Ceathrar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 57 cás nua deimhnithe

2,114 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,608 duine ó dheas den teorainn agus 506 ó thuaidh di

Ceathrar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 57 cás nua deimhnithe

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil ceathrar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus 57 cás nua a deimhníodh.

2,114 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,608 duine ó dheas den teorainn agus 506 ó thuaidh di.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos luaithe tráthnóna go raibh duine eile a bhí buailte ag an aicíd básaithe agus deimhníodh go rabhthas tagtha ar 25 cás nua den ghalar.

Tá 57,052 tástáil déanta don ghalar sa Tuaiscirt. Breis is 310,000 tástáil atá déanta ó dheas.

29,209 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 24,639 cás ó dheas den teorainn agus 4,570 cás ó thuaidh.

Ach de réir an eolais is déanaí a chuir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA) amach, tá líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná 505.

664 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 15 Bealtaine. 472 bás a thuairiscigh an Roinn Sláinte don tréimhse chéanna, rud a fhágann go bhféadfadh líon na mbásanna de bharr Covid-19 sa Tuaisceart a bheith beagnach 30% níos airde ná mar a thugtar le fios sna figiúirí oifigiúla éagsúla.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó NISRA tharla leath de na básanna de bharr Covid-19 in ionaid chúraim.

Básanna sna hospidéil den chuid is mó a fhógraíonn an Roinn Sláinte sa Tuaisceart agus ní chuireann siad ar an taifead ach cásanna a deimhníodh le tástáil go raibh Covid-19 i gceist. Cuireann NISRA san áireamh gach cás ina bhfuil Covid-19 luaite mar shiocair bháis ar theastas báis.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, a bhain leis an 24,451 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé hAoine:

  • Fir a bhí i gceist le 43% de na cásanna agus mná iad 57%
  • An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 3,222 duine, 13%
  • As na daoine sin, cuireadh 394 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 7,819 cás, nó 32%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 11,873 cás, nó 48%, bhí Corcaigh sa dara háit, le 1,428 cás, nó 6%, agus Cill Dara a bhí sa tríú háit le 1,392 cás, nó 6%
  • 458 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (1.9%), 308 a bhí i gcontae Chiarraí (1.3%), 478 cás bhí i nDún na nGall (1.9%), 151 cás a bhí i bPort Láirge (0.6%), 797 cás a bhí i gcontae na Mí (3.2%) agus 568 cás a bhí i Maigh Eo

Scaipeadh sa phobal ba chúis le 59% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 38% agus taisteal thar lear ba chúis le 3%.

51 othar le Covid-19 a bhí sna haonaid dianchúraim ar maidin agus bhí 16 othar eile in ICU a mheastar go raibh Covid-19 orthu. 303 othar le Covid-19 a bhí sna hospidéil agus bhí 158 othar eile iontu a mheastar go raibh Covid-19 orthu.

Don séú lá as a chéile níor fógraíodh aon ardú ar líon na gcásanna deimhnithe i gCiarraí –308. Don tríú lá as a chéile níor fógraíodh aon ardú ar líon na gcásanna deimhnithe do Dhún na nGall.

 

Fág freagra ar 'Ceathrar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 57 cás nua deimhnithe'