Ceiliúradh an Bhlascaoid ina steilleabheathaidh agus leabhar nua Phádraig Uí Éalaí le seoladh

Cainteanna suimiúla, seoladh leabhar agus turas go Caisleán Phiarais Feiritéir i measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl

Dingle-coastline-View-of-Blaskets

Cuirfear tús anocht le Ceiliúradh an Bhlascaoid 2015.

Is í Máirín Uí Shé a osclóidh an Ceiliúradh go hoifigiúil ag 7.30pm agus ina dhiaidh sin, seolfar an leabhar Rí na Gréine: Aistí i gCuimhne ar An Seabhac, cnuasach aistí i gcuimhne Phádraig Uí Shiochfhradha atá bunaithe ar shraith cainteanna a tugadh i gColáiste Íde sa Daingean i Márta na bliana 2014.

Díreofar ar na huaisle a thug cuairt ar Chorca Dhuibhne in imeacht na mblianta agus a chuir fúthu sa dúthaigh sna cainteanna a bheidh ar siúl amárach. Ina measc siúd a chloisfear ag cíoradh an ábhair sin, tá Micheál de Mórdha, Iar-Bhainisteoir Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin, agus an Dr Donncha Ó Corráin.

An file Piaras Feiritéar a bheidh faoi chaibidil tar éis am lóin amárach agus tabharfaidh an t-iarchraoltóir agus an fear scannán, Breandán Feiritéar, caint uaidh dar teideal ‘Dá mairfeadh Piaras sa Dún’.

Déanfar irisí Cheiliúradh an Bhlascaoid a sheoladh sa tráthnóna ansin (Saibhreas agus Dán na Teanga, 2013; Peaidí a’ Dúna 2014), mar aon le leabhar filíochta Bernadette Nic an tSaoir, Ar Faonoscailt, agus leabhar Jerry Hayes (duine de mhuintir Chatháin), The Last Blasket King.

Ag a 11 ar maidin a bheidh Aifreann an Domhnaigh i mBaile an Fheirtéaraigh (seachas a 10, mar atá fógartha ar chlár an Cheiliúrtha), agus ina dhiaidh sin, beidh leabhar atá curtha in eagar ag Pádraig Ó Héalaí á sheoladh sa Mhusaem.

An Blascaod trí Fhuinneog na Scoile is ainm dó. Cnuasach scríbhinní le máthair Phádraig, Nóra Ní Shéaghdha, atá sa leabhar, agus tá cur síos ann ar ghnéithe éagsúla de shaol an Bhlascaoid, áit a mbíodh sí ag múineadh, go luath sa chéad seo caite.

Tá athscríobh ann ar chaibidil as Thar Bealach Isteach (leis an údar céanna, a scríobh sí sa bhliain 1940), mar aon le bailiúchán aoibhinn béaloidis a fuair sí ó leanaí na scoile ar an mBlascaod.

Tabharfar turas go Caisleán Phiarais meán lae Dé Domhnaigh i dteannta Danny Sheehy agus tiocfar le chéile faoina chomhair ag Scoil an Fheirtéaraigh.

– Tuilleadh eolais agus clár an Cheiliúrtha ar fáil anseo

Fág freagra ar 'Ceiliúradh an Bhlascaoid ina steilleabheathaidh agus leabhar nua Phádraig Uí Éalaí le seoladh'