir na miotaseolaíóchta.

I measc na gcainteoirí a bheidh páirteach san Éigse, beidh Piaras Mac Einrí, Sorcha Pollak, Ray O’Connor agus Carol Power. 

Beidh Tim Dennehy agus a chairde i mbun ceoil agus tabharfaidh Síobhra Aiken léacht ar Phádraig Ó hÉigeartaigh, an file ó Uíbh Ráthach a scríobh ‘Ochón, a Dhonncha’ agus é ar deoraíocht i Meiriceá. Labharfaidh  Paddy Bushe faoi Chlanna Mhíle. 

Idir an dá linn, thall i Londain in Ambasáid na hÉireann, mar a tharla ansin anuraidh, déanfar ceiliúradh ar feadh an deireadh seachtaine ar mhná ag ‘Lá Fhéile Bríde – Ag Ceiliúradh Cruthaitheachta na mBan’.

– Gach eolas faoi Éigse na Brídeoige anseo. Gach eolas faoi Ghairdín Bríde anseo agus gach eolas faoi ócáid Ambasáid na hÉireann i Londain anseo.

Mar a deirtí agus duine ina sheasamh istigh sa gcrios Bríde: ‘Más fearr sibh inniu, go mba seacht fearr a bheas sibh bliain ó inniu.’

Fág freagra ar 'Ceiliúradh na Féile Bríde ar siúl i nGairdín Bhríde i gConamara agus ag Éigse na Brídeoige in Uíbh Ráthach'