Ceardaí The Room chugainn le saothar faoi fhulaingt is troscadh ban

Tugann Florence Pugh taispeántas iontach eile i scannán atá lonnaithe in Éirinn na 1850idí

Ceardaí The Room chugainn le saothar faoi fhulaingt is troscadh ban

[Infobox]The Wonder
Stiúrthóir:
Sebastián Lelio
Cliar: Florence Pugh, Kíla Lord Cassidy, Niamh Algar, Ciarán Hinds, Tom Burke, Toby Jones, Elaine Cassidy[Infobox]

Tá gealladh faoi shaol aisteoireachta Florence Pugh le tamall anuas. Níl ach roinnt seachtainí gafa tharainn ó thug sí taispeántas ábalta uaithi sa saothar cuíosach gan a bheith maíteach Don’t Worry Darling. Roimhe sin thug sí taispeántais chuidsúlacha uaithi i leithéidí Little Women (2019) agus Midsommar (2019); ghnóthaigh sí ainmniúchán Oscar don chéad saothar acu sin. Seo chugainn arís í le taispeántas ábalta eile i saothar atá lonnaithe in Éirinn.

Ceardaí eile í Emma Donoghue, an té a scrígh an leabhar agus script scannáin The Room. Saothar eile é seo uaithi atá bunaithe ar fhulaingt na mban. Ní scéal fíor atá anseo ach tá sé ráite ag Donoghue féin go bhfuil a cuid scríbhneoireachta bunaithe ar chuntais staire atá againn faoi throscadh ban. Cur i gcéill ba ea cuid de na cásanna seo ach bhí anoireicse i gceist leis freisin ní foláir mar aon leis an iomarca díograise i leith creidimh.

Címid an t-altra Lib (Pugh) ag teacht go hÉirinn i ndeireadh na 1850idí; tráth a raibh an Gorta Móra fós ina scamall ar Éirinn. In ainneoin sin, nó dá bharr, bhí na Gaeil an-reiligiúnda, piseogach. Maítear nach bhfuil greim bídh ite ag an gcailín óg Anna (Lord Cassidy) le roinnt míonna agus cuma na sláinte uirthi i gcónaí. Tá mórán den tuairim go bhfuil sí beannaithe ó Dhia. Tá Lib agus bean rialta earcaithe ag coiste (fear) áitiúil leis an gcailín a fhaire le fírinne an scéil a fhiosrú.

Tugtar léargas dúinn ar chráifeacht na tréimhse agus an lorg a d’fhág an Gorta Mór ar na daoine. Ar an drochuair níor deineadh an téama deiridh acu sin a chíoradh chun mo shástachta. Gan amhras tugtha fogha faoi shochaí phatrarcach na tréimhse, go mórmhór agus iad ar nós cuma liom faoi shábháilteacht an chailín óig. Gan amhras tarraingítear isteach an choimhlint idir Éirinn agus Sasana chomh maith. Déanann Pugh agus Lord Cassidy mórán den scannán a iompar agus tá an cailín óg in ann a ceart a bhaint de Pugh. Tacaíocht bhreá acu ón gcuid eile den chliar, Algar agus Cassidy ach go háirithe.

Níor thuigeas, áfach, cén fheidhm a bhí le carachtar Kitty (Algar)  agus níor baineadh dóthain úsáide as an aisteoir iontach sin. Ní rabhas in ann aon chiall a bhaint as an réamhrá/iarfhocal uaithi mar ar dhein sí an ceathrú falla a bhriseadh. Bhí salacharaíl Ghaeilge le cloisint chomh maith; i bhfianaise na tréimhse ina bhfuil an saothar suite is trua liom nach raibh a thuilleadh ann.

Deineadh an scannánú i measc na gcnoc i gCill Mhantáin agus tá cuma sceirdiúil, dhuairc ar an tírdhreach. Ní bheidh Fáilte Éireann ag baint úsáid as míreanna ón saothar seo le turasóirí a mhealladh. Sin é a bhí ó Sebastián Lelio is a comhghleacaithe; atmaisféar teannasach, tuarúil, saghas osnádúrtha a chruthú. Dar liom go gcuaigh rudaí sa bhfraoch ábhairín agus sinn ag teannadh ar cheann scríbe. Bhí rudaí ábhairín ró-áiféiseach agus áibhéalach domsa. Lena chois sin d’fhéadfaí an casadh méaldrámata ag an deireadh a thuar.

Saothar le téagar é seo, áfach, saothar ina bhfuil aisteoir fíorchumasach os cionn a buille.

Fág freagra ar 'Ceardaí The Room chugainn le saothar faoi fhulaingt is troscadh ban'