Céasta cráite ag deáráil chuileoga cliste na dea-aimsire

Dá dhonacht í an phlá sa Bhíobla, ar a laghad bhí treoracha soiléire faighte ó Dhia ag Maois faoin gcur chuige ceart chun na cuileoga a dhíbirt

Céasta cráite ag deáráil chuileoga cliste na dea-aimsire

Ó tháinig an aimsir bhreá, tá muid faoi ionsaí ag plá cuileog. Bhuel, le bheith iomlán cruinn, is faoi ionsaí ag ocht gcuileog atá muid. Chomhair mé iad an lá cheana.

Níl plá róchruinn mar théarma ar aon chaoi, feictear dom, agus, taobh amuigh de ‘sáithí míoltóg’ níl aon tagairt bheacht in Eacsadas do líon na gcuileog a bhí i gceist i gceathrú plá na hÉigipte.

Nuair a chuimhníonn tú ceart air,

an bhfuil a fhios ag aon duine cé mhéid cuileog a bhí i gceist?

Ní haon saineolaí ar an Sean-Tiomna mé, ach dá mbeadh orm buille faoi thuairim a thabhairt, déarfainn gur dóigh gur ocht gcuileog a bhí i chuile theach san Éigipt aimsir na plá.

Ba leor sin, sílim, chun na hÉigiptigh a chur as a gciall. Naoi gcinn i dteach an Fharó, seans. Is dóigh go raibh teach mór aige.

Is cuma céard a dhéanaim, níl mé in ann na cuileogaí a ruaigeadh amach as an teach s’againne. Bhuel, d’éirigh liom cúig cinn acu a smísteáil, ach tá trí cinn acu atá fós ag deáráil orm, agus, ná bíodh aon mhíthuiscint ort, is ag deáráil orm atá siad.

Dá dhonacht í an phlá, ar a laghad bhí treoracha soiléire faighte ó Dhia ag Maois faoin gcur chuige ceart chun na cuileoga a dhíbirt.

Mura mbeadh le déanamh agam ach a ghabháil amach sa bhfásach agus íobairt chuí a dhéanamh, mar atá molta sa mBíobla, is fada an lá ó shin a bheadh na cuileoga imithe as mo theachsa.

Is dóigh go mbeadh dúshlán nó dhó ag baint leis mar chur chuige ach shárófaí go héasca iad. Ní fhéadfainn a rá ó bharr mo chinn, mar shampla, cá bhfaighinn fásach i ngar don teach, ach bheinn dóchasach go ndéanfadh portach cúis, nó garraí a mbeadh go leor leacrachaí ann.

Tá sé faighte amach agam nach bhfuil rudaí baileach chomh simplí sin le plánna san aonú haois is fiche.

Anois is arís, fanann na cuairteoirí beaga dubha socair agus shílfeá go bhfuil siad bailithe sa deireadh thiar. Ach is cosúil gur ina gcodladh a bhíonn  siad, agus déanann siad uilig néal codlata thart ar an am céanna.

‘Má tá cuileoga agat, chaithfeadh go bhfuil fuílleach bia éicint thart á dtarraingt isteach sa teach,’ a dúirt mo chara liom nuair a d’iarr mé comhairle uirthi.

‘B’fhéidir é,’ a dúirt mé.

Chart mé amach na preasanna agus thug mé sciúradh na seanchuinneoige don chistineach. Tá cistineach an-ghlan agam anois. Agus trí chuileog.

‘An raibh a fhios agat go bhfuil an ghráin ag cuileoga ar bholadh miontas piobair?’ a d’fhiafraigh cara eile díom, nuair a d’iarr mé comhairle uirthise.

‘Ní raibh a fhios,’ a dúirt mé.

‘Sea, croith ola miontas thart ar an doras is na fuinneoga is ní bheidh tú i bhfad ag fáil réidh leo,’ ar sí.

Seo liom go Evergreen ag ceannacht ola miontais. Tá boladh breá miontais ar fud an tí anois. Agus trí chuileog.

‘Bíodh an diabhal aige,’ a dúirt mé sa deireadh. ‘Gabhfaidh mé i muinín na nimhe.’

Cheannaigh mé pacáiste greamáin nimhe a bhfuil cruth agus dath féileacáin orthu, ceann a ghreamaíonn tú den fhuinneog.

Decorative window sticker for the effective control of flies in domestic situations. Kills flies on contact,’ atá scríofa ar an bpacáiste. D’ardaigh mo chroí.

Ghreamaigh mé na féileacáin d’fhuinneogaí na cistine, den scáthán ar an staighre, d’fhuinneogaí an tseomra codlata, ach is cuileoga sofaisticiúla iad seo. Sárchuileoga iad. Superfly atá siad.

D’fhan siad glan ar na greamáin.

Fág freagra ar 'Céasta cráite ag deáráil chuileoga cliste na dea-aimsire'

  • lee

    deisbhéalach

  • wtf

    Ceard faoin rud sticky sin a bhiodh ar crochadh ón tsìleáil agus a dtéadh na cuileanna i bhfastó ann? Ba mhór an seó a bheith ag faire orthu ag iarraidh éaló.