Ceathrar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, an líon is lú cásanna deimhnithe ó thús an Mhárta

Os cionn 30,000 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,207 cás ó dheas den teorainn agus 4,802 cás ó thuaidh

Ceathrar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, an líon is lú cásanna deimhnithe ó thús an Mhárta

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil ceathrar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus go bhfuil naoi gcás nua den ghalar deimhnithe, an líon is lú cásanna a fógraíodh ón 11 Mártha.

Seo an ceathrú lá as a chéile ar fógraíodh níos lú ná 30 cás.

2,220 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,683 duine ó dheas den teorainn agus 537 ó thuaidh di.

30,009 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,207 cás ó dheas den teorainn agus 4,802 cás ó thuaidh.

Don dara lá as a chéile, ní raibh aon bhás nua de dheasca an ghalair le fógairt ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt.

Sé chás nua den ghalar a deimhníodh ó thuaidh.

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) tráthnóna go raibh baint le hionad cúraim ag 1,064 den 1,683 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo, nó 63.2%. Bhain 933 de na cásanna sin, nó 55.4% acu, le tithe altranais. 61 cás eile a deimhníodh in ionaid chúraim ón Déardaoin seo caite. Cúig bhraisle cásanna nua a bhí i gceist in ionaid chúraim sa tréimhse chéanna.

Fágann sin gur bhain beirt as gach triúr a bhásaigh ó thús na ráige le teach altranais nó le hionad cúraim eile.

16 braisle cásanna a deimhníodh i dteaghlaigh an tseachtain seo caite.

Dúirt Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, Dr Tony Holohan, gur bhain thart ar leath de na cásanna nua den ghalar le seachtain anuas le hionaid chúraim agus áiteanna oibre amhail monarchana feola agus go mbaineann an leath eile le teaghlaigh.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, a bhain leis an 25,198 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Sathairn, an 6 Meitheamh:

  • Fir a bhí i gceist le 43% de na cásanna agus mná iad 57%
  • An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 3,322 duine, 13%
  • As na daoine sin, cuireadh 411 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim.
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 8,073 cás, 32%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 12,158 cás, nó 48%, bhí Corcaigh sa dara háit, le 1,529 cás, nó 6%, agus Cill Dara a bhí sa tríú háit le 1,423 cás, nó 6%
  • 481 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (1.9%), 308 a bhí i gcontae Chiarraí (1.2%), 471 cás bhí i nDún na nGall (1.9%), 154 cás a bhí i bPort Láirge (0.6%), 804 cás a bhí i gcontae na Mí (3.2%) agus 570 cás (2.3%) a bhí deimhnithe i Maigh Eo
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 39% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 58% agus taisteal thar lear ba chúis le 2%

De réir na bhfigiúirí is déanaí, níor deimhníodh aon chás nua den ghalar in aon cheann de na seacht gcontae Gaeltachta.

De réir an áirimh is déanaí atá déanta ag Ollscoil Johns Hopkins 410,00 duine ar a laghad atá curtha den saol go dtí seo ag an gcoróinvíreas agus tá sé deimhnithe gur bhuail an galar breis is seacht milliún duine ar fud na cruinne.

Bhain thart ar 117,00o de na básanna agus beagnach dhá mhilliún de na cásanna deimhnithe go dtí seo le Stáit Aontaithe Mheiriceá, an tír is measa atá buailte ag an bpaindéim.

Tá achainí déanta ag na húdaráis sláinte ar dhaoine fanacht ina gceantar áitiúil féin agus gan bualadh ach le líon teoranta daoine.

“100 lá ó shin a d’fhógraíomar an chéad chás den Covid-19 sa tír seo. Is a bhuíochas don iarracht a rinne an tseirbhís sláinte agus an pobal ó shin gur cuireadh srian le scaipeadh an víris. Agus aghaidh á tabhairt againn ar Chéim 2, tá sé ríthábhachtach go leanfaí ag cloí leis an gcomhairle sláinte phoiblí,” a dúirt an Dr Tony Holohan, Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte.

Dúirt NPHET chomh maith gur sábháilte go mór bualadh le daoine amuigh faoin aer agus nár cheart aon chruinniú a bhíonn ag daoine taobh istigh seasamh níos faide ná thart ar uair an chloig.

Rinneadh impí ar an bpobal gan teagmháil a bheith acu ach le líon beag daoine agus dúirt gur tábhachtaí anois ná riamh na lámha a níochán go maith agus go minic agus gan a bheith ag sraothartach ná ag casacht san éadan ar dhaoine eile [cúirtéis riospráide].

Beidh an scoitheadh sóisialta 2 mhéadar in earnáil an fháilteachais á athbhreithniú ag an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) sna seachtainí seo amach romhainn má fhanann líon na ndaoine a tholgfaidh an víreas íseal.

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Léiríonn na figiúirí is déanaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte go bhfuil an líon daoine a mbíonn gartheagmháil ag othair Covid-19 leo ardaithe go dtí breis is cúigear. Ní bhíodh triúr gartheagmhálaithe ag othar i dtús na Bealtaine.

Is léir ó na figiúirí is déanaí chomh maith go bhfaigheann 69% de na daoine atá ag iarraidh tástáil Covid-19 coinne taobh istigh de 24 uair an chloig agus gur 1.3 lá an mheánfhanacht sula bhfaigheann duine an toradh.  2.7 lá a thógann sé ar an meán chun teagmhálaithe an othair a aimsiú.

Tá líon na ndaoine a chuireann Covid-19 san ospidéal fós ag titim. 122 cás deimhnithe den ghalar a bhí in ospidéil aréir agus bhí 133 duine eile ann a raibh amhras gurbh é an galar sin a bhí tolgtha acu.

IKEA innú. Pictiúr: Sasko Lazarov / RollingNews.ie

35 duine a bhí in aonad dianchúraim inniu.

Is í comhairle an rialtais gur chóir do dhaoine leanúint orthu ag obair ón mbaile más féidir leo, gan bualadh ach lena laghad daoine agus is féidir agus gan aon bhrú a chur ar an gcóras iompair phoiblí.

Tá cead acu siúd a bhfuil an seachtó bliain sáraithe acu agus daoine atá i gcontúirt ó thaobh na sláinte na rudaí céanna a dhéanamh le gach duine eile ach moltar dóibh a bheith cáiréiseach agus stuama ina mbreithiúnas.

An chomhairle a thugtar do na daoine sin fanacht sa mbaile chomh maith agus is féidir leo, an scoitheadh sóisialta a chleachtadh agus a bheith fíorchúramach agus iad amuigh sa bpobal.

Fág freagra ar 'Ceathrar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, an líon is lú cásanna deimhnithe ó thús an Mhárta'