Ceathrar a d’fhreastail ar ranganna Gaeilge an East Belfast Mission ag triall ar an ollscoil

Tá ceathrar a d’fhoghlaim an Ghaeilge sna ranganna a chuir Linda Ervine ar bun in Oirthear Bhéal Feirste le cúrsa Gaeilge dhá bhliain a dhéanamh in Ollscoil Uladh

Ceathrar a d’fhreastail ar ranganna Gaeilge an East Belfast Mission ag triall ar an ollscoil

Tá ceathrar a d’fhreastail ar ranganna Gaeilge in Oirthear Bhéal Feirste, le cúrsa dhá bhliain a dhéanamh in Ollscoil Uladh le dioplóma sa teanga a bhaint amach.

Thosaigh Liz McLernon, Gail McCune, Ivor McKeown agus Leonard Reid ag foghlaim na Gaeilge san East Belfast Mission ceithre bliana ó shin, áit ar thosaigh Linda Ervine a cuid ranganna Gaeilge don phobal Aontachach.

Luaigh na foghlaimeoirí cúiseanna éagsúla lena spéis sa teanga, ach dúirt an ceathrar acu gur dóigh nach mbeadh siad tar éis tabhairt faoin nGaeilge a fhoghlaim murach go raibh na ranganna ar fáil san East Belfast Mission mar chuid den togra ‘Turas’.

Dúirt Gail McCune, atá ina cónaí an-ghar don ionad ar Bhóthar Arda an Bhaile Nua, go raibh sí fiosrach faoin nGaeilge i gcónaí agus gur thapaigh sí an deis í a fhoghlaim nuair a thosaigh na ranganna ina ceantar féin.

“Mar dhuine nár fhreastail ar an ollscoil riamh, is deis iontach é an cúrsa dioplóma le dul isteach san ardoideachas,” a dúirt sí.

Dúirt Leonard Reid go bhfuil grá aige do theangacha éagsúla ach gur chuir sé spéis sa Ghaeilge nuair a thosaigh na ranganna san ionad in oirthear na cathrach.

“D’eascair an oiread sin dár gcuid logainmneacha as an nGaeilge agus tríd eolas a chur ar ár dteanga, feicim an tír mar a chonaic ár sinsir í. Shílfeá go bhfuil an teanga go domhain sa tírdhreach féin,” a dúirt sé.

Thosaigh Liz McLernon ag foghlaim na Gaeilge in ionad Skainos in éineacht lena hiníon Maïa. Dúirt sí go dtuigeann sí anois, ó bheith ag freastal ar ranganna Ervine, nach gá go mbeadh a cúlra Protasúntach ina bhac uirthi seilbh a ghlacadh ar an nGaeilge.

Linda Ervine

Thosaigh na ranganna Gaeilge in ionad Skainos sé bliana ó shin agus tá maoiniú curtha ar fáil ag Foras na Gaeilge don togra Turas atá á reáchtáil ann. Is í Ervine atá ina bainisteoir ar an togra.

Thug sí le fios gur chláraigh 200 duine do ranganna Gaeilge in oirthear Bhéal Feirste anuraidh agus go bhfuil go leor daoine ag fiosrú faoi ranganna na bliana seo cheana féin.

“Nuair a thosaigh muid ba ghlantosaitheoirí gach uile dhuine a rinne na cúrsaí toisc nach raibh aon taithí ag formhór na ndaoine a d’fhreastail ar na ranganna ar an teanga. Is iontach an rud é go bhfuil na foghlaimeoirí sin anois ag dul ar aghaidh go dtí an t-oideachas tríú leibhéal,” a dúirt sí.

Ní hé seo an chéad uair go ndeachaigh daoine a rinne cúrsaí le Turas ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal, ach dúirt Ervine gurb í seo an chéad uair a ndeachaigh ceathrar nach raibh “focal Gaeilge ina mbéal” nuair a thosaigh siad le Turas ar aghaidh chuig cúrsaí ollscoile.

Cuirfear tús arís an mhí seo chugainn le ranganna Gaeilge in ionad Skainos in oirthear Bhéal Feirste agus ranganna ann do ghlantosaitheoirí agus foghlaimeoirí a bhfuil roinnt mhaith Gaeilge acu ceana féin. Tá ranganna ar fáil freisin do thuismitheoirí ar mhaith leo an Ghaeilge a fhoghlaim in éineacht lena bpáistí.

Fág freagra ar 'Ceathrar a d’fhreastail ar ranganna Gaeilge an East Belfast Mission ag triall ar an ollscoil'

  • Mánus

    Nach íontach an spreagadh dúinn go léir na ceannródaithe misniúla seo.