Ceathrar ban misniúil i gclár maifia eile ón Iodáil

Saothar Iodálach eile é ‘The Good Mothers’ a thugann léargas ar ghníomhartha fill an mhaifia, ach na mná i atá i lár an aonaigh an uair seo

Ceathrar ban misniúil i gclár maifia eile ón Iodáil

Is ag deireadh an chéad ghála de The Good Mothers (Disney+) a shoiléirítear dúinn sruth na sraithe coiriúlachta seo. Tá an t-ionchúisitheoir nua i Calabria na hIodáile, Anna Colace (Barbara Chichiarelli), seasta os comhair buíon fear agus í ag áiteamh orthu go bhfuil gá le hathrú straitéise má tá fúthu an ceann is fearr a fháil ar an maifia áitiúil cumhachtach míchlúiteach an ‘Ndrangheta. Dar léi gurb iad na mná a laige, iad smachtaithe go brúidiúil agus iad ag fulaingt go ciúin ar feadh a saoil. Más féidir iad a earcú beidh a leagan féin de chapall na Traí acu.

Dar léi níor cheart go bheadh sé dodhéanta cur in luí orthu “feall a dhéanamh ar n-aithreacha a bhíonn á gcéasadh agus a bhfir chéile a thugann drochíde dóibh”. Faoi mar a deir sí beagáinín níos faide anonn tabharfaidh na póilíní deis do na mná seo “na slabhraí a choimeádann i ngéibheann iad a scaoileadh”. Sin mná an teidil agat sa saothar seo atá bunaithe ar leabhar den teideal céanna ó pheann Alex Perry. Eachtraí iad seo a tharla in 2010.

Ní nach ionadh beidh comparáidí á rianú le Gomorrah, sraith iontach a thug éachtaint ar leith ar mhaifia Napoli. Is cinnte go bhfuil an t-atmaisféar tuarúil, gruama céanna le sonrú agus ní chuirfear aon fhiacail sa léiriú a dhéanfar ar bhrúidiúlacht chruachroíoch na buíne coiriúla. Ina dhiaidh sin féin is ar aistear cróga na mban a bheidh an saothar seo dírithe.

Ag tús an chláir címid Lea (Micaela Ramazzotti) agus a hiníon Denise (Gaia Gircace) atá seacht mbliana déaga d’aois ag triall ar Mhilan le bualadh le hathair Denise, Carlo (Francesco Colella), fear nach bhfuil feicthe acu ó chuadar sa chlár tearmann finné seacht mbliana roimhe sin. Tá a fhios againn go rímhaith cad a tharlóidh, agus tagann an tuar faoin tairngreacht. Fágtar Denise san fhaopach. Tá sí teanntaithe agus i ngalar na gcás. Comhghleacaithe an athar ag tathant air cleamhnas a dhéanamh di len í a chur as an tslí.

Ní chímid puinn de Giusy (Valentina Bellè) ach is radharcanna cumhachtacha iad. Í ag obair léi don bhuíon ach gan aon stádas aici. Tugann a hathair féin drochíde di de bharr, dar leis, an iomarca cainte agus easpa umhlaíochta a bheith ag baint léi. Is máthair óg eile í Cetta Cacciola (Simona Distefano) atá i ngéibheann.

Ní chloisimid focal uaithi sa chéad chlár agus ní chímid puinn di, ach arís tá tionchar ag na míreanna beaga seo orainn. Í seasta os comhair gheataí na scoile le Giusy, a spéaclaí ag ceilt dhrochíde na hoíche roimhe. Iad ag féachaint ar a chéile le trua agus le comhbhá. Is fiú go mór tabhairt faoin tsraith sé chlár seo.

Fág freagra ar 'Ceathrar ban misniúil i gclár maifia eile ón Iodáil'