Ceathrar eile le Covid-19 básaithe, an líon is lú básanna a fógraíodh aon lá ón 26 Márta

2,029 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,547 duine ó dheas den teorainn agus 482 ó thuaidh di

Ceathrar eile le Covid-19 básaithe, an líon is lú básanna a fógraíodh aon lá ón 26 Márta

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil ceathrar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, an líon is lú básanna a fógraíodh aon lá ón 26 Márta.

Bhásaigh beirt den cheathrar ag an deireadh seachtaine agus tharla bás na beirte eile i mí Aibreáin.

D’fhógair an Roinn Sláinte sa Tuaisceart níos túisce tráthnóna go raibh seisear eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.

2,029 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,547 duine ó dheas den teorainn agus 482 ó thuaidh di.

88 cás nua den ghalar a dheimhnigh an Roinn Sláinte ó dheas tráthnóna, rud a fhágann gur 28,601 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 24,200 cás ó dheas den teorainn agus 4,401 cás ó thuaidh.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, tráthnóna gur údar imní é go léiríonn suirbhé nua go bhfuil 46% den phobal den tuairim go bhfuil an chuid is measa den phaindéim curtha dínn againn.

Ach dúirt Holohan go raibh sé dóchasach go bhféadfaí an galar a choimeád faoi chois agus tús curtha le scaoileadh na srianta dianghlasála inniu.

Bhí sé dóchasach go bhféadfaí tosú ar an dara tréimhse de phlean díchuibhrithe an rialtais faoi cheann trí seachtaine bunaithe ar an tslí ar chloígh formhór mór de mhuintir na hÉireann leis an gcomhairle faoin tsláinte phoiblí go dtí seo.

Dúirt an Dr Holohan go mbeadh seachtain ar a laghad ann sula bhfeicfí cén lorg a d’fhágfadh an cinneadh tús a chur le scaoileadh na srianta ar scaipeadh an ghalair agus líon na gcásanna nua.

Ní bheidh aon chruinniú ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí amárach ó tharla go mbeidh an Príomh-Oifigeach Leighis agus oifigigh sláinte eile os comhair an choiste Dála nua a bunaíodh le scrúdú a dhéanamh ar an tslí a láimhseáladh an phaindéim go dtí seo.

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) go raibh baint le hionad cúraim ag 963 den 1,547 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 63%. Bhain 843 de na cásanna sin, nó 55% acu, le tithe altranais.

Fágann sin gur bhain beagnach beirt as gach triúr a bhásaigh ó thús na ráige le teach altranais nó le hionad cúraim eile.

Idir an dá linn, tá sé ráite ag Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Antonio Guterres, gur chóir éirí as an “mórtas” a bhaineann leis an iarracht dhomhanda déileáil le Covid-19  a bhfuil “drochbhail curtha aige ar an domhan”.

“Ba chóir gur oscailt súl a bheadh san Covid-19. Tá sé in am éirí as an mórtas. Tá roinnt dlúthpháirtíochta feicthe againn ach is beag comhaontú a chonacthas agus muid ag déileáil leis an Covid-19. Straitéisí éagsúla a bhí ag tíortha éagsúla, uaireanta ba straitéisí iad seo a bhí ag obair in aghaidh a chéile agus táimid ar fad ag íoc go daor as sin.

“Rinne go leor tíortha neamhaird ar mholtaí an hEagraíochta Domhanda Sláinte agus dá bharr, tá an víreas scaipthe ar fud na cruinne.”

Dúirt Guterres go raibh Covid-19 ag scaipeadh sa leathsféar theas anois agus gur “mheasa fós an scrios” a dhéanfadh sé sna tíortha sin.

Dúirt an tArd-Rúnaí go gcaithfí  córas eacnamaíochta níos cothroime agus níos inmharthana a chruthú agus gur deis a bhí anseo “an atógáil a dhéanamh ar bhealach eile a bheadh níos fearr”.

“Seachas dul ar ais go dtí córais nach raibh inmharthana, caithfimid an deis a thapú le todhchaí a bheidh uileghabhálach agus comhionann a chruthú ina mbeidh fuinneamh glan in úsáid, agus cosaint níos fearr ann do dhaoine agus cúram sláinte uilíoch.”

“Is féidir linn é sin a dhéanamh, ach an ndéanfaimid é? Mura gcuirfimid an phaindéim dínn i gcomhar le chéile, teipfidh orainn,” a dúirt Antonio Guterres.

Tá tithe tábhairne, caiféanna, bialanna agus gruagairí athoscailte inniu san Iodáil, ceann de na tíortha ba mheasa a bhí buailte ag an gcoróinvíreas ach tá rialacha diana i bhfeidhm ó thaobh an scartha sóisialta.

Tá an chuid is mó den Spáinn ag tabhairt faoin dara céim den díchuibhriú agus tá cead ag na milliúin sa phobal casadh le chéile i ngrúpaí nach mó ná deichniúr agus cead acu deoch nó béile a bheith acu i bhfochair a chéile ag boird lasmuigh i gcaifé nó i mbialann.

 

Fág freagra ar 'Ceathrar eile le Covid-19 básaithe, an líon is lú básanna a fógraíodh aon lá ón 26 Márta'