Céard is fiú Fóram Breatimeachta gan athchóiriú an Aontais féin a phlé?

Níl fís ar bith ag an Rialtas, ná ag an bhfreasúra ach an oiread, maidir le cad atá i ndán don Aontas Eorpach i ndiaidh Brexit

Céard is fiú Fóram Breatimeachta gan athchóiriú an Aontais féin a phlé?

Enda Kenny. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Cé go bhfuil an Rialtas ag maíomh go bhfuil a gcuid ullmhúcháin déanta acu maidir le himeacht na Breataine ón Aontas Eorpach, níl aon chosúlacht ann go dtuigeann siad go bhfuil an tAontas céanna in aimhréidh ná go bhfuil moltaí á gcur chun cinn ag tíortha éagsúla eile maidir le hathchóiriú a dhéanamh ar an Aontas is ar na conarthaí a riarann é..

Is maith go bhfuil an Rialtas ag dul ar aghaidh le Fóram Iloileánda, in ainneoin diúltú an DUP aon bhaint a bheith acu leis. Ach caithfidh muid plean a oibriú amach maidir le cén ról a cheart a bheith againn san Aontas, agus cén ról a bheadh againn sna cainteanna idir an Bhreatain agus an tAontas.

Ach níl aon sonraí tugtha ag an Taoiseach, Enda Kenny, faoin bhFóram, rud a cháin uachtarán Shinn Féin Gerry Adams go láidir.

Ag an am céanna, tá tíortha éagsúla ag teacht le chéile ar fud an Aontais, ag iarraidh argóintí a chur chun cinn le maidir le hathchóiriú a dhéanamh ar an Aontas. Go deimhin, tá Nicolas Sarkozy, atá ag súil le bheith ina iarrthóir arís d’uachtaránacht na Fraince ag rá go molfaidh sé Bunreacht nua ar fad don Aontas ar mhaithe le ceangal leis an mBreatain a chinntiú.

Níl tuairim dá laghad ann, ámh, faoin bhfís atá ag an rialtas faoin athrú mór seo, ach amháin go mbíonn siad ag meigeallach go leamh go bhféachfaidh na boic mhóra i ndiaidh leas na hÉireann, mar, dar leis an Taoiseach, tuigeann Angela Merkel ábhar buartha na tíre seo.

Tá Sinn Féin ag cur brú ar an rialtas mar gheall ar vóta na Sé Chontae féin, ach cé go raibh móramh ansin ar son fanacht in Aontas na hEorpa, níl aon fhianaise ann go mba mhaith le cuid ar bith den phobal Aontachtach imeacht ón mBreatain ar mhaithe le fanacht san Eoraip.

Is é sin le rá nach bhfuil Sinn Féin, ach an oiread leis an rialtas, ag déileáil leis na hargóintí atá bun sa chuid eile den Eoraip maidir le cumhachtaí a thabhairt ar ais go dtí na ballstáit, tionchar an láir a laghdú agus an aidhm le hollstát a dhéanamh a chaitheamh ar leataobh.

Mar sin, más ag brionglóide atá an té a cheapann gur féidir leas a bhaint as an vóta seo le hathaontú na hÉireann a chur chun cinn, tá sé deacair a fheiceáil cén mhaith an fóram ar chor ar bith: níl aon aidhm aige, ach b’fhéidir éagaoin a dhéanamh in aghaidh na Breatimeachta nach mbeidh tionchar ar bith aige i Sasana féin.

Ní bhíonn tada le rá riamh ag Fianna Fáil faoin Tuaisceart mura cáineadh nó ionsaí ar Shinn Féin atá i gceist, agus ní bhíonn tada ar bith le rá ag Fine Gael faoi.

Is í fírinne an scéil nach féidir le dream ar bith féachaint i ndiaidh leas na hÉireann ach polaiteoirí na hÉireann. Bheadh sé i bhfad níos fearr plean aontaithe a chur le chéile idir an rialtas ó dheas agus an dá pháirtí atá sa bhFeidhmeannas ó thuaidh, Sinn Féin agus an DUP, agus, más féidir, teacht ar aontú freisin le páirtithe eile faoin athchóiriú atá ag teastáil.

I gcás Shinn Féin, deir siad go mbíonn siad cáinteach i gcónaí faoin Aontas, agus mar sin bheifeá ag ceapadh go mbeadh siadsan ag déanamh argóna ar son an athchóirithe bunaithe ar dhearcadh na heite clé.

Ar ndóigh, tá Sinn Féin ag caint le roinnt blianta faoi reifreann a reáchtáil faoin teorainn, ach ní bhfuair siad tacaíocht ar bith ó pháirtithe eile an stáit seo.

Ach dá gcuirfeadh siad brú ar an rialtas tacú le hathchóiriú a thabharfadh cumhachtaí ar ais do na ballstáit, bheadh seans níos láidre dul i mbun idirbheartaíochta leis na hAontachtaithe faoi Éire aontaithe.

Is cosúla lá i ndiaidh lae go mbeidh Breatimeacht chrua ann: ’sé sin, nach mbeidh bheith istigh ag an mBreatain sa mhargadh aonair agus go mbeidh siad níos scartha ón Aontas ná mar a ceapadh i dtús ama.

Sa gcás sin, beidh orainn bealach a aimsiú le go mbeidh muid in ann freastal ar an dá mhargadh – margadh na hEorpa agus margadh na Breataine. Tá leasú ar bhunreacht an Aontais riachtanach le go mbeadh an chumhacht againn é sin a dhéanamh.

B’fhiú don Fhóram é seo a phlé, ach mo léan níl a leithéid ar an gclár oibre toisc nach bhfuil fís ar bith ag an Rialtas, ná ag an bhfreasúra ach an oiread, is cosúil.

Is é ár n-aineolas féin a choinníonn sa bhfaopach seo muid.

Fág freagra ar 'Céard is fiú Fóram Breatimeachta gan athchóiriú an Aontais féin a phlé?'

  • Concubhar

    Is mó seans go gclisfudh Aontas na Breataine ná Aontas na hEorpa. Is cuimhin liom nuair a bhíodh Eoin ina chomhfhreagraí ar son Aontas na Soivéide is an Pháirtí Chumanach. Is léir go bhfuil Port éagsúil aige anois agus é ag brú chás Pháirtí Caomhach na Breataine agus Aonas na Breataine, beag bheann ar an mbaol don phroiseas síochána agus feidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta!

  • Eoin Ó Murchú

    Tá práinn nua ag baint leis seo ó d’fhógair Theresa May an data a gcuirfear tú le Breatimeacht.

  • Eoin Ó Murchú

    Seafóid ó Choncubhar, mo léan. Is leir, mar shampla, nach dtuigeann sé go raibh idir Páirtí Cumannach na hÉireann agus Páirtí Cumannach na Breataine i bhfábhar Breatimeachta. Ba chuma Páirtí Caomhach na Breataine ach amháin gur oscail said an geata. Céard a dhéanfaidh muide leis an ngeata, sin í an cheist.
    Ní bhaineann an scéal seo le próiseas na síochána ach an oiread, mar bhí an tAontas imeallach ar fad dó sin. Cibé airgead a thagann ón Aontas is féidir a fháil ó stáitchistí eile, mar cuireann Éirinn agus an Bhreatain araon níos mó airgid isteach ná mar a fhaigheann siad ar ais.
    Maidir leis an teorainn chrua, sé an tAontas a chruthódh a leithéid dá dtarlódh sé. Mar a dúirt Jeffrey Donaldson “The people we’ll need to convince are the EU.”