Ceardlann ‘Letters of 1916’ le bheith i nGaillimh Dé Luain

Beidh fáilte roimh an bpobal ag ceardlann agus léachtaí a chuirfidh lucht eagraithe an togra 'Letters of 1916' ar siúl in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh Dé Luain seo chugainn. Tá iarrtha ar an bpobal litreach ón tréimhse sin a thabhairt isteach chuig an gceardlann

LETTERS1916 (1)

Beidh ‘Letters of 1916: A Year in the Life’ ar siúl in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh Dé Luain 16 Samhain idir 2 agus 6in. Is í an tOllamh Susan Schreibman atá ag cur cuireadh do mhuintir na Gaillimhe páirt a ghlacadh i gceardlann phoiblí ina gcuirfear litreacha ó 1916 ar an idirlíon ar fáil mar chuid de chartlann nua náisiúnta.

Tá iarrtha ag lucht Letters of 1916 ar an bpobal eolas a chur ar an bpróiséas cartlannaíochta trí litreacha ón tréimhse sin a thabhairt isteach chuig an ollscoil agus a dhigitiú mar chuid den togra. Beidh an cheardlann ar siúl sna seomraí altranais i Leabharlann James Hardiman in OÉ, Gaillimh.

Is beag litir Ghaeilge a tugadh don togra Letter of 1916 ó cuireadh tús leis an togra i mí Mheán Fómhair na bliana 2013. Tá 2,600 litir ar fad cnuasaithe ag an togra go dtí seo ó 20 institiúid agus ó 40 cnuasach príobháideach. Baineann na litreacha seo le réimse leathan ábhar – ó Éirí Amach na Cásca féin, go na dána, an cultúr, saol an teaghlaigh agus an Cogadh Mór.

Tabharfar roinnt léachtaí faoi litreacha na Gaillimhe i ndiaidh na ceardlainne a thabharfaidh léargas ar ghnáthshaol na linne chomh maith le heachtraí stairiúla na tréimhse réabhlóidí. Is iad an tOllamh Susan Schreibman féin, an Dr Sarah-Anne Buckley, an Dr Conor McNamara agus Thérèse McIntyre ó OÉ, Gaillimh a thabharfaidh na léachtaí agus is in Áras Taighde Hardiman a bheidh siad ar siúl.

Rinneadh iarracht níos túisce i mbliana tuilleadh litreacha a scríobhadh i nGaeilge a aimsiú ach ba bheag toradh a bhí ar an iarracht sin. I ndiaidh don chuntas @Letters1916 beochomrá Gaeilge a óstáil ar Twitter i mí Iúil, bhíothas ag súil go dtiocfaí ar níos mó litreacha. Níl ach 15 litir Ghaeilge i measc an 2,600 atá sa chnuasach. Labhair Tuairisc.ie le Emma Clarke i mí Lúnasa faoin bhfadhb.

“Tá sé fós deacair orainn litreacha a scríobhadh i nGaeilge a aimsiú – ní bhfuair muid oiread is ceann amháin breise ó d’iarr muid ar an bpobal litreacha Gaeilge a aimsiú. Tá an-iontas ar gach duine atá ag obair ar an togra nach bhfuil ach na ceithre litir déag ann agus níl a fhios againn go baileach cén fáth nach bhfuil níos mó faighte againn.

“B’fhéidir gurbh é an chaoi go rabhthas ag labhairt Gaeilge ach nach rabhthas ag scríobh inti nó nach raibh scríobh na Gaeilge ag daoine áirithe. Tá cúpla teoiric againn ach níl machnamh ceart déanta againn orthu,” a dúirt sí le Tuairisc.ie.

Is féidir na litreacha Gaeilge atá cnuasaithe go dtí seo a léamh ar shuíomh Letters of 1916. Tá litreacha ó pheann an Phiarsaigh, Chathail Bhrugha agus Éamoinn Cheannt ina measc sin, chomh maith le comhfhreagras idir Piaras Béaslaí a bhí ina Leas-Cheannaire ar an gCéad Chath sna hÓglaigh i 1916.

Fág freagra ar 'Ceardlann ‘Letters of 1916’ le bheith i nGaillimh Dé Luain'