Céard is féidir a dhéanamh le holann na gcloigne dubha?

Bhíodh scéal ann faoi fhear as ceantar na gcnoc i gConamara leathchéad bliain ó shin, a cheannaigh carr nua théis dó olann na bliana a bheith díolta aige. Tá an lá sin imithe…

Céard is féidir a dhéanamh le holann na gcloigne dubha?

Carr  glan nua as an bpíosa; ní drochthoradh a bhí ann as do chuid saothair.  Bhíodh scéal ann faoi fhear as ceantar na gcnoc i gConamara leathchéad bliain, agus tuilleadh ó shin, a cheannaigh carr nua théis dó olann na bliana a bheith díolta aige.

Is ar éigean go gceannódh sé luach dhá lá breosla le haghaidh an chairr inniu as a bhfaigheadh sé ar a chuid olla.

5 cent an kilo atá as olann na gcaoirigh cloigne dubha, sin iad caoirigh na gcnoc.  A chúig oiread sin atá dá thabhairt ar olann chaoirigh na dtailte bána – 25 cent, praghas atá fós an-íseal.  Ní cheannófar mórán carranna.

Táthar ag bearradh ar fud na tuaithe anois. Fágann na deiseanna nua go bhfuil go leor den anró bainte as an gcúram sin.  Lá mór, lá anróiteach a bhíodh ann sna blianta a caitheadh, cé go mbíodh an-tóir ag gasúir na tuaithe ar chruinniú na  gcaorach, obair na ngadhar agus stuaim an bhearrthóra leis an deimheas.

Ach bhí pionós ann scaití freisin.  Fanann pictiúir im m’intinn do chomharsa linn, Joe Dudley Seoige agus an fhuil ag sceitheadh as a ghéaga suas go dtí a dhá uillinn lá brothallach samhraidh agus é ag bearradh sa ngairdín.  Creabhair  an tsamhraidh a bhí ag fiach air agus gan triail ag an bhfear bocht le lasc boise a bhualadh orthu.

Lá mór ag na creabhair.

Níl mórán fanta mar a bhí sé an uair sin ach go bhfuil an ghoimh chomh géar céanna sna creabhair fós.  In imeacht na mblianta laghdaigh praghas olla thar cuimse.  “Ta sé chomh maith dhuit a rá nach fiú tada olann Chonamara anois,” a deir fear sa gcomhlacht olla, Connacht Wool.  “Ní hé amháin go mbeidh olann na bliana seo seo as Conamara ina carnán mór anseo ach tá ollan againn as an taobh sin tíre carntha le cúpla bliain.”

Bhí a leagan féin ag Aindí Ó Ceallaigh ar an gcineál seo olla sna véarsaí a scríobh sé san amhrán ‘Pluid Dhorcha Leára’:

Ollan gan bealadh, is deacair í a scalladh,

Ní féidir í a shníomh ná a chardáil,

Dhá bhfaighinnse braon fuisce a thógfadh mo mhisneach,

Is deas a déarfainn ‘Pluid dhorcha Leára.’

Ní raibh aon bheann, ar ndóigh, ag na glúnta i bhfad siar ar ghairbhe na holla mar ábhar pluide agus éadaigh.  Ach, le himeacht na haimsire, agus gnásanna nua sóisialta, mhéadaigh míneadas an chnis agus chuathas i dtreo éadaí níos míne.

Ar chairpéid agus ábhar eile clúdaithe urláir ba mhó a bhaintí úsáid as olann na gcloigne dubha le fada an lá ach tá athruithe ar an tionscal sin freisin agus níos lú éilimh as na hearraí sin.  Anois tá olann chaoirigh na gcnoc ina carnán ar bheagán úsáide thoir i dTuaim.

Céard is féidir a dhéanamh le holann na gcloigne dubha?  Tá teoiricí go leor ann.

Creideann John Staunton, saineolaí talmhaíochta as an gCoill Mhór, go dteastaíonn iarracht as an nua a thabharfadh luach ceart d’fheilméaraí sléibhe as a gcuid olla, agus a gcuid saothair.  Creideann sé go bhféadfaí go leor leasa a bhaint as an olann seo mar ábhar teolaithe ar lochtaí, ar shíleáil, agus mar chosaint in aghaidh fuaraíocht idir ballaí tithe.  Moltaí iad seo a mbeadh suim ag Comhairle Olann na hÉireann – a bunaíodh in 2023 – iontu.

Idir an dá linn, bhí iarracht ar intinn ag Fóram Chonamara a d’fhágadh, dá n-oibreodh sé, go mbainfí leis as an olann san mbeartas timpeallachta a bhaineann le uisce agus fliuchán a choinneáil sna portaigh.

Ach thaispeáin tástáil go raibh 53 ceimiceán in olann a bearradh de chaoirigh i gConamara le blianta beaga anuas. Rinneadh na scrúduithe seo i saotharlann atá ar ardchaighdeán eolaíochta sa mBreatain.  Bhí lorg tobac ar cheann de na ceimiceáin a fuarthas san olann agus ceaptar gur tháinig sé sin ó mhéaracha dhuine éicint a bhí ag caitheamh!  Ní ghlacfaí leis an olann mar dheis coiscthe uisce portaigh de bharr a raibh de thruailliú inti.

Níl deatach gan tine a deirtear; taispeánann na torthaí seo nach ionann teoiric agus talamh slán a dhéanamh d’olann chaoirigh na gcloigne dubha.

Fág freagra ar 'Céard is féidir a dhéanamh le holann na gcloigne dubha?'

  • Gearóid Ó Fathaigh

    Ba cheart na caoirigh a dhíothú de na sléibhte – thiocfadh athrú ó bhonn ar an tírdhreach dá ndéanfaí amhlaidh.