Ceathrar ball nua ceaptha ar Bhord Fhoras na Gaeilge

An bhliain seo chugainn a cheapfar cathaoirleach nua ar bhord an Fhorais agus a thréimhse ar an mbord caite ag Pól Ó Gallchóir

Ceathrar ball nua ceaptha ar Bhord Fhoras na Gaeilge

Caoimhín Mac Giolla Mhín, Liadh Ní Riada,Doiminic Ó Brolcháin agus Kevin O'Hara

Tá ceathrar ball nua ceaptha ar Bhord Fhoras na Gaeilge, triúr a d’ainmnigh Sinn Féin agus duine amháin a d’ainmnigh an SDLP.

Is iad an ceathrar atá ceaptha ar bhord na heagraíochta trasteorann ná oifigeach pleanála teanga Mhúscraí Liadh Ní Riada, iarpholaiteoir de chuid Shinn Féin; Kevin O’Hara, gníomhaí de chuid Shinn Féin i gConamara; Caoimhín Mac Giolla Mhín, gníomhaí de chuid Shinn Féin as Béal Feirste agus stiúrthóir Chiste Infheistíochta na Gaeilge; agus Doiminic Ó Brolcháin, iarpholaiteoir de chuid an SDLP.

An bhliain seo chugainn a cheapfar cathaoirleach nua ar bhord an Fhorais agus a thréimhse ar an mbord caite ag Pól Ó Gallchóir.

Is é Barra Ó Muirí Cathaoirleach gníomhach Fhoras na Gaeilge agus d’fháiltigh sé roimh na ceapacháin boird go léir atá déanta le tamall.

Ghabh sé buíochas chomh maith le hiarchathaoirleach an Bhoird Pól Ó Gallchóir.

“Cuirfidh saineolas agus taithí na gcomhaltaí go mór le gnó an bhoird in 2021. Is mian liom focal ar leith buíochais a thabhairt dár gcathaoirleach, Pól Ó Gallchóir, ar tháinig deireadh lena thréimhse ar an bhord, as a stiúir, as a léargas agus as a thacaíocht d’Fhoras na Gaeilge ó 2017,” arsa Barra Ó Muirí.

Idir an dá linn, dúirt Príomfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, go raibh sé “thar a bheith bródúil” as an mbliain a bhí curtha isteach ag an eagraíocht agus na heagraíochtaí Gaeilge eile a gcuireann siad maoiniú ar fáil dóibh.

“Táimid anois ag feidhmiú ó chian le naoi mí agus tugann an méid a baineadh amach i mbliana misneach agus dóchas dom don bhliain atá romhainn.

“Léirigh pobal na Gaeilge ar fud na tíre go bhfuil an acmhainneacht acu agus an teacht aniar iontu mar phobal le tacú le chéile, le gníomhú mar phobal, agus le bheith mar phobal teanga, más pobal fíorúil féin é. Is mian liom focal ar leith buíochais a thabhairt do na sé cheanneagraíocht Ghaeilge as a ndua agus as a ndúthracht le linn na bliana seo agus as an tacaíocht a thug siadsan do phobail Ghaeilge ar fud na tíre.

“D’fhoilsíomar an chéad mhórfhoclóir Gaeilge le seasca bliain i mbliana agus tá lúcháir orainn go bhfuil os cionn 5,000 cóip díolta, tá na cóipeanna ag éirí gann cheana féin!”

Fág freagra ar 'Ceathrar ball nua ceaptha ar Bhord Fhoras na Gaeilge'

  • Éamonn Ó Gribín

    Feicim go bhfuil triúr ainmnithe ag Sinn Féin agus duine amháin ag an SDLP!

    Ar bhfuair duine ar bith amach riamh conas a roghnaítear baill nua an bhoird?

    Ceapaim go bhfuil sé fíor go bhfuil tuiscint (neamhscríofa) ag Sinn Féin agus ag an DUP , sé sin mar a leanas;
    * roghnóidh Sinn Féin baill d’Fhoras na Gaeilge agus
    * roghnóidh an DUP baill do Ghníomhaireacht na hUltaise?

    Ar an mbealach seo, bíonn siad in ann an Córas D’Hondt a chur as a riocht, agus cinntíonn sé seo go bhfuil circa dhá oiread ball ar an mBord ag an dá pháirtí seo ná mar a bheidís i dteideal de ghnáth!