Céatadán íseal d’airgead caipitil Roinn na Gaeltachta do 2019 caite go dtí seo

Níl caite go dtí seo ach 3% d’airgead caipitil na n-oileán de réir eolais atá curtha ar fáil ag an Aire Josepha Madigan

Céatadán íseal d’airgead caipitil Roinn na Gaeltachta do 2019 caite go dtí seo

Níl ach fíorbheagán dá buiséad bliantúil do scéimeanna Gaeilge agus Gaeltachta caite go fóill ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Ar an meán bhí beagnach leath de bhuiséad caipitil na bliana 2019 caite ag an Roinn i ndeireadh mhí Lúnasa ach is lú go mór an céatadán den chaiteachas atá déanta i gcás na scéimeanna Gaeilge agus Gaeltachta.

Ní raibh caite ach 3% de bhuiséad caipitil na n-oileán, sin €56,000 as an €1.6 milliún atá ceadaithe don bhliain.

9% nó €58,000 a bhí caite den €632,000 a bhí ceadaithe do Scéimeanna Tacaíochta don Ghaeilge ag deireadh mhí Lúnasa agus 21%, nó €477,00, a bhí caite den €2.32 milliún atá curtha ar leataobh do Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta.

Bhí beagnach dhá thrian den airgead caipitil – €5.8 milliún as €9 milliún – atá ceadaithe d’Údarás na Gaeltachta caite ag deireadh mhí Lúnasa.

An tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan a thug an t-eolas sin faoin gcaiteachas don Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív mar fhreagra ar cheist Dála.

Dúirt an tAire gurbh é nádúr na hoibre sa Roinn gur sa dara leath den bhliain is mó a chaitear an t-airgead caipitil. Dúirt sí freisin go raibh sí den bharúil go mbeadh an buiséad ar fad caite go cuí faoi dheireadh na bliana.

Idir an dá linn thug Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne le fios go bhfuil Clár Mionoibreacha 2019 do na hOileáin á scrúdú ag oifigigh a Roinne faoi láthair. Déanfar cinneadh ina leith ‘i gcomhthéacs an tsoláthair airgid’ atá ar fáil le caitheamh ar thograí oileánda agus “na n-éileamh éagsúla” ar an soláthar sin.

Bhíothas ag fiosrú faoin gcaiteachas a dhéanfaí ar ‘oibreacha beaga ar na hoileáin’, go háirithe an caiteachas ar oibreacha bóthair.

Fág freagra ar 'Céatadán íseal d’airgead caipitil Roinn na Gaeltachta do 2019 caite go dtí seo'