Ceathrar eile básaithe ó thuaidh agus síneadh ‘roinnt seachtainí’ le cur leis an dianghlasáil ó dheas

Beidh súil ghéar á coinneáil ag na Gardaí agus an PSNI ar dhaoine a bheidh ag taisteal thar teorainn le linn an deireadh seachtaine

Ceathrar eile básaithe ó thuaidh agus síneadh ‘roinnt seachtainí’ le cur leis an dianghlasáil ó dheas

ceathrar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe sa Tuaisceart. 

317 duine atá básaithe in Éirinn faoin tráth seo, 82 duine ó thuaidh den teorainn agus 235 ó dheas di. 

7,551 cás den choróinvíreas atá deimhnithe anois in Éirinn, 6,074 cás ó dheas agus 1,477 cás ó thuaidh.

138 cás nua den ghalar a deimhníodh ó thuaidh tráthnóna agus cuireadh tástáil ar 843 duine eile ó inné. 

Tá tástáil curtha ar 10,203 duine ar fad sa Tuaisceart ó thosaigh an ráig.

Eisíodh na figiúirí nua, tráth a fógraíodh go mbeidh súil ghéar á coinneáil ag na Gardaí agus an PSNI ar dhaoine a bheidh ag taisteal thar teorainn le linn an deireadh seachtaine.

Tá sé ina imní go mbeidh daoine ag sárú na srianta taistil agus eile le linn deireadh seachtaine fada na Cásca.

Tá na húdaráis sa dá dhlínse ag impí ar dhaoine fanacht ag baile agus cloí leis na srianta atá tugtha isteach chun dul i ngleic leis an gcoróinvíreas. 

Beidh Operation Fanacht á chur i bhfeidhm ag an nGarda Síochána le cinntiú go gcloífear leis na rialacha.

Tá ceantair Ghaeltachta i measc na gceantar is mó a bhfuil na húdaráis buartha fúthu.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris inniu gur dóigh go bhfógrófar amárach síneadh ama “roinnt seachtainí eile” leis na srianta a tugadh isteach chun dul i ngleic leis an gcoróinvíreas. 

Thug an tAire le fios chomh maith go gcuirfí daoine ar an eolas amárach faoi céard a d’fhéadfadh tarlú i ndiaidh na chéad tréimhse dianghlasála eile, má bhíonn rath ar na srianta.

Dúirt sé, áfach, gur dóigh go mbeidh an víreas ann ar feadh tamall fada agus go mbeadh ar dhaoine dul i dtaithí air, a saol a chaitheamh agus déileáil leis.

Ní dóigh leis go dtiocfaidh an lá a mbeidh an galar imithe as an tír ar fad mar a bheadh “draíocht” ann.

“Chun a bheith macánta le daoine faoi agus gan aon fhiacail a chur ann, ní bheifear ag cur deireadh amárach leis na srianta atá curtha i bhfeidhm againn. Beidh orainn coinneáil orainn.

“Gach seans go molfaidh an Fhoireann Náisiúnta Um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí dúinn amárach go leanfaí leis na srianta an-dian,” a dúirt an tAire. 

Dúirt an tAire go rabhthas ag súil léargas a thabhairt do dhaoine amárach ar cad a bhí i ndán dóibh.

“An rud atá súil againn a dhéanamh ná a thaispeáint do dhaoine cén cineál aistir atá rompu. Má choinníonn muid orainn leis seo ar feadh roinnt seachtainí eile, cá bhfágfaidh sé sin muid, cén chuma a bheidh ar chúrsaí má tá ag éirí linn?”.

Tuairiscítear go bhfuil imní ar dhochtúirí in aonaid dianchúraim nach bhfuil an bhuaic sroichte sna hospidéil go fóill maidir le hothair atá an-tinn agus go mbeidh brúisc sa líon othar sna laethanta amach romhainn.

Údar mór imní é seo tráth a bhfuil na haonaid dianchúraim féin nach mór lán.

Idir an dá linn, dúradh i ráiteas ó Shráid Downing inniu go bhfuil biseach ag teacht de réir a chéile ar Phríomh-Aire na Breataine Boris Johnson.

Tá trí oíche caite ag Johnson, a bhfuil an coróinvíreas air, in aonad dianhcúraim in Ospidéal St Thomas’ i Londain, mar a bhfuil sé curtha ar ocsaigin.

De réir na bhfigiúirí is déanaí, 765 duine eile le Covid-19 a bhásaigh in ospidéil Shasana, mar a bhfuil 7,248 duine a bhí buailte ag an ngalar básaithe.

Bhásaigh 81 duine eile in Albain, mar a bhfuil 447 duine básaithe faoin tráth seo agus 41 bás eile a fógraíodh sa Bhreatain Bheag, áit a bhfuil 286 duine san iomlán básaithe.

Táthar chun síneadh a chur leis an dianghlasáil sa Fhrainc agus sa Bhreatain chomh maith agus ardú ag teacht i gcónaí ar líon na mbásanna sna tíortha sin.

683 bás in aon lá amháin a tuairiscíodh sa Spáinn inniu, i gcomparáid le 757 duine inné. Chomh maith leis sin, tháinig laghdú ar líon na gcásanna nua sa dara tír is measa atá buailte ag an bpaindéim.

Tá os cionn 1.5 milliún cás den choróinvíreas deimnithe sa domhan faoin tráth seo agus nach mór 90,000 duine curtha den saol ag an ngalar.

Dúirt an IMF inniu go mbeadh an cúlú eacnamaíochta a leanfadh an phaindéim níos measa ná an Spealadh Mór sna 1930idí.

“Tá droch-chuma ar chúrsaí do gheilleagair fhorbartha agus iad siúd atá i mbéal forbartha. Níl aon bheann ag an ngéarchéim seo ar aon teorainn. Buailfidh sé gach duine,” arsa Kristalina Georgiev, Stíurthóir Bainistíochta an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.

Fág freagra ar 'Ceathrar eile básaithe ó thuaidh agus síneadh ‘roinnt seachtainí’ le cur leis an dianghlasáil ó dheas'