Ceardlann Cumadóireachta do Dhéagóirí Chonamara

Tá ceardlann cumadóireachta ceoil á cur ar siúl ag an eagraíocht “Tuismitheoirí na Gaeltachta” do dhéagóirí Chonamara

Roinnt de na déagóirí a bhí ar an an gcampa cumarsáide a reachtáil Tuismitheoirí na Gaeltachta i mbliana.  Mar chuid den champa thug siad turas ar an gcomhlacht amharclannaíochta Fíbín.
Roinnt de na déagóirí a bhí ar an an gcampa cumarsáide a reachtáil Tuismitheoirí na Gaeltachta i mbliana. Mar chuid den champa thug siad turas ar an gcomhlacht amharclannaíochta Fíbín.

Ceol nua-aimseartha “do ghlúin YouTube” a ndíreofar air sa gceardlann a bheas á stiúradh ag Feargal Ó Béarra i gceann coicíse.

Tá ‘Tuismitheoirí na Gaeltachta’, an eagraíocht a thugann tacaíocht do theaghlaigh atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge sa nGaeltacht, ag súil go dtabharfaidh an cheardlann agus na rudaí a fhoghlaimeofar inti deis do dhéagóirí na Gaeltachta iad féin a chur in iúl agus “forbairt a dhéanamh ar a mothúcháin féin” ina dteanga dhúchais.

Do dhéagóirí na sraithe sinsirí a chuirfear an cheardlann ar fáil.

Beidh béim ar shaibhreas teanga agus ar stór focal a chabhrós leo na deacrachtaí seo a shárú agus, a deir Tuismitheoirí, a chuirfeas ag smaoineamh iad faoi cheist na teanga agus faoi chumhacht na bhfocal a úsáideann siad gach uile lá.

Reáchtálfar an cheardlann ar an gCeathrú Rua thar dhá lá agus sos coicíse eatarthu: Dé Sathairn 25 Deireadh Fómhair agus Dé Sathairn 8 Samhain. €10 an costas a bheas ar an dá lá seo agus cuirfear lón ar fáil. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Thuismitheoirí na Gaeltachta ar Twitter agus Facebook nó ar tuismitheoirinagaeltachta@gmail.com