Céard is fiú tuilleadh moille agus an margadh déanta?

Tá sé in am againn a bheith ag díriú ar an gcéad chuid eile den phróiseas Breatimeachta agus ar mhórcheist amháin amháin faoi Phrotastúnaigh an Tuaiscirt

Céard is fiú tuilleadh moille agus an margadh déanta?

Bhí bua fíorshuntasach ag Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnson, nuair a vótáil an pharlaimint le móramh 30 vóta ar son an mhargaidh a rinneadh leis an Aontas Eorpach faoi imeacht na Breataine as an aontas.

Níor éirigh le Teresa May a leithéid a dhéanamh, is bhí an móramh i bhfad níos mó ná mar a bhí éinne ag tnúth leis.

Mar sin fhéin, tá an bhuíon atá ar son fanachta ag iarraidh moill a chur ar an bpróiseas i gcónaí. Dhiúltaigh an pharlaimint glacadh leis an amchlár a cuireadh os a comhair le críoch a chur leis an bpróiseas faoi dheireadh na míosa seo.

Gan dabht tá súil ag roinnt feisirí gur féidir leo fós féin an Breatimeacht a chur ar ceal. Agus tá siad ag brath ar chabhair ón Aontas Eorpach trí ghlacadh leis an iarratas ar shíneadh ama a chuir an pharlaimint d’iachall ar Boris Johnson a iarraidh orthu.

Tá uachtarán (reatha) na Comhairle, Donald Tusk, an-sásta an iarracht seo a dhéanamh is tá an chuma air go gcuirfear lá an Bhreatimeachta siar go deireadh mhí Eanáir seo chugainn.

Níl an Fhrainc, ach go háirithe, sásta leis sin: b’fhearr leo síneadh teicniúil seachtaine nó coicíse a thabhairt le go mbeadh deis ag an bparlaimint an socrú a phlé, mar is ar éigean go bhfuil foighne ar bith fágtha acu leis an scéal.

Ceapaim go ngéillfidh an Fhrainc sa deireadh, ach beidh siad ag iarraidh a thabhairt le fios nach mbeidh aon síneadh eile ann agus nach mbeidh aon idirbheartaíocht nua faoin margadh imeachta.

Mar sin, is deacair a shamhlú cén mhaith a dhéanfaidh tuilleadh moille ag an bpointe seo. Tá faitíos ar an Aontas i dtaobh an Bhreatimeachta gan mhargadh a dhéanfadh dochar d’eacnamaíocht na Gearmáine is a chothódh an-chuid deacrachtaí d’Éirinn agus don Ísiltír. Ach b’fhearr leo go bhfeicfeadh an pharlaimint nach bhfuil aon rogha eile ann anois, ach amháin reifreann eile nach bhfuil móramh ar a shon sa bparlaimint, nó olltoghchán a dhéanfadh príom-aire de Boris Johnson arís, is dóichí.

Sa mhéad is nach bhfuil ag éirí le Johnson an Bhreatain a thabhairt amach as an Aontas oíche Shamhna is féidir leis an mbuíon atá ar son Fanachta a mhaíomh gur theip air, ach is beag an buntáiste é sin nuair atá móramh 30 feisire aige cheana féin don chomhaontú aistarraingthe.

Ar ndóigh tá an margadh seo ann toisc gur labhair Taoiseach na tíre seo, Leo Varadkar, go díreach le Boris Johnson. Cinnte is é Johnson a rinne an tairiscint, ach thuig Varadkar an tábhacht a bhain leis agus ghlac sé leis gan stró gan mhoill.

Tá deacrachtaí ann dúinne i gcónaí maidir le trádáil bhia talmhaíochta agus ba chóir dúinn labhairt go díreach leis an Sasanaigh faoi sin. Ar ndóigh ba chóir dúinn a bheith ag caint go díreach leo ó thús,  faoi mar a dhein Leo Varadakar sa deireadh.

Ag an tráth seo is í an idirbheartaíocht faoi chomhaontú trádála a bheas faoi chaibidil, agus d’fhéadfadh an idirbheartaíocht sin a bheith níos deacra ná mar a bhí roimhe seo.

Tá an idirbheartaíocht seo fíorthábhachtach don Ghearmáin agus ní bheidh sé éasca – más féidir é in aon chor – leas na hÉireann a choinneáil in intinn na n-eadránaithe.

Arís, is cóir dúinn suí síos muid féin leis na Sasanaigh chun ár leas féin, maidir le trádáil agus maidir leis an teorainn, a chosaint.

Agus ní hé leas an 26 chontae amháin atá le cosaint, ach leas eacnamaíochta an Tuaiscirt freisin.

Tá botún mór déanta ag an DUP le linn an phróisis seo sa mhéad gur cheap siad go raibh tacaíocht níos láidre is níos dílse acu sa Pháirtí Caomhach ná mar a bhí. Íocfaidh siad go daor sa bhfadtéarma as a bheith ag iarraidh cur isteach ar an mBreatimeacht.

Ach má tá athaontú na hÉireann le baint amach i gceart tá sé riachtanach go gcuirfeadh muid an pobal Protastúnach a thacaíonn faoi láthair leis an DUP ar a gcompord maidir le hÉire Aontaithe.

Mar sin tá sé tábhachtach go dtacódh muid leis na hiarrachtaí le costais trádála idir an Tuaisceart agus an Bhreatain a choinneáil ar leibhéal nach gcuirfidh isteach ar an trádáil chéanna.

Níl maith ar bith dúinn sult a bhaint as míchompord an DUP agus an buille a buaileadh orthu.

Tá an míchompord sin tuillte ag an DUP mar gheall ar a gcuid sotail is a n-easpa measa ar a gcomhshaoránaigh ó thuaidh, ach má tá todhchaí fhiúntach i ndán dúinn, caithfidh muid an tseanghráin sin a chur taobh thiar dínn.

Agus caithfidh muid mórcheist amháin a fhreagairt: an bhfuil muid ag iarraidh ar Phrotastúnaigh an Tuaiscirt a bheith páirteach linn i stát nach bhfuil faoi ghéillsine ag aon dream thar lear, an bhfuil aisling 1916 curtha ar leataobh againn, nó an cuma linn ann nó as iad?

Fág freagra ar 'Céard is fiú tuilleadh moille agus an margadh déanta?'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    I dtuairim Eoin: ” vótáil an pharlaimint [na Breataine] le móramh 30 vóta ar son an mhargaidh a rinneadh leis an Aontas Eorpach faoi imeacht na Breataine as an aontas.”

    Mícheart. Vótáileadh ar son an DARA LÉAMH a thabhairt don Bhille le feidhm a thabhairt don Bhreatimeacht. Ní ionann an dá rud, mar a thuigeann Eoin go maith. Ach mar is gnáth le Eoin agus le Boris, is cuma leo faoi na fíricí ná an fhírinne agus iad i mbun an fheachtais frith AE, a bhfuil Eoin ag tacú leis mar a léiríonn sé go rialta lena chuid tuairimíocht claonta faoin gceist ar Tuairisc.ie.

    Do réir mo thuisceana ar chleachtas parlaiminte is ionann glacadh leis an DARA LÉAMH ar bhille agus cead a thabhairt don rialtas é a thabhairt ag an gcéad staid eile, ag a ndéanfar an bille a leasú. I bhfocla eile níl ann ach cead i bprionsabail a thabhairt an bille a phlé is a leasú.

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le hEoin Ó Murchú, ‘Céard is fiú tuilleadh moille agus an margadh déanta’, Dé Luain, Deireadh Fómhair 28, 2019:

    Ainneoin Eoin Ó Murchú a bheith ina Mharxach doghéillte, is Náisiúnaí leis an Stát aonadach Eoin maidir le hÉirinn de. Caithfear na hAontachtaithe a mhealladh isteach in Éirinn athaontaithe, a deir sé. Cuid den fhís ag Muintir Éirí Amach 1916 é sin, dar leis. Ach arbh ea, dáiríre? Is é fírinne na staire gur mheas Éamon de Valera agus Micheál Ó Coileáin araon go mbeadh gá le ‘socrú ar leith’ ar chúrsaí an Taoibh Thuaidh. Níor bhac lucht leanúna Dev ná an Choileánaigh leis an gcur chuige ciallmhar stuama sin. Ar éigean a luadh scéal an Taoibh Thuaidh roimh an gCogadh Cathartha, ná lena linn. Is léir anois nach bhfuil de dhifríocht idir Sinn Féin agus Fine Gael i dtaobh athaontú na tíre ach gur thacaigh Sinn Féin ar feadh i bhfad le réiteach foréigin ar an scéal. Chuir sé ard–iontas ormsa blianta ó shin nuair a fuair mé amch go raibh Conchúr Crúsach Ó Briain agus Gearóid Mac Ádhaimh ar aon fhocal, geall leis de, gur ar éigean a bheadh foréigean ar bith thuaidh mura mbeadh gur críochdheighilt éagórach a rinneadh aimsir tarraingthe na Teorann.
    Tá sé ráite i dtaobh na mac léinn ar an tríú leibhéal thuaidh gur cúlra Caitliceach/Náisiúnaithe a bheidh lena bhformhór faoin mbliain 2024. Tá sé ráite leis gur cúlra Caitliceach/Náisiúnaithe a bheidh le tromlach glan de mhuintir na 6 Chontae faoin mbliain 2036. Deir cairde ón Taobh Thuaidh liom nach vótálfadh tromlach na gCaitliceach ansin le hathaontú na tíre, dá gcuirfí ar Reifreann amárach é. Dá réir sin, ní mar a chéile cúlra Caitliceach a bheith le duine thuaidh agus é/í a bheith ar son athaontú na tíre. Tá caint cloiste againn go léir ar ‘Chaitlicigh an Chaisleáin’. Rud eile atá sa scéal: an bhfuil sé cinnte gur cúlra Caitliceach/Náisiúnaithe a bheidh leis an tromlach thuaidh faoin mbliain 2036 –– tharla céatadán cuibheasach mór den mhuintir sin a bheith ar son an ghinmhillte?
    Sula dtabharfaí faoi athaontú na tíre a chur ar Reifreann, níorbh fholáir a fhéachaint chuige gur chóras ceart daonlathach Reifrinn a bheadh ann. Is córas éagórach olagarcach atá i láthair na huaire ann. Is é rud a bheadh ag teastáil córas 2 chéim a thabhairt isteach: Céim 1) an cheist a chur an dteastaíonn ó bhreis is 50% de na vótálaithe cláraithe athaontú na tíre a chur ar Reifreann? Léireodh sé sin go cinnte cé acu mian é sin ag tromlach na vótálaithe cláraithe thuaidh, nó an ea nach bhfuil ann ach mian ag Sinn Féin agus ag a gcuid comhthaistealaithe. Céim 2): ar bhreis is 50% de na vótálaithe cláraithe thuaidh a vótáil TÁ le togra Reifrinn 1, bheadh bun ceart daonlathach leis an dara Reifreann a thionól, Reifreann i dtaobh an Taobh Thuaidh a athaontú leis an Stát Theas. Ar bhreis is 50% de na vótálaithe cláraithe thuaidh a vótáil TÁ leis sin, bheadh bun ceart daonlathach le déanamh de réir thoradh an dara Reifreann. B’fhéidir an 2 cheist sin a chur gach uile 5 bliana, as seo go dtí 2040.
    Réiteach eile ar an scéal ba ea an córas 2 Chéim sin a chur i bhfeidhm ar an gceist seo: an aontaíonn tusa le críochdheighilt nua a dhéanamh ar na 6 Chontae? 18 dtoghlach atá sna 6 Chontae. Níl toghlach ar bith ann de na 18 dtoghlach sin ar vótáil breis is 50% de na vótálaithe cláraithe le Fanacht san Aontas Eorpach. Ar a shon sin is uile, táimid bodhar ag éisteacht le daoine ar na meáin chumarsáide ag iarraidh a chur siar orainn gur tromlach de mhuintir an Taoibh Thuaidh a vótáil le Fanacht.
    Blianta ó shin rinne an tUrramach Jim Stubbs amach gur timpeall le 50% den phobal Protastúnach thuaidh a raibh baint dhíreach leis an nGaeilge acu go dtí isteach sa 19ú céad: 25% acu, ba í an Ghaeilge an chéad teanga acu; agus an dara 25%, ba dhátheangaigh ó nádúr iad, tharla an Ghaeilge a bheith chomh láidir ina dtimpeall. Fágann sin, mar sin féin, 50% den Phobal Protastúnach nach raibh, agus nach bhfuil, baint dhíreach leis an nGaeilge acu. Ainneoin go raibh Protastúnaigh agus Aontachtaithe ina mbaill de Chonradh na Gaeilge, de réir a chéile laghdaigh ar an méid Protastúnach a bhí ag cur spéise sa Ghaeilge, agus é sin ar chúiseanna polaitíochta, cuid mhaith. Ar ndóigh, tá Protastúnaigh ó na 6 Chontae sa lá atá inniu ann ar minic leo a bheith ar chláir de chuid Raidió na Gaeltachta, leithéidí an Dr Ian Malcolm, Mháirín Hurndall, agus Victoria White, bean chéile Éamoin Ryan, Ceannaire na nGlasach. Is Aontachtaithe iad an Dr Malcolm agus Máirín Hurndall.
    Ní foláir an méid sin a chur san áireamh agus daoine ag iarraidh Protastúnaigh na 6 Chontae a ‘mhealladh’ i dtreo na Gaeilge, agus athaontú na tíre. Nílimse go pearsanta ar son athaontú na hÉireann. Creidim gur críochdheighilt nua an réiteach is córa. Má chuirtear athaontú na tíre ar Reifreann gach uile 5 blianta as seo go dtí 2040, agus más ag lucht TÁ a bhíonn an bua sa deireadh, ní bheidh i ndán don Phobal Protastúnach mar phobal eitneach ach a imeacht as, nó comhshamhlú leis an bpobal Náisiúnach –– ar Caitlicigh éirithe–as is ea a lán acu sa lán atá inniu ann. Nílimse ag iarraidh deireadh a chur leis na Protastúnaigh mar phobal eitneach, agus ainneoin go gcreidim gurb é an Creideamh Caitliceach an creideamh a bhunaigh Íosa Críost, nílimse ach a oiread ag iarraidh an creideamh sin a chur siar i mbéal Protastúnach.
    Scéal eile ar fad: i dtaobh an Pháirtí nua atá Seosamh Ó Cuaig d’iarraidh a chur le chéile, tá súil agam go gcuirfidh Seosamh ar an gclár oibre é, líne Luais a chur ó Chathair na Gaillimhe go Carna, agus an áirithe sin Ionad Páirceála agus Bordála a bheith sna sráidbhailte is mó ar feadh na slí. Chomh fada le tabhairt ar mhuintir na Gaeltachta cónaí i sráidbhailte de, ní bheadh bun lena áitiú nach raibh a leithéid riamh ann faoi sheanchóras Ceilteach na tíre. Tá fothraigh clochán ar fud na tíre, agus ba chun slua mór daoine a chosaint iad na dúnta agus na caisleáin aille in Oileáin Árann, abair. Tá fothraigh foirgneamh den saghas sin ar sheanláithreacha na gCeilteach sa Leithinis Ibéarach. B’fhéidir go n–oirfeadh na ‘clocháin’ nua do sheanphinsinéirí atá éirithe as an bhfeirmeoireacht, nó as an iascach.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Cén chaoi a gcuirfeadh muid líne Luais as Gaillimh go Carna nuair nach bhfuil cead againn orlach amháin de leithead a chur leis an gcuid is mó den bhóthar i dTuaisceart Chonamara ná leis an mbóthar i ndeisceart Chonamara ach an oiread? Ba mhaith liom go ndéanfadh Séamas staidéar ar na Ceantair Speisialta Caomhnaithe atá ag tachtadh an phobail anseo. Dála an scéil, an mbeadh Séamas féin sásta a theacht linn i gConradh na Tuaithe (ní páirtí polaitíochta a bheadh ann mar a bhí mé ag iarraidh a mhíníu). Céard a déarfá, a Shéamais?

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar Sheosamh Ó Cuaig:
    Mura bhfuil cead ‘leithead a chur leis an gcuid is mó den bhóthar i dTuaisceart Chonamara ná leis an mbóthar i ndeisceart Chonamara ach an oiread’, is mithid an dlí atá ag cur coisc leis sin a aisghairm, cibé acu dlí de chuid Oireachtas Éireann é, nó dlí de chuid an Aontais Eorpaigh. Tá ceart ag daoine ar sheirbhísí bunaidh ina ndúiche féin. Nuair a chruthaigh Dia na chéad daoine thug sé ordú dóibh ‘líonaigí an talamh agus cuirigí smacht air’ (Geineasas 1: 28); ní hamhlaidh a thug sé ordú dóibh ligean do na hainmhithe, do na feithidí, ná don dúlra, na daoine a cheansú.
    Tá na blianta tugtha ag Seosamh Ó Cuaig ina Chomhairleoir Contae. Ní foláir nó is beag duine sa tír a bhfuil a oiread mioneolais aige ar na dlíthe i dtaobh na gCeantar Speisialta Caomhnaithe is atá ag Seosamh. Molaimse d’Eagarthóir Tuairisc deis a thabhairt do Sheosamh cur síos a thabhairt do léitheoirí Tuairisc ar na dlíthe sin.
    Tá aithne agam féin ar fhear a bhí ina innealtóir sibhialta ag Comhairle Contae Fhine Gall tráth a bhí bóthar le tógáil sa taobh sin tíre. Gnáthóg ag cineál neamhchoitianta cnádáin is ea, nó ba ea, an ceantar sin, agus cuireadh moill mhór le tógáil an bhóthair mar gur cuireadh iallach ar an lucht tógála féachaint chuige nach gcuirfeadh an bóthar nua isteach rómhór ar an gcnádán!
    Tá breis is a ndóthain strainséirí dulta siar le blianta ag cur comhairle ar ‘thuathánaigh’ Chonamara. ‘Mairg a dhéanfadh ceann de féin,’ mar a déarfadh Pádraig Ua Maoileoin, trócaire sa chré air. Is ró–mhithid é a fhágáil faoi mhuintir Chonamara feasta a gcuid féin fadhbanna a réiteach. Ó thosaigh Donnchadh Ó Máille ar an mbeartas saoroideachais aige i ndeireadh bhlianta 1960, ní fheadair aon duine ach an méid mac léinn a bhfuil céimeanna ollscoile tarraingthe ar Ollscoil na hÉireann i nGaillimh acu, idir chéimeanna sa dlí is eile; sa tslí duit nach bhfuil aon easpa saineolais ar mhuintir Chonamara. Cuireadh an–chuid i gcrích nuair a bhí Seosamh féin agus Peadar Mac an Iomaire ag cur thar ceann a muintire féin. Tugtar seans don ghlúin óg an obair sin a dhéanamh anois. Níl sa méid a dúirt mé féin ach moladh. Ní haon saineolaí dlí mé.

  • An Teanga Bheo

    Tá an lad beag sin Breathimeacht bris is 3 bliana go leith anois agus thar ama aige a bheith amuigh as an gcliabhán anois.