Céard is féidir le Vicky Phelan a rá leis an Taoiseach inniu?

I gcás an scannail ‘Anti-D’, throid an Stát ina n-aghaidh na mná a bhí thíos leis chomh fada agus a d’fhéadfaidís. An bhfuil aon cheacht foghlamtha acu?

Céard is féidir le Vicky Phelan a rá leis an Taoiseach inniu?

Céard is féidir le Vicky Phelan a rá leis an Taoiseach inniu le léargas a thabhairt ar an éagóir a airíonn mná a bheith déanta orthu sa gcaoi a láimhseáladh an tubaiste is déanaí i gcóras sláinte na tíre seo.

Tá ailse ar Vicky Phelan. Tá sé curtha in iúl di nach bhfuil aon leigheas ar an ailse sin. Tá sé deimhnithe go bhfuil bás anabaí i ndán di de bharr faillí agus siléig saotharlann a bhí fostaithe ag córas sláinte na tíre seo.

Níl sí léi féin. Tá na céadta bean eile ann a ndearnadh faillí ina gcúram. Tá eolas againn faoi chuid acu atá fós ag treabhadh leo. Tá cuid eile acu curtha básaithe. An brón agus an tubaiste chéanna a bhaineann le chuile chás acu.  Níl an chéad tuairisc féin faighte againn fós ón Dr. Gabriel Scally atá ceaptha le réamhfhiosrúchán a dhéanamh faoin scannal seo. I mí Mheán Fómhair atáthar ag súil lena thuarascáil anois.

Cuireadh moill ar an réamhfhiosrúchán seo cheana de bharr moill a bheith ar an athbhreithniú ar 3,000 tástáil de chuid CervicalCheck. Bhí an t-athbhreithniú sin le bheith críochnaithe faoi dheireadh mhí na Bealtaine. Ní raibh an t-athbhreithniú sin tosaithe fiú ag tús mhí Iúil.

Tá os cionn dhá chéad cás aitheanta ina ndearnadh botún agus ina raibh faillí i gceist. Go bhfios dúinn go dtí seo.

Tugadh le fios do Choiste na gCuntas Poiblí le gairid go bhfuil 35 cás dlí ar bun faoi láthair, go bhfuil socrú déanta i dtrí chás agus go bhfuil péire eile ar na bacáin.

Ina measc sin tá cás Ruth Morrisey ar chuala muid a scéal an tseachtain seo caite den chéad uair. Chuala muid achainí thruamhéalach a hiníne nach dteastaíonn uaithi a máthair a chailleadh. Sin tar éis don Taoiseach a rá gur trí eadráin a réiteofaí na cásanna seo feasta seachas trí chásanna cúirte.

Is cosúil go bhfuil deacracht leis na bpróiseas eadrána mar go bhfuil saotharlanna Mheiriceá  páirteach sna cásanna cúitimh. Cor eile sa scéal an chaoi go bhfuil a bhfaillí sin á láimhseáil ag an áisíneacht Stáit a láimhseálann éilimh ar chúiteamh.

Tá siadsan sáinnithe agus iad ag iarraidh cúiteamh a shocrú do na mná bochta seo agus a gcuid féin a fháil ar ais ó na saotharlanna a rinne na botúin. Nach iad an díol trua iad, go deimhin! Cén fáth nach féidir leo cás na mban a shocrú i dtosach? Cén fáth nach féidir leis an Rialtas ordú dóibh é sin a dhéanamh? Meabhraíonn an scéal seo ar fad scannal an ‘Anti-D’ dom. Cé mhéad bean ar milleadh a saol de dheasca an scannail sin agus nár tugadh aon chúnamh dóibh go ceann i bhfad?

A mhalairt a tharla. Throid an Stát ina n-aghaidh chomh fada agus a d’fhéadfaidís. Ar fhoghlaim an córas aon cheacht? Cén fáth go bhfuil an scéal ar fad fós i lámha dlíodóirí? Is údar náire sin, mura mbeadh tada ann ach an t-airgead ar fad atá á chaitheamh leis na costais dhlí seo ar fad.

Shílfeá ó chaint Leo Varadkar agus Simon Harris roinnt míonna ó shin go raibh ceacht foghlamtha ag an Stát. Ach an bhfuil siad sásta beart a dhéanamh de réir a mbriathar? Is dóigh gurb í sin an chéad cheist a bheidh ag Vicky Phelan agus í ag caint leis an Taoiseach inniu. Bean chróga mhisniúil í ar cheart di a bheith ag fáil aire i mbaclainn an Stáit seachas a bheith ag éileamh air an rud ceart a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Céard is féidir le Vicky Phelan a rá leis an Taoiseach inniu?'