Ceiliúradh go maidin i gCill na Martra agus Craobh na Mumhan buaite acu, ach briseadh croí don Daingean

Bhí bua cumasach ag Cill na Martra ar Mhungairit i gcluiche ceannais Chraobh Idirmheánach Peile na Mumhan ach chaill an Daingean i ndiaidh ciceanna éirice in aghaidh Ghleann Bearcháin i gcluiche ceannais na sinsear

Ceiliúradh go maidin i gCill na Martra agus Craobh na Mumhan buaite acu, ach briseadh croí don Daingean

Tá peileadóirí Chill na Martra ina seaimpíní ar Chúige Mumhan agus craobh idirmheánach an chúige buaite acu in aghaidh Mungairit Naomh Pól i Mala inné. Bua cumasach a bhí ag fir na Gaeltachta agus farasbarr 11 cúilín acu ar churaidh Luimnigh faoi dheireadh, 3-12 in aghaidh 0-10.

Bhí dea-scéal ag Cill na Martra fiú roimh thús an chluiche ceannais agus cead tugtha do chaptaen na foirne Gearóid Ó Goillidhe dul chun páirce nuair a d’éirigh leis an achomharc a rinneadh faoin gcárta dearg a bronnadh air sna babhtaí leathcheannais.

Bhí cóir láidir ag Cill na Martra sa chéad leath i Mala agus bhí rith an ráis leo sa chéad 30 nóiméad sin. Ba é Micheál Ó Deasúna a d’aimsigh an chéad scór den chluiche agus gan ach thart ar 20 soicind imeartha agus d’fhág pointí ó Mhaidhí Ó Duinnín, ceann ó Sheán Ó Fóirréidh agus péire eile ó bhróg Uí Dheasúna go raibh Cill na Martra 0-5 in aghaidh 0-0 chun tosaigh théis ceathrú uaire.

Tháinig an chéad chúl sa chluiche cúig nóiméad ina dhiaidh sin nuair a d’aimsigh Dan Ó Duinnín an sprioc tar éis d’imreoirí Mhungairit praiseach a dhéanamh de sheilbh na liathróide a choinneáil gar dá gcúl féin.

Thóg sé thart ar 25 nóiméad ar Mungairit a gcéad phointe sa chluiche a fháil agus bhí an cluiche thart mar choimhlint ag leath ama nuair a scóráil Maidhcí Ó Duinnín an dara cúl do Chill na Martra le críoch den scoth. Fuair sé féin agus Dan Ó Duinnín pointe an duine roimh an mbriseadh agus bhí na Corcaígh  chun tosaigh, 2-9 in aghaidh 0-1.

D’aimsigh Dan Ó Duinnín cúl eile théis cúig nóiméad den dara leath chun 18 pointe a chur idir na foirne agus cé gur éirigh le Mungairit roinnt pointí a fháil roimh dheireadh an chluiche ba chuma óir bhí an obair chrua déanta ag Cill na Martra le fada.

Cé go raibh sé gaofar i Mala, d’fhan sé tirim den chuid is mó, rud nach bhféadfaí a rá faoin gcluiche ceannais sa Chraobh Shinsir. Briseadh croí a bhí i ndán do Dhaingean Uí Chúis i gcluiche a imríodh in aimsir uafásach i Luimneach.

Cé nach raibh fir an Daingin riamh chun deiridh ar Ghleann Bearcháin Chorcaí sa bhreis is 80 nóiméad a imríodh idir ghnáth-am agus am breise, ba iad na Corcaígh a bhí ag ceiliúradh ar deireadh agus an choimhlint buaite acu ar chiceanna éirice.

Ba é Mikey Geaney a chur an cic cinniúnach amú chun bua 4-3 a thabhairt do Ghleann Bearcháin. Bhí deis ag Tom O’Sullivan an chraobh a bhuachan don Daingean ach shábháil Damien Cahalane a iarracht.

Bhí Cahalane ina laoch ag Gleann Bearcháin. D’imir sé mar leathchúlaí láir i rith an chluiche ach cinneadh é a chur sa chúl do na ciceanna éirice agus d’oibrigh an plean thar cionn. Ní hamháin gur shábháil sé iarracht O’Sullivan ach scóráil Cahalane dhá chic éirice den scoth chomh maith, an ceann a bhuaigh an cluiche dá fhoireann ina measc.

Beidh díomá ar an nDaingean nár éirigh leo an cluiche a bhuachan agus iad chun tosaigh i dtreo dheireadh an chluiche agus arís ag deireadh am breise. Agus cóir na gaoithe acu an dá uair, d’éirigh le Gleann Bearcháin an teacht aniar a dhéanamh.

Conor agus Paul Geaney a fuair formhór na scóranna don Daingean agus ceithre phointe an duine acu. Bhí an Daingean chun tosaigh agus 60 nóiméad imeartha ach scóráil Brian Hurley cic saor chun a chinntiú go mbeadh am breise ann. Chuir an Daingean bearna trí phointe idir na foirne ansin faoin am ar thosaigh an dara leath den am breise, ach ar ais le Gleann Bearcháin arís agus pointí ag Mark Collins agus Cathal Maguire, a chiceáil péire.

Fág freagra ar 'Ceiliúradh go maidin i gCill na Martra agus Craobh na Mumhan buaite acu, ach briseadh croí don Daingean'