Ceathrar óg arbh fhiú súil a choinneáil orthu in 2020…

Roghnaíonn Tuairisc.ie ceathrar óg i saol an spóirt arbh fhiú go mór súil a choinneáil orthu in 2020

Ceathrar óg arbh fhiú súil a choinneáil orthu in 2020…

Jake Morris

Ba mhór an ní ag Tiobraid Árann Craobh na hÉireann a thabhairt leo in 2019, ach is beag an baol go ligfidh bainisteoir na foirne Liam Sheedy na maidí le sruth i mbliana. Níl an chraobh iomána buaite dhá bhliain as a chéile ag Tiobraid Árann ó 1965 agus is maith cinnte go mbeidh sé mar aidhm ag Sheedy é sin a chur ina cheart in 2020.

Bealach amháin ag Sheedy le spreagadh a thabhairt don fhoireann ná cúpla imreoir nua a thabhairt isteach. Ar an dea-uair dó féin agus do Thiobraid Árann, tá roghanna aige.

Bhuaigh Tiobraid Árann Craobh Faoi 21 na hÉireann in 2018 agus an comórtas nua, an Chraobh Faoi 20, in 2019. Bhí imreoirí ó na foirne sin, Paddy Cadell, Ger Brown, Mark Kehoe agus Jerome Cahill, mar chuid den fhoireann shinsir i mbliana ach seans gurb é Jake Morris an t-imreoir is mó a chuaigh i bhfeidhm ar lucht tacaíochta Thiobraid Árann.

Tá Morris istigh leis na sinsir ó 2018 agus beidh sé ag iarraidh áit a bhaint amach ar an bhfoireann tar éis dó feachtas den scoth a bheith aige in 2019. D’imir Morris i ngach chluiche craoibhe – thosaigh sé i bpéire acu – agus d’aimsigh sé pointí i gcluiche ceannais na Mumhan, cluiche leathcheannais na hÉireann agus i gcluiche ceannais na hÉireann.

Tá scoth na dtosaithe ag Tiobraid Árann agus is láidre fós a bheidh siad in 2020. Tá Patrick ‘Bonnar’ Maher tagtha chuige féin ó ghortú agus tá a chumas léirithe ag Morris agus súil aige tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh in 2020.

Conor Fitzgerald

Is iontach go deo an dul chun cinn atá déanta ag Conor Fitzgerald le bliain go leith anuas. I samhradh 2018, d’fhág sé acadamh Chúige Mumhan nuair a chinn siad gan conradh nua a thabhairt don leathchúlaí amuigh. Mar atá déanta go minic ag Cúige Chonnacht i gcás imreoirí a d’fhág ceann de na cúigí eile, thug siad seans do Fitzgerald agus is maith a chúitigh sé iad as an deis sin a fháil.

Cé go raibh sé fós in acadamh Chonnacht in 2018/19, thug Andy Friend roinnt deiseanna do Fitzgerald leis an bhfoireann shinsir. Chuaigh an fear óg i bhfeidhm ar an lucht bainistíochta agus tugadh conradh lánaimseartha dó mí Aibreáin 2019.

Nuair a bhí Jack Carty imithe go dtí Corn an Domhain ag tús an tséasúir seo, d’imir Fitzgerald chomh maith sin go raibh sé deacair ag Carty áit a bhaint amach ar an bhfoireann arís. Agus Jonathan Sexton anois i mbaol Craobh na Sé Náisiún a chailleadh, táthar ag rá gur cheart deis a thabhairt do Fitzgerald ar fhoireann na hÉireann.

D’imir Fitzgerald d’iománaithe Luimnigh i gcluiche ceannais mhionúir na hÉireann in 2014 agus cé gur bhuaigh roinnt de na himreoirí a bhí ar an bhfoireann sin, amhail Cian Lynch, Seán Finn, Tom Morrissey, Corn Mhic Cárthaigh in 2018, seans go mbeidh Fitzgerald sásta gur chloígh sé féin leis an rugbaí má choinníonn sé air ag dul i bhfeabhas.

Ailish Morrissey

Ní raibh Ailish Morrissey ar fhoireann na Gaillimhe a bhí ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann in 2019 ach tar éis di taispeántais den scoth a thabhairt dá cumann, Cill Choirín/Cluain Bheirn, i gCraobh na hÉireann, tá deis tuillte aici in 2020.

Tá Morrissey ar dhuine de scata imreoirí óga den scoth atá tagtha chun cinn sa gcumann sin agus bhí sise, na deirfiúracha Noone, Chloe Miskell, Siobhán Fahy agus a leithéidí ar fhoirne Faoi 16 agus foirne mionúir na Gaillimhe a bhuaigh craobhacha uile-Éireann le cúpla bliain anuas.

I ngrád na mionúr a bhí Morrissey ag imirt in 2019 ach is le Cill Choirín/Cluain Bheirn is mó a rinne sí gaisce. Is mó caint atá déanta faoi Olivia Divilly agus Louise Ward ar fhoireann Chill Choirín/Cluain Bheirn, ach bhí ról cinniúnach ag Morrissey sna cluichí sin a chinntigh go raibh seaimpíní na Gaillimhe i gcluiche ceannais na hÉireann.

Cé nár éirigh le Chill Choirín/Cluain Bheirn an cluiche ceannais sin i gcoinne Mhainistir na Móna a bhuachan, sheas Morrissey an fód i gcaitheamh an chluiche ar fad agus d’aimsigh sí 0-3. Bhí sí chomh suntasach céanna sa mbabhta leathcheannais nuair a scóráil sí 2-1 i gcoinne fhathaigh Bhaile Átha Cliath, Carraig an tSionnaigh/Cábán tSíle.

Cé go bhfuil sí fós an-óg, tá Morrissey láidir agus nuair a éiríonn léi seilbh a fháil ar an liathróid, tá sí iontach cruinn. Tréithe maithe iad sin d’aon imreoir agus is cinnte nach ndeachaigh siad amú ar bhainisteoir na Gaillimhe Tim Rabbitt.

Jayson Molumby

Nuair a thiocfaidh Stephen Kenny isteach mar bhainisteoir ar fhoireann shinsir sacair na hÉireann, meastar go dtabharfaidh sé roinnt de na himreoirí atá aige san fhoireann Faoi 21 faoi láthair leis. Tá deiseanna faighte ag Troy Parrott agus ag Aaron Connolly leis na sinsir cheana féin agus tabharfar seans do Jayson Molumby sula i bhfad.

Dála Connolly, tá Molumby faoi chonradh ag Brighton & Hove Albion ach cé go bhfuil áit bainte amach ag Connolly sa chéad fhoireann ansin, níl déanta amhlaidh ag Molumby fós. Bhí an t-imreoir lár páirce ar tí áit a fháil ar an bhfoireann cúpla bliain ó shin ach bhain drochghortú dó a choinnigh siar go mór é.

Tá fear Phort Láirge tagtha chuige féin anois agus é ar iasacht ag Millwall sa dara roinn faoi láthair. Thóg sé tamaillín ar Molumby áit a bhaint amach ar an bhfoireann ach tá sé ag dul ó neart go neart faoi cheannas Gary Rowett, a ceapadh ina bhainisteoir ag tús mhí Dheireadh Fómhair.

Tá sé ag imirt ar fheabhais d’fhoireann Faoi 21 na hÉireann chomh maith. Roghnaíodh é mar dhuine de na himreoirí is fearr a d’imir i gComórtas Toulon an samhradh seo caite agus tá sé anois ina chaptaen ar an bhfoireann.

Ní bheidh Glenn Whelan ag imirt d’Éirinn go brách agus beidh Stephen Kenny ag súil go mbeidh Molumby in ann bearna a líonadh lár páirce nuair a thiocfaidh an t-am.

Fág freagra ar 'Ceathrar óg arbh fhiú súil a choinneáil orthu in 2020…'