Cearta teanga maidir le húsáid an Bhéarla sáraithe ag Foras na Gaeilge

Den chéad uair tá úsáid bainte as an Acht Teanga le cosaint a thabhairt do chearta teanga maidir le gnó a dhéanamh leis an Stát trí Bhéarla

Cearta teanga maidir le húsáid an Bhéarla sáraithe ag Foras na Gaeilge

Tá géillte ag Foras na Gaeilge gur sháraigh siad an reachtaíocht teanga nuair a dhiúltaigh siad freagra i mBéarla a thabhairt ar chomhfhreagras i mBéarla ón iarchomhalta boird de chuid na heagraíochta, Éamonn Ó Gribín.

Rinne Ó Gribín gearán leis an gCoimisinéir Teanga toisc nár fhreagair an Foras comhfhreagras i mBéarla uaidh sa teanga sin.

Meastar gurb í seo an chéad uair riamh gur baineadh úsáid as an Acht Teanga le cosaint a thabhairt do chearta teanga maidir le gnó a dhéanamh leis an Stát trí Bhéarla.

Nuair a cuireadh an gearán ar a súile dóibh ar dtús, mhaígh Foras na Gaeilge gur bhain an comhfhreagras a bhí gceist go sonrach le próiseas inmheánach idir iad féin agus Ó Gribín ina cháil mar chomhalta boird de chuid na heagraíochta.

Dúirt an Foras dá bharr gur chuid d’obair na heagraíochta a bhí i gceist leis an bpróiseas agus gurb í an Ghaeilge teanga oibre an Fhorais.

Glacann an Foras leis anois, áfach, gur chóir freagra i mBéarla a bheith tugtha acu ar Ó Gribín agus gur sháraigh siad Alt 9(2) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla nuair nár chuir siad freagra ar fáil dó sa teanga oifigiúil chéanna inar scríobh sé chucu.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur dheimhnigh Foras na Gaeilge chomh maith don Choimisinéir Teanga, go dtabharfaidh siad freagra feasta ar aon chomhfhreagras scríofa ó  Ó Gribín, nó aon duine eile, ina rogha teanga – Béarla nó Gaeilge. 

Tuigtear go bhfuil deireadh curtha ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill lena chuid fiosrúchán faoi ghearán Uí Ghribín toisc go bhfuil admhaithe anois ag Foras na Gaeilge nár comhlíonadh Alt 9(2) den Acht Teanga sa chás seo.

Rinne Ó Gribín gearán foirmiúil le hOifig an Choimisinéara Teanga mí na Samhna seo caite toisc go raibh an Foras ag tabhairt freagra i nGaeilge ar cheisteanna scríofa a bhí á gcur aige orthu i mBéarla.

Bhain na ceisteanna sin le cinneadh Fhoras na Gaeilge Ó Gribín a chur ar fhionraíocht gan dochar ó Bhord na heagraíochta trasteorann.

D’iarr Ó Gribín ar an bhForas comhfhreagras agus cáipéisí eile a bhain lena chás a chur ar fáil i mBéarla ionas go mbeadh an dlíodóir atá aige in ann iad a thuiscint. Dúirt Ó Gribín nár éirigh leis, cheal ama, dlíodóir le dóthain Gaeilge a fháil lena chás a phlé sa teanga sin.

Bhain gearán Uí Ghribín le hAlt 9(2) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. De réir an ailt sin, sa chás go ndéanann duine cumarsáid i dteanga oifigiúil le comhlacht poiblí i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach, tá dualgas ar an gcomhlacht poiblí an chumarsáid sin a fhreagairt sa teanga oifigiúil chéanna.

Fág freagra ar 'Cearta teanga maidir le húsáid an Bhéarla sáraithe ag Foras na Gaeilge'