Cearta teanga i dtaobh fógraíochta, margaíochta agus ainmneacha le plé sa Dáil

Beidh a séú seisiún dhá uair an chloig ag plé an Bhille Teanga nua ag Coiste Oireachtais na Gaeilge inniu 

Cearta teanga i dtaobh fógraíochta, margaíochta agus ainmneacha le plé sa Dáil

Tacóidh Teachtaí Dála de chuid an Rialtais agus an fhreasúra araon sa Dáil tráthnóna le leasuithe reachtaíochta a chuirfeadh dualgais teanga nua ar an Stát i leith cúrsaí fógraíochta, margaíochta agus ainmneacha daoine.

Pléifear na leasuithe sin mar chuid den díospóireacht atá ar bun le roinnt seachtainí faoin mBille Teanga nua.

Seo an séú seisiún dhá uair an chloig ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta ag plé na leasuithe atá molta ag Teachtaí Dála ar an reachtaíocht nua.

Tá cuid de na ceisteanna atá le plé inniu ar na ceisteanna is bunúsaí ó thaobh na reachtaíochta teanga agus chearta teanga phobal na Gaeilge.

Tá amhras caite ag an sochtheangeolaí aitheanta John Walsh, mar shampla, ar fhiúntas na reachtaíochta teanga trí chéile murar féidir léi a chinntiú go mbíonn “eolas i nGaeilge ar fáil faoin ngéarchéim sláinte phoiblí is mó ó bunaíodh an stát”.

Cé go dtugtar cead san Acht Teanga don Aire Gaeltachta rialacháin a dhéanamh faoi chúrsaí fógraíochta níor thapaigh aon Aire an deis sin ó foilsíodh an tAcht breis is 17 bliain ó shin, cé gur dréachtaíodh rialacháin le linn d’Éamon Ó Cuív a bheith ina aire.

Ó tharla nach ndearna aon Aire rialacháin, níl aon dualgas ar chomhlachtaí poiblí fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge.

D’fhágfadh leasuithe eile atá molta ag Sinn Féin, ag na Daonlathaithe Sóisialta agus ag Teachtaí Dála neamhspleácha go mbeadh buncheart ag duine an leagan ceart Gaeilge dá ainm agus dá sheoladh a úsáid agus é i mbun gnó leis an stát.

Níl aon dualgas reachtúil díreach ann a chinntíonn an ceart sin ná a chinntíonn go mbaineann comhlachtaí poiblí úsáid mar is ceart as an síneadh fada. Níl aon cheart uilíoch molta i mBille an Rialtais ach oiread i dtaca le húsáid ainmneacha agus seoltaí.

Tá moladh i mbille an Rialtais go mbeadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go bhfuil na córais ríomhaireachta acu ábalta déileáil leis an síneadh fada ach táthar buartha go bhfuil an iomarca díolúintí luaite leis an dualgas sin agus nach bhfuil aon spriocdháta luaite leis ach oiread. 

308 leasú atá molta ar an mBille a bhfuil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú, ach níl pléite go dtí seo ach 67 de na leasuithe sin, 22 díobh a bhí dícheadaithe.

Chinn Oifig na mBillí go raibh 93 den 308 leasú as ord mar gheall go mbainfeadh costas lena bhfeidhmiú nó toisc gur síleadh nár bhain siad le forálacha an Bhille.

Tá ceist curtha ag baill an choiste ar an gCeann Comhairle faoi líon na leasuithe a dícheadaíodh, ach idir an dá linn níl glactha go fóill ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le haon cheann de na leasuithe a ceadaíodh.

Tá ráite ag an Aire Stáit áfach go bhfillfidh sé ar naoi leasú lena mholtaí féin ag an gcéad chéim eile den Bhille nó go dtabharfar aghaidh orthu sna caighdeáin teanga atá le tabhairt isteach faoin mBille.

Táthar ag súil go ndéanfaidh sé amhlaidh i gcás an éilimh go dtabharfaí aghaidh sa reachtaíocht ar an easpa fógraí stáit i nGaeilge.

Tá tacaíocht traspháirtí ag an éileamh sin agus tá ceist na fógraíochta i mbéal an phobail ó thosach na paindéime agus feachtas eolais aonteangach geall leis á reáchtáil ag an Stát faoin Covid-19. 

Dícheadaíodh leasú traspháirtí a d’fhágfadh go mbeadh 20% d’fhógraíocht an Stáit i nGaeilge ach tuigtear go bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit roghanna eile i dtaobh cheist na fógraíochta a scrúdú.

Tá Teachtaí Dála, baill de chuid a pháirtí féin ina measc, ag súil go dtabharfaidh an tAire Stáit geallúint inniu go ndéanfaidh sé féin beart i leith na fógraíochta ag an gcéad chéim eile den Bhille.

Beifear ag súil chomh maith le gníomh ón Aire i leith cúrsaí margaíochta. 

Tá tacaíocht traspháirtí ag leasú a phléifear inniu a d’fhágfadh go mbeadh dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí a gcuid ábhar margaíochta a scaipeadh i nGaeilge agus i mBéarla.

Fág freagra ar 'Cearta teanga i dtaobh fógraíochta, margaíochta agus ainmneacha le plé sa Dáil'

  • Tromluí ?

    Á léamh seo dom ar maidin, agus mé ag ól mo chéad chupán caife, rith na ceisteanna seo liom. Ar tharla Cogadh na Saoirse in Éirinn? An bhfuarthas aon saoirse, in aon chuid d’Éirinn, dá thoradh? Cén tsaoirse í? An stát Éireannach é an stát a mbaineann an t-alt thuas leis? Ar tharla athrú rialtais/cumhachta ar chor ar bith in 1922? Cad go díreach a bheidh le ceiliúradh ag an Stát an bhliain seo chugainn? An bhfuil na Briotanaigh i seilbh na cumhachta arís? An dílseánaigh sinn nó saoránaigh? An tromluí é seo? Mé ar an dara cupán anois. Beidh an tríú cupán ag teastáil.

  • Donncha Eile

    Nach raibh Údarás na Gaeltachta ag cuir a gcuid saineolas faoi chúrsaí sláinte poiblí ar fáil trí Ghaeilge? Srón, béal, cáca milis… giorraíonn beirt seimineár ar líne mura leagan siad lámh ar d’éadan…
    Nach beidh sin an chomhairle? Cén fáth a dteastódh uainn Roinn Sláinte a bheith ag cuir eolas ar fáil trí Ghaeilge nuair atá sé faoi lámh ag Údarás!