Céard is fiú leabhar a scríobh mura mbeidh an léitheoir in ann a aird a choinneáil air?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: thug ár gcolúnaí faoi deara go mbíonn fadhb aige aird a choinneáil ar an leabhar atá faoi chaibidil aige– agus ní aige féin amháin atá an fhadhb 

Céard is fiú leabhar a scríobh mura mbeidh an léitheoir in ann a aird a choinneáil air?

An bhfuil cat agat, nó an bhfuil aithne agat ar chat? Más ea, beidh a fhios agat nach mbíonn cat socair san aon áit amháin ar feadh i bhfad. Éireoidh sé tar éis uair an chloig nó dhó, sínfidh  sé a ghéaga, siúlfaidh sé méadar nó dhó agus luífidh sé siar arís, go te teolaí, go dtí go mbeidh sé in am éirí arís agus tearmann nua a lorg.

Ó bhain mise teach mo mháthar san Ísiltír amach chun aire a thabhairt di ar feadh seala, tá mise ar nós an chait. Sula dtabharfaidh mé faoin mbabhta eagarthóireachta deireanach ar an úrscéal atá idir lámha agam le blianta, theastaigh uaim an saothar ar fad a léamh ón tús go dtí an deireadh, féachaint an raibh aon lúba móra fós ar lár sa scéal. Eispéireas an léitheora a bhí uaim agus chuige sin bhí an saothar leagtha i leataobh agam ar feadh cúpla seachtain. Níor theastaigh uaim anois ach áit chompordach chun an leabhar a léamh.

Ach bhí fuar agam. Thriail mé mo sheomra féin ach bhí an iomarca éadaí caite thart agus barraíocht iarsmaí ó m’óige a mheall m’aird ón scéal. Thriail mé seanseomra oibre m’athar ach bhí sé ró-lom agus róghlan. Thriail mé an bord sa ghairdín ach bhí sé róghaofar lá amháin agus róghrianmhar lá eile. Léifinn caibidil nó dhó sna háiteanna sin, ach ansin bheadh orm éirí agus áit éigin eile a aimsiú.

Ní hionann agus an cat, tá rothar agam. Chuaigh mé chomh fada le teach caife, chuaigh mé chomh fada leis an leabharlann. Thóg mé mo leabhar liom ar an traein agus thug mé liom é go dtí an trá. Ach cuma cén áit a rachainn, mheallfadh comhrá, cuileog nó rud éigin fánach eile m’aird ón léitheoireacht.

Tar éis dom seachtain nó dhó a chaitheamh ar an ealaín sin, leabhar á léamh agam nár chóir ach lá nó dhó a thógáil orm, rith sé liom nach ar na láithreacha a mbínn i mbun léitheoireachta iontu a bhí an locht. Ní raibh cailleadh ar an saothar ach oiread, fiú más mé féin atá á rá: bhí mé meallta ag na sleachta a d’éirigh liom a léamh go dtí go gcuirfeadh duine nó rud éigin isteach orm. Orm féin a bhí an locht: bhí fadhb agam aird a choinneáil ar a raibh á léamh agam, fadhb nach mbíodh agam.

Phléigh mé an scéal le mo chara, an scríbhneoir agus an síceolaí, agus iontas na n-iontas, bhí an fhadhb chéanna ag cur as dó féin – agus, dar leis, do go leor, leor daoine eile. Tionchar an Covid ar an inchinn, strus na paindéime, imní faoin Úcráin, buairt faoin aeráid, síorshruth teachtaireachtaí ar an nguthán cliste: is iomaí cúis a rith linn. Ach níor aimsigh muid réiteach, agus ar an bpointe boise bhí fadhb nua againn: céard is fiú leabhar a scríobh má bhíonn fadhbanna airde ag cur as do mhórchuid léitheoirí? Mura mbíonn ar chumas léitheora a thuilleadh ligean dó féin dearmad a dhéanamh ar an saol thart timpeall air, agus a bheith súite isteach i scéal?

Mo leaba féin an t-aon áit a d’aimsigh mise sa deireadh ar éirigh liom níos mó ná caibidil nó dhó a léamh inti san aon iarraidh amháin, ag tiontú na leathanach i ngan fhios dom. Dorchadas taobh amuigh, an fón póca múchta, mé te teolaí ar nós cait. Coinneoidh mé orm ag scríobh, dóibh siúd a dteastódh scéilín uathu roimh dhul a chodladh dóibh.

Fág freagra ar 'Céard is fiú leabhar a scríobh mura mbeidh an léitheoir in ann a aird a choinneáil air?'