Ceathrar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 16 cás nua deimhnithe

2,257 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,714 duine ó dheas den teorainn agus 543 ó thuaidh di

Ceathrar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 16 cás nua deimhnithe

Tá ceathrar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus 16 cás nua den ghalar deimhnithe, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte.

Ní raibh aon bhás nua le fógairt ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus níor deimhníodh ach cás nua amháin den ghalar.

Fógraíodh na figiúirí is déanaí tráth a bhfuil na húdaráis sláinte agus an Rialtas ag smaoineamh ar dhlús a chur leis an bplean do scaoileadh na srianta dianghlasála.

2,257 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,714 duine ó dheas den teorainn agus 543 ó thuaidh di.

Beirt ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal.

30,218 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,355 cás ó dheas den teorainn agus 4,863 cás ó thuaidh.

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) go raibh baint le hionad cúraim ag 1,085 den 1,714 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 63.3%.

Bhain 962 de na cásanna sin, nó 56% acu, le tithe altranais.

Fágann sin gur bhain beirt as gach triúr a bhásaigh ó thús na ráige le teach altranais nó le hionad cúraim eile. 

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, cathaoirleach an ghrúpa a dhéanann réamh-mheastacháin faoin eipidéim do shaineolaithe na Roinne Sláinte, gur léirigh na figiúirí is déanaí go raibh scaipeadh an ghalair seasmhach nó ag laghdú. 

De réir an eolais is déanaí tá ráta atáirgthe an ghalair Covid-19 idir 0.5-0.7.

Is ionann sin agus a rá, as gach beirt a tholgann an Covid-19, ní thabharfaidh duine amháin acu d’aon duine eile é agus ní thabharfaidh an dara duine do níos mó ná duine amháin eile é.

Dúirt Nolan go raibh na figiúirí maidir le scaipeadh an ghalair “beagnach díreach mar a chéile” le figiúirí na seachtaine seo caite. Bhí an líon othar atá á gcur in aonaid dianchúraim gach lá, líon na gcásanna sna hospidéil agus líon na ndaoine atá ag fáil bháis de dheasca an ghalair ag titim i gcónaí, ar sé. 23 duine a bhí buailte ag Covid-19 a bhí in aonaid dianchúraim na n-ospideál inniu. 73 othar le Covid-19 a bhí sna hospidéil ar an meán an tseachtain seo caite, i gcomparáid le 48 othar inniu.

Ar an meán, duine amháin le Covid-19 atá á chur in ICU gach cúig lá.

Dúirt Nolan go raibh sé róluath a mheas fós cén tionchar a bhí ag scaoileadh na srianta is déanaí ar scaipeadh an ghalair ach gur údar misnigh ab ea é nach raibh aon fhianaise go fóill ann go raibh aon athrú mór tagtha ar chúrsaí.

Dúirt sé gur cásanna aonair sa phobal agus sa teaghlaigh ab ea 60% de na cásanna nua den ghalar anois agus go raibh an galar curtha faoi chois in ionaid chúraim agus áiteanna eile. B’ábhar beag imní é, a dúirt sé, go raibh méadú beag tagtha ar líon na gcásanna a bhain leis an taisteal thar lear. Níos lú ná 10 gcás a bhí i gceist le coicís anuas. Bhain ceann de na cásanna sin le duine a tháinig ó Shasana agus bhain ceann eile acu le duine a thaistil ón tSualainn. Tá na cásanna eile fós á bhfiosrú.

Fág freagra ar 'Ceathrar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 16 cás nua deimhnithe'