Cearta faighte ag TG4 a gcluichí club a chraoladh beo ar fud an domhain

Is féidir anois na cluichí club CLG a chraoltar ar TG4 a bheoshruthú ar líne ar fud an domhain

Cearta faighte ag TG4 a gcluichí club a chraoladh beo ar fud an domhain

Tá cead anois ag daoine ar fud na cruinne breathnú ar an gcraoladh beo a dhéanann TG4 ar chraobhchomórtais chlubanna na hÉireann agus na cearta craolacháin domhanda faighte ag an stáisiún Gaeilge.

Roimhe seo, ní raibh cead ach ag daoine in Éirinn beoshruthú a dhéanamh ar chraoltaí GAA BEO ar na comórtais ach tá deireadh anois tagtha leis an gcosc sin.

Ba iad cluichí TG4 an deireadh seachtaine seo caite, cluiche ceannais na Mumhan inar bhuaigh na Piarsaigh ar Bhaile Gunnair agus cluiche leathcheannais Laighean inar bhuaigh Cuala ar Naomh Máirtín, na chéad chluichí a bhí ar fáil ar fud an domhain ar shuíomh TG4.

Deir urlabhraí ó TG4 gur údar sásaimh dóibh a bheith in ann freastal ar lucht leanta CLG thar lear.

“Is deas linn go bhfuil ar ár gcumas anois freastal ar an éileamh ó lucht féachana TG4 thar lear go mbeadh beorochtain acu ar ár gclúdach cuimsitheach ar na comórtais club, bunchloch imeachtaí CLG agus ancaire sa gclársceideal teilifíse s’againne gach geimhreadh agus earrach.

“Tá a fhios againn le fada go bhfuil éileamh ar an mbeoshruthú seo ó lucht leanta líonmhar CLG ar fud an domhain. Is é an cumann áitiúil bunchloch CLG agus is é clúdach TG4 ar na craobhacha club an nasc idir an deoraí agus imeachtaí a bhaile dúchais.”

Bhí cearta domhanda ag TG4 cheana féin dá chlúdach ar Pheil na mBan.

Fág freagra ar 'Cearta faighte ag TG4 a gcluichí club a chraoladh beo ar fud an domhain'

  • aindrias

    Deascéala amach is amach.