Ceiliúradh i mBaile Chláir na Gaillimhe ar dhuine de mhórbhailitheoirí béaloidis na hÉireann

Scoláirí éagsúla ag teacht le chéile chun plé a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla de shaol agus de shaothar Chiaráin Bhairéad

Bairéad

Déanfar ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar Chiaráin Bhairéad (1905-1976) amárach i mBaile Chláir na Gaillimhe. Tá Bairéad ar dhuine de mhórbhailitheoirí béaloidis na hÉireann.

Cnuasach thar a bheith tábhachtach is ea an t-ábhar a bhailigh sé ó phobal Bhaile Chláir nuair a bhí an Ghaeilge fós á labhairt ann i measc an phobail.

D’fhonn an t-aitheantas cuí a thabhairt don bhailiúchán sin agus é a cheiliúradh, tabharfaidh roinnt scoláirí caint uathu tráthnóna amárach ag Caisleán Bhaile Chláir na Gaillimhe óna 6.00pm go dtí 8.30pm.

Pléifidh siad gnéithe éagsúla d’obair an bhailiúcháin sa cheantar, agus de shaol Chiaráin féin. Scrúdóidh siad saol a linne chomh maith, mar aon le scéal na Gaeilge i mBaile Chláir agus sa chomharsanacht fré chéile.

Is iad na scoláirí a bheidh i gceist ná an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, an tOllamh Séamas Ó Catháin, an Dr. Pádraig Ó Héalaí, agus an Dr. Brian Ó Curnáin.

I mBéarla a bheidh an chéad dá chaint agus i nGaeilge a bheidh an dá chaint dheireanacha, agus cuirfear fáilte roimh cheisteanna ón bpobal ina ndiaidh.

Tá sé ráite ag duine de na scoláirí a bheidh i láthair, an tOllamh Séamas Ó Catháin, gur fhág Ciarán Bairéad suas le 25,000 leathanach lámhscríbhinne ina dhiaidh i gCartlann Roinn Bhéaloideas Éireann (Coimisiún Béaloideasa Éireann agus Roinn Bhéaloideas Éireann tráth dá raibh).

Agus í ag tagairt do na lámhscríbhinní céanna sa bhliain 1993, dúirt Anna Bale, a bhíonn ag plé le cnuasach taifeadtaí fuaime Chartlann Bhéaloideas Éireann, gur thug an Bairéadach breis agus deich mbliana ag bailiú ábhair an fhaid is a bhí sé fostaithe ansin ach, dá thoirtiúla an méid a chruinnigh sé, is amhlaidh atá tuilleadh ábhair bailithe aige ar thrí cinn de théipeanna nár éirigh leis a scríobh amach in aon chor.

Seo a leanas ábhar na gcainteanna:

 

6.00pm    An tOll. Gearóid Ó Tuathaigh (Staraí)

‘Ciarán Bairéad: family background and cultural formation’

 

6.30pm    An tOll. Séamas Ó Catháin (Scoláire Béaloidis is Gaeilge)

‘Ciarán Bairéad at work’

 

7.30pm     An Dr. Pádraig Ó Héalaí (Scoláire Béaloidis is Gaeilge)

‘Béaloideas ó bhunscoileanna Bhaile Chláir, 1937-38’

 

8.00pm       An Dr. Brian Ó Curnáin (Scoláire Gaeilge is Canúineolaíochta)

‘Atógáil ár n-oidhreachta teanga i mBaile Chláir ó na fothracha aníos’

 

Is í an tOllamh Máirín Ní Dhonnchadha, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a bheidh ina cathaoirleach ar na cainteanna. €5.00 a iarrfar ar dhaoine a fhreastalóidh ar an ócáid, a bhfuil turas Chaisleán Bhaile Chláir na Gaillimhe san áireamh ann.

Tá fáilte roimh chách.

Fág freagra ar 'Ceiliúradh i mBaile Chláir na Gaillimhe ar dhuine de mhórbhailitheoirí béaloidis na hÉireann'