Céard faoin spéir a chuaigh mícheart san Ísiltír?

Drochiontaoibh as na húdaráis atá á cothú ag an eite fhíordheis taobh thiar de na círéibeacha frithreachtaíochta Covid-19 a tharla san Ísiltír le seachtain anuas

Céard faoin spéir a chuaigh mícheart san Ísiltír?

Agus os cionn 20,000 cás nua á dtuairisciú gach lá le breis agus seachtain anuas, arís eile tá an Ísiltír i measc na dtíortha is ‘deirge’ ar léarscáil Covid-19 na hEorpa.

Agus den dara huair i mbliana, tá círéibeacha frithshrianta agus frithvacsaínithe nach bhfacthas a leithéid i mórán tíortha eile tar éis creathadh a bhaint as an tsochaí.

Tá fearg orthu siúd a bhí i mbun na gcíréibeacha a tharla le seachtain anuas ní hamháin toisc go bhfuil dianghlasáil (theoranta) i bhfeidhm sa tír arís, ach toisc go bhfuil reachtaíocht ‘2G’ á dréachtú ag an rialtas. Faoin reachtaíocht sin, éileofar cruthúnas vacsaínithe feasta ag imeachtaí, in ionaid aclaíochta, i bpictiúrlanna agus araile, agus i siopaí neamhriachtanacha – sin, nó teastas dochtúra a chruthódh go bhfuil duine tar éis teacht chuige féin ón Covid-19 le deireanas. Ní dhéanfaidh tástáil Covid-19 cúis feasta faoin reachtaíocht nua.

Dé hAoine seo a chuaigh thart, b’éigean do na póilíní fíor-urchair a scaoileadh le léirseoirí i gcathair Rotterdam nuair a bhí an chuma ar chúrsaí go raibh agóid i lár na cathrach ag dul ó smacht ar fad.

Dé Sathairn, san Háig, chaith léirseoir cloch trí ghaothscáth otharchairr a raibh othar á iompar ann.

Ach ní sna mórchathracha amháin a chuaigh daoine a thugann ‘trodaithe ar son na saoirse’ orthu féin amach ar na sráideanna. Díol suntais ab ea an méid achrainn agus scliúchais a tharla i mbailte beaga tuaithe ar nós Urk, i lár na tíre, agus Stein, san fhíordheisceart.

Céard faoin spéir a chuaigh mícheart?

Baineann cuid den fhreagra le meon mhuintir na hÍsiltíre: dream ceanndána iad.

Más eisceacht a bhí san Ísiltír ar go leor bealaí ó thaobh na srianta Covid-19 de (dianghlasáil róbhog curtha i bhfeidhm rómhall agus deireadh curtha léi róluath; amhras ar na húdaráis féin faoi éifeacht an chlúdaigh aghaidhe) bhí cúis leis sin: ceapann muintir na hÍsiltíre – idir pholaiteoirí, údaráis shláinte agus an pobal féin – gur eisceachtaí iad. Ó thús na paindéime i leith, measann idir pholaiteoirí agus an pobal i gcoitinne nach gá dóibh glacadh le comhairle ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte scun scan (gan trácht ar fhoghlaim ó eispéireas thíortha san Áise) agus go mbeadh a gcur chuige féin níos fearr, díreach de bharr gurbh iad féin a tháinig aníos leis.

Ar an drochuair, ní dhéanann an coróinvíreas eisceachtaí.

Ach níl ansin ach cuid den fhreagra. Díol suntais is ea nach bhfuair ach 86 faoin gcéad de mhuintir na hÍsiltíre vacsaín go dtí seo; céatadán atá íseal go leor i gcomparáid le cuid mhaith tíortha eile in iarthar na hEorpa agus ní easpa vacsaíní is cúis leis. Díol suntais freisin nach bhfuil mórán idir an céatadán den daonra nach bhfuair vacsaín (14 faoin gcéad) agus an céatadán de na vótóirí a thug vóta do cheann de pháirtithe na heite fíordheise san olltoghchán deireanach, i mí an Mhárta (18 faoin gcéad). Maíonn ceann de na páirtithe sin, FvD (‘Fóram ar son an Daonlathais’) go neamhbhalbh nach bhfuil sa phaindéim ar fad ach comhcheilg.

Amhras faoin rialtas, faoi na húdaráis sláinte agus faoi na meáin sheanbhunaithe – agus fuath dóibh a chothaítear go tréan ar na meáin shóisialta – atá taobh thiar de na círéibeacha a tharla le seachtain anuas dáiríre.

Maidir leis an amhras sin, is cinnte nach aon chabhair é go bhfuil rialtas sealadach fós i gcumhacht ocht mí tar éis an olltoghcháin, agus é ag teip ar Mark Rutte, atá ina phríomh-aire ó 2010 i leith, comhrialtas nua a bhunú a thabharfadh tacaíocht dó.

Fág freagra ar 'Céard faoin spéir a chuaigh mícheart san Ísiltír?'

  • Lorcán

    Cén saghas seafóid fritheolaíochta atá i mbun agaibh sa phíosa tuairimíochta seo:

    “Díol suntais freisin nach bhfuil mórán idir an céatadán den daonra nach bhfuair vacsaín (14 faoin gcéad) agus an céatadán de na vótóirí a thug vóta do cheann de pháirtithe na heite fíordheise san olltoghchán deireanach, i mí an Mhárta (18 faoin gcéad). Maíonn ceann de na páirtithe sin, FvD (‘Fóram ar son an Daonlathais’) go neamhbhalbh nach bhfuil sa phaindéim ar fad ach comhcheilg.”

    Nach cuma go mbeidh na huimhreacha sin comhchosúil lena chéile – ní hionann sin agus gaol eatarthu…

    AGUS is mór an difríocht idir 14% de 17 Milliún agus 18% de…

    Ar deireadh léamh na hailt seo, níl rud ar bith foghlamtha seachas b’fhéidir claon an údair Alex Hijmans. Níl rian d’fhianaise san alt seo chun tacú leis an tuairim.

    Tuairimíocht gan fianaise, sin tuairim gan mhaith…

  • Léitheoir

    Tá go leor ama caite agam san Ísiltír agus níor chuir na círéibeacha aon iontas orm ar bhealach. Cé gur breá liom an tír agus a liobrálaí agus a oscailte atá sí, tá sotal áirithe ag baint leis na daoine ann nach bhfaightear i dtíortha eile (seachas i Meiriceá b’fhéidir). Is minic a cheapann siad go bhfuil a fhios acu níos fearr ná dreamanna eile agus cé gur fíor é sin go minic ní fíor i gcónaí é!