Céard is brí le Britishness agus Éire Aontaithe le cruthú?

Más Éire Nua atá uainn caithfear a chinntiú gur pobal aontaithe i stát aontaithe a bheidh inti

Céard is brí le Britishness agus Éire Aontaithe le cruthú?

Cé go n-aithnítear nach bhfuil aon cheart ag an bpobal Protastúnach ó thuaidh stop a chur le hathaontú na hÉireann nuair a bheidh móramh ar a shon sin sna Sé Chontae, glactar go forleathan leis ag an am céanna go mbeadh athaontú níos sásúla, níos fiúntaí agus níos síochánta againn dá bhféadfaí an pobal sin a chur ar a gcompord maidir leis an Éire Nua atá ag teacht.

Ach céard a chuirfidh ar a gcompord iad?

Tá a lán cainte ann, go háirithe ag urlabhraithe bhunaíocht an stáit ó dheas, nach foláir aitheantas a thabhairt don ‘Britishness’ (an Briotanachas) nó do ‘British identity’ (féiniúlacht Bhriotanach) an phobail Phrotastúnaigh. (Tá na focail sin fágtha i mBéarla agam mar táim amhrasach faoin mbrí a bhaineann leo, agus mar sin cén Ghaeilge atá le cur orthu.)

An náisiún iad na British? Nó an focal é a bhaineann le haontacht trí náisiún, nó ceithre cinn nó trí cinn go leith, sa Ríocht Aontaithe?

Ar bhealach scaoil Rishi Sunak, Príomh-Aire na Breataine, an scéal nuair a dúirt sé nach raibh i gceist i ndáiríre leis an bhfocal British ach leagan eile “ar English”. Is léir nach bhfuil cothromas ann sa Ríocht Aontaithe idir na Sasanaigh, na hAlbanaigh, na Breatnaigh agus na hÉireannaigh Phrotastúnacha sa Tuaisceart. Is fo-náisiúin idir na trí cinn dheireanacha sin do cheannaireacht na Sasanach.

Rud polaitiúil seachas rud náisiúnta atá sa Ríocht sin ar aon chuma. Agus socrú polaitiúil a thugann tús áite do leas Shasana.

Ar ndóigh dhearbhaigh formhór mhuintir na hÉireann nár theastaigh uainn a bheith sa Ríocht sin, agus tá an chosúlacht air go bhfuil móramh beag in Albain freisin atá ar son neamhspleáchas ón Ríocht – agus móramh go deimhin i gcoinne na monarcachta.

Sa mBreatain Bheag tá tábhacht faoi leith ag baint leis an teanga, agus faoi láthair tá an chuma ann gur leor na cearta teanga atá bainte amach.

Ach i dTuaisceart na hÉireann?

Gan dabht is pobal faoi leith iad an pobal Protastúnach. Ach gan dabht freisin baineann siad le hÉirinn: ní le hAlbain ná le Sasana fiú má bhí a gcuid préamhacha sna tíortha sin san seachtú céad déag.

Teastaíonn ón bpobal sin nach ndéanfaí an éagóir chéanna orthu is a rinneadh ar na náisiúnaithe ó thuaidh. Teastaíonn uathu go mbeadh meas orthu mar phobal, ar a bpréamhacha stairiúla. Agus teastaíonn uathu nach mbeadh siadsan, Protastúnaigh, sa dara háit taobh thiar den Chaitlicigh.

Ar ndóigh, cibé bagairt a bhí sa gCaitliceachas tráth do stádas an phobail Phrotastúnaigh tá sé imithe anois, agus bíonn an Eaglais Chaitliceach á cáineadh go borb is go rialta, ó dheas go háirithe.

Maidir leis an Britishness, bunaíocht an stáit ó dheas is mó a labhraíonn faoi. Is iad a deir nach foláir dúinn dul ar ais faoi sciath Shasana sa gComhlathas Briotanach, ómós airithe a thabhairt do Theaghlach Ríoga Shasana, agus don oidhreacht impiriúlach a bhí ag Sasana is atá go láidir ann fós.

Ach má chreid – is má chreideann i gcónaí – an pobal Protastúnach go bhfuil an ceangal le Sasana riachtanach chun a gcuid cearta mar phobal a chosaint, tá dul amú orthu. Mar níl tada sa traidisiún impiriúlach Sasanach a thuilleann moladh. Uafáis, gortaí, an sclábhaíocht, an scrios, an creachadh, an t-éigniú, an cinedhíothú – sin í stair Impireacht Shasana.

Ach tá stair inmholta ag Protastúnaigh na hÉireann. Nach iadsan a dhiúltaigh an chéad uair d’údarás rí, nuair a phlab siad geataí Dhoire i gcoinne Shéamuis a’ Chaca? Nach iad a thug prionsabail an Phoblachtánachais isteach sa tír leis na hÉireannaigh Aontaithe? Is nach ar na prionsabail sin, prionsabail an chothromais is an chomhionannais cearta a chuirfí na Protastúnaigh ar a suaimhneas san Éirinn Nua?

An le teaghlach Ríoga nó Impireacht Shasana a shainmhínítear an pobal Protastúnach nó le prionsabail na saoirse agus an daonlathais is cearta an duine?

Tá sé léirithe ag pobalbhreitheanna ó dheas go bhfuil móramh sa chuid sin den tír bródúil as an troid le haghaidh na saoirse, is nach bhfeiceann siad gur chóir ár mbratach (glas agus buí aontaithe le chéile faoi shíocháin an bháin) ná ár n-amhrán náisiúnta (a mholann na Fianna a chruthaigh saoirse na tíre) a chaitheamh ar leataobh.

Ag deireadh thiar, is í an fhíordhíospóireacht atá le déanamh faoi athaontú na hÉireann ná cén chaoi le spás a chruthú don phobal Protastúnach i bpolaitíocht na tíre, ní mar cúigiú colún ach mar chuid de náisiún neamhspleách mbeidh siad bródúil as.

Agus, níos tábhachtaí fós, an leanfaidh Éire Nua le seanchóras an rachmais nó an dtabharfaimid tús áite do leas coiteann an phobail. Dúinn uile –  Caitlicigh, Protastúnaigh, Aindiagaithe, lucht an Bhéarla is lucht na Gaeilge –  pobal aontaithe i stát aontaithe.

Fág freagra ar 'Céard is brí le Britishness agus Éire Aontaithe le cruthú?'

  • JP

    Athrú amháin in Amhrán na bhFiann:
    …’Laochra Fáil’ a chur in áit ‘Fianna Fáil’ ?

  • Criostóir Ó Maonaigh, An Astráil

    Ná déanimís dearmad go raibh muintir Albanaigh-Éireann i lár an aonaigh i Réabhlóid Meiriceá i 1776 nuair a throideadar in agaidh forsaí Rí Shasana ar son neamhspleáchais. Cuireadh saoirse chreidimh i mBunreacht na Stát Aontaithe ach is léir ó chomhacht reiligiúin i Meiriceá sa lá atá inniu ann nach raibh bacanna ar reiligiún i gcúrsaí Stáit san doiciméad sin láidir a dhóthain. Mar sin ‘sé an cheist is mó atá le fhreagairt ag muintir na hÉireann i dtaobh ath-aontú na tire ná conas ab fhéidir Bunreacht nua a chur le chéile chun cearta gach reiligiún a chosaint chun é a chleachtadh go príomháideach ach a bheith deimhneach de nach mbeadh sé ar cumas an pharlaimint nua dlí a dhéanamh a gcuirfeadh cumhacht nó airgead an Stáit fé réir Eaglaise nó creidimh ar bith. Nach bhfuil eiseamláir le fáil d’Éire i dtíortha mar An Isiltir, An Bheilg, An Eilbhéis agus cuid eile acu san EA ina maireann míonlach bunaithe ar theanga nó ar chreideamh?

  • Paul Laughlin

    Cad chuige a gcuireann tú an lipéad ‘náisiúnaithe’ ar na hÉireannaigh ó thuaidh? Is saoránaigh muid chan náisiúnaithe. Baineann an lipéad sin le críochdheighilt! Tá sé thar am droim láimhe a thabhairt leis.

  • Billing(s)/Billie -- DónallMór

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    Arís eile
    agus an phort céanna ó na beanna (Na Túir Pholaitúla Sreangacha)
    i gCarcair Phort Laoise

    Bliain úr mhaith daoibh uilig
    agus Athaontú na Tíre faoi shéan is faoi mhaise daoibh

    Ag dul i dtreo Éire Aontaithe a bheas muid agus :——

    Chomh cinnte is atá cros ar asal agus táim cinnte go bhfuil, tiocfaidh plé, díospóireacht agus poblailbhreith faoin teoireann le toradh déarfa a fháil réidh le críochdheighilt.

    Ansin an bealach fada/nó gairid go ceann scríbé na bPoblachtach, ‘Éire Aontaithe’ agus muid mar Poblachtaigh ag dúil le Éire Shoisialach, Ghaelach, Neamh-eaglasta, Neamhsheicteach mar mhúnla don Tír Aontaithe Nua seo.

    Ach baineann dhá fhadhb leis an fhís seo.

    An mbeidh Caitlicigh/Náisiúnaigh( cuid acu), aontaithe faoin idé-eolaíocht phoblachtach nó an mbeidh siad ró-chleachtadh leis an Saol Caipitileach Anglo-Mhéiriceánach agus an Béarla ag teoiriú an tSochaí leis an nasc Breatanach.

    Bhuel, caidé faoin darna fadhb ag dul i dtreo na Tíre Aontaithe seo, na hAontachtóirí nó Protasúnaigh(cuid mhór acu) . Muna mbeidh siadsan sásta d’fhéadfaí an darna cogadh cathartha a bheith ar siúl.

    Scor ar bith beidh na Sasanaigh sáite ina bhfadhbanna féin le boilsciú gurbh fhearr leo fáil réidh leis an fhadhb a chruthaigh siadsan sa chéad dul siós ( cé nár adhmaigh siad sin in am ar bith ). Ba lucht déanta na síochána iad i gcónaí mar an gcéanna leis an Saorstát, dar leo.

    Leis an scéal a dhéanamh gairid agus ní scéal gairid é. Ní mór dúinn a thoiseacht á dhéanamh ag cruthú an ‘Éire Nua’ casta seo.

    (tuilleadh le teacht amach anseo)

    Is mise le dóchas mór agus ceol binn ó na beanna/( ó na Túir)
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    An Ghaeltacht/Jailteacht,
    Príosún Phort Laoise
    Ardán 1
    Bloc E
    Éire

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************

  • Páid Ó Donnchú

    ”An náisiún iad na British?”

    Scríobh Des Fennell

    “I wish I lived in a normal nation, and by that I mean a nation that is doing its own thing, its own way. England is a country which has always done its own thing its own way. I’d like to live in a country like that. A normal nation is autonomous, indepen­dent, in charge of its own affairs, thinking its own thoughts, not depending on others to answer its life’s problems.”

    An náisiún iad na hIrish?